Baol ‘tromchúiseach’ maidir le poist agus íoc tuarastal in earnáil na Gaeilge – Foras na Gaeilge

Maítear nach mbeidh ar chumas eagraíochtaí tuarastal a íoc mura dtiocfar ar réiteach roimh dheireadh na míosa seo chugainn ar an “moill as cuimse” ar fhaomhadh phleananna an Fhorais

Baol ‘tromchúiseach’ maidir le poist agus íoc tuarastal in earnáil na Gaeilge – Foras na Gaeilge

Tá an baol ann nach mbeidh ar chumas Fhoras na Gaeilge tuarastal a íoc lena bhfoireann féin ná le heagraíochtaí teanga eile, mura dtiocfar ar réiteach roimh dheireadh na míosa seo chugainn ar an “moill as cuimse” ar fhaomhadh pleananna an fhorais trasteorann.

I ráiteas a d’eisigh an Foras tráthnóna, dúradh gur údar “imní” dóibh an mhoill “as cuimse” ar fhaomhadh plean gnó agus plean corparáideach na heagraíochta do na blianta atá amach romhainn.

Dúradh go raibh an imní sin curtha in iúl acu do na ranna airgeadais ó thuaidh agus ó dheas agus do na ranna urraíochta ar an dá thaobh den teorainn, Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Pobal.

Ag tagairt don mhoill le “treoir maidir le hullmhú” Phlean Gnó 2017 agus Phlean Corparáideach 2017-19 na heagraíochta, dúirt Cathaoirleach Feidhmeach Fhoras na Gaeilge, Marcas Mac Ruairí, go bhféadfadh “riosca tromchúiseach a bheith ann maidir le poist in earnáil na Gaeilge” dá bharr.

“I mblianta eile bhíodh an treoir geallta le bheith ag teacht ó na Ranna Airgeadais trí na Ranna Urraíochta faoi dheireadh mhí Lúnasa (cé nár cloíodh leis sin i gcónaí ach oiread).

“Ar ndóigh, táimid i mí na Samhna 2016 anois agus gan aon radharc ar an treoir nó aon eolas ábhartha eile, agus is i mí Eanáir 2017 atá tús le cur le feidhmiú an dá phlean. Mura bhfaomhtar na pleananna seo roimh an 31 Nollaig 2016, tá baol soiléir ann don bhuiséad mar a léiríonn an plé a bhí sa Tionól ó thuaidh cheana faoin cheist.

“D’fhéadfadh riosca tromchúiseach a bheith ann maidir le poist in earnáil na Gaeilge dá bharr seo. Go dtí go n-aontófar buiséad agus Plean Gnó 2017, ní bheidh sé de chumas ag Foras na Gaeilge tuarastal a íoc,” a dúirt Mac Ruairí.

Deirtear gurb iad na dreamanna a d’fhéadfadh a bheith thíos leis an moill ar fhaomhadh phleananna an Fhorais ná, foireann na heagraíochta féin, foireann na sé cheanneagraíocht agus fostaithe scéimeanna áirithe de chuid an Fhorais, ina measc an Scéim Pobal Gaeilge, Scéim na gComplachtaí Drámaíochta, Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na nImeachtaí Óige.

Fág freagra ar 'Baol ‘tromchúiseach’ maidir le poist agus íoc tuarastal in earnáil na Gaeilge – Foras na Gaeilge'