Baol stailce agus vóta caite ag píolótaí Ryanair ar son gníomhaíochta

Vótáil móramh mór de phíolótaí de chuid Ryanair in Éirinn ar son gníomhaíocht thionsclaíoch a chur ar bun

Baol stailce agus vóta caite ag píolótaí Ryanair ar son gníomhaíochta

D’fhéadfadh go rachaidh píolótaí de chuid Ryanair in Éirinn ar stailc roimh dheireadh na míosa, rud a chuirfeadh isteach go mór ar eitiltí anseo.

Vótáil móramh mór de phíolótaí de chuid Ryanair in Éirinn ar son gníomhaíocht thionsclaíoch a chur ar bun.

Thacaigh 94% de bhaill Chumann Píolótaí Aerlínte Éireann, IALPA, a vótáil ar son rún a fhágann go bhféadfadh go rachadh na píolótaí ar stailc níos déanaí an mhí seo.

Tá stailc beartaithe cheana féin ag píolótaí sa Bhreatain agus ag foireann chábáin sa Phortaingéil a bhfuil a n-éilimh féin á ndéanamh ar an gcomhlacht acu.

Tá sé i gceist ag baill an British Airline Pilots Association dul ar stailc ar feadh 48 uair an chloig ar an 22 Lúnasa agus tá stailc eile 72 uair an chloig beartaithe acu don 2 Meán Fómhair.

Craobh é IALPA den cheardchumann Fórsa, a thug le fios inniu go mbeifí ag scríobh chuig lucht bainistíochta Ryanair i dtús na seachtaine seo chugainn faoi phlean na bpíolótaí.

Cuirfear in iúl don chomhlacht go gcuirfear gníomhaíocht thionsclaíoch ar bun mura nglactar faoin Luan le moltaí an cheardchumann ó thaobh cúrsaí pá.

Maíonn an ceardchumann go bhfuil an aerlíne go maith as agus go mbeidís in acmhainn dá réir ardú pá ‘cothrom’ a thabhairt do na píolótaí.

Chaithfí fógra seachtaine a thabhairt don chomhlacht dá socrófaí gníomh tionsclaíoch a thionscnamh.

Is baill de IALPA 180 duine de phíolótaí Ryanair in Éirinn.

Dúirt IALPA gur léirigh toradh an vóta “díomá” agus “frustrachas” na mball faoin easpa dul chun cinn atá déanta sna cainteanna atá ar bun acu leis an gcomhlacht faoi chúrsaí pá.

Fág freagra ar 'Baol stailce agus vóta caite ag píolótaí Ryanair ar son gníomhaíochta'