Barr Smaise le… Caitlín Nic Aoidh

Is í Caitlín Nic Aoidh, láithreoir le TG4, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Caitlin Nic Aoidh

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

… Simplí ach le casadh beag maisiúil.

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Is aoibhinn liom an stíl atá ag Olivia Palmero agus Tommy Bowe.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Tá seál olla breacán (tartan) agam atá níos sine ná mé féin. Bhí sé ag mo mham. Is dócha go bhfuil sé thart ar scór go leith bliain.

Penneys, Brown Thomas nó….

Caithim barraíocht ama sna siopaí uilig ach is fearr liom Topshop agus TKMaxx.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

… bróga le Christian Louboutin.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

(a)  Mascara L’Oreal (Double extension beauty tubes), (b) Ola Clarins (Blue Orchid Face treatment Oil) agus (c) Clean & Clear (Deep cleansing lotion).

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

… bróga reatha ar eagla go mbeadh orm éalú go gasta!

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

… seaicéad railí nó buataisí gainimh (sandboots). Rithfinn chom tiubh géar gasta ’s a thiocfadh liom.

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

… is maith liom na hirisí Éireannacha mar Umag agus VIP.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Uair amháin chaith mé sarong i mullach péire jíons chuig an dioscó i lár an gheimhridh! Mhol mo dheirfiúr dom gan é sin a chur orm ach níor éist mé léi! Go sábhála Dia sinn, shíl mé go raibh mé galánta amach is amach! Bíonn mo chairde ag déanamh ábhair magaidh fúm faoi go fóill, déarfainn go raibh siad náirithe agam!

Fág freagra ar 'Barr Smaise le… Caitlín Nic Aoidh'