Bancbhriseadh: galar, leigheas, agus galar eile

Níl réiteach éifeachtach ar mhór-fhiacha pearsanta curtha i bhfeidhm fós ag an rialtas. Ach tá olltoghchán rompu, agus brú sa bhreis orthu an fhadhb a réiteach

EURO

Má bhíonn géarchéim airgeadais ag bagairt ar bhanc nó ar chomhlacht mór, tagann an stát i gcabhair air de ghnáth. Ach má bhíonn gnáthdhuine nó comhlacht beag i gcruachás airgeadais, ní cabhair ach fuar-rialacha an mhargaidh a chuirtear i bhfeidhm.

Níl ach cosaint mhorálta amháin, sílim, ar an gcontrárthacht seo. Is é sin, gur mó an dochar a dhéanfaí i dtír, abair, dá gclisfeadh ar bhanc mór, agus nach bhfuil aon rogha dháiríre mar sin ag rialtas ach tacú le banc atá i dtrioblóid. Ní h-ionann, faraor, an phráinn i gcás daoine aonair nó comhlachtaí beaga – práinn ar léir do chách a drochthionchar ar an tír.

Tá dea-scéala agus drochscéala á mheá faoi láthair ag an rialtas maidir le riaráistí ar iasachtaí a fuair ceannaitheoirí tithe.

An deascéala – Tá líon na n-úinéirí tithe atá chun deiridh le h-aisíoc ar a morgáistí  (87,800 faoi láthair) ag laghdú de réir a chéile.  Tháinig laghdú 6.4 faoin gcéad ar an bhfigiúr iomlán sa tréimhse trí mhí dar chríoch 31 Nollaig, agus laghdú 1.8 faoin gcéad anuas air sin i mí Eanáir.

An drochscéala – Tá méadú ag teacht ar fho-roinn thábhachtach sna figiúirí sin, is é sin líon na ndaoine atá chun deiridh ar aisíoc ar feadh dhá bhliain ar a laghad. Thart ar 36,000 duine atá i gcruachás dá leithéid, agus fiacha €8.2bn orthu.

Níor éirigh le plean réitigh ar bith dar cuireadh i bhfeidhm go dtí seo cabhrú le daoine atá i sáinn lena n-iasachtaí teacht as, nó fiú a líon a laghdú. Tá praghsanna tithe ag ardú sa chuid is mó den tír, agus toil na mbanc tithe a athghabháil agus a dhíol ag dul i dtreise dá réir. Agus ar ndóigh tá olltoghchán ag teannadh linn faoi cheann 12 mhí.

Bhí thart ar 7,000 ordú athghabhála á lorg sna cúirteanna ag na bainc i dtús mhí Eanáir, agus glactar leis go forleathan go rachaidh líon na n-iarratas athghabhála i méid arís sar i bhfad. Fiú má fhagtar imní, croíbhriseadh teaghlaigh agus agóidí as an áireamh, is léir fadhb eile don rialtas. Ní bheidh an stát ábalta dídean a thairiscint do 7,000 teaghlach, nó níos mó, má chuirtear amach as a dtithe cónaithe iad.

Dúirt Michael Noonan le gairid nach bhfuil cur chuige an rialtais maidir le fiacha ar mhorgaistí bunaithe ar theaghlaigh a bheith á gcur amach as a dtithe cónaithe. Thug sé fios freisin go bhfuil athraithe áirithe ar an gcóras dócmhainneachta á mbreithniú aige.

Tá leigheas díreach simplí ar ghalar na bhfiacha molta i mbille atá á dhreachtadh ag Willie Penrose mar bhille príobháideach. Dá mbeadh sé i bhfeidhm, cheadófaí bancbhriseadh tar éis bhliana, in ionad trí bliana. Dar leis go gcuirfeadh an ciorrú  ama seo brú ar na bainc teacht ar chomhréiteach réasúnta le daoine atá i bhfiacha.

Tá an bille á phlé ag an Teachta Penrose le Teachtaí Dála óna phairtí féin agus ó Fhine Gael, agus deir sé go bhfuil fonn ar mhórán é a chur i bhfeidhm. Má eisítear lear mór ordaithe athghabhála sn cúirteanna, faoi mar atá á thuar, beidh cóir ghaoithe ag bille an Teachta Penrose, agus fonn ar airí fiú amhain, tacaíocht a thabhairt dó.

Ní fhágtar ach fadhb bheag amháin i leataobh, agus plé á dhéanamh ar bheartais mar seo agus den uile chineál chun fadhb na bhfiacha a réiteach. Is dá bharr seo a chuirtear go leor beartas inmholta ar an méir fhada. Má chuirtear fiacha ar ceal, cé a bheas freagrach as na billiúin euro nach n-aisíocfar?

Níor chuala mé duine ar bith fós sa Bhanc Ceannais, i nDáil Éireann, sa Bhruiséil, ná i bhFrankfurt a dúirt: ‘ná bíodh aon imní ort, tabharfaimíd aire do na fiacha nach nglanfar.’

-Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Bancbhriseadh: galar, leigheas, agus galar eile'