Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) freagrach as reáchtáil na Scrúduithe Teastais Stáit. I measc na gcúraimí atá air, tá forbairt, measúnú, creidiúnú agus teastasú scrúduithe, lena n-áirítear scrúduithe na hArdteistiméireachta, na hArdteistiméireachta Feidhmí agus an Teastais Shóisearaigh.
Is í Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe (EAD) an rannóg ghairmiúil in CSS atá freagrach as dea-cháilíocht agus reáchtáil éifeachtach na scrúduithe uile de chuid an Choimisiúin a chinntiú. San áireamh ansin tá na bearta go léir atá riachtanach a dhéanamh chun cothroime sna caighdeáin i ngach ábhar ó bhliain go bliain a choinneáil, agus cinnte a dhéanamh de go mbíonn riachtanais agus nósanna imeachta an Choimisiúin á gcomhlíonadh. Ní mór a chinntiú freisin go gcuirtear an reachtaíocht ábhartha go léir san áireamh go hiomlán i réimsí amhail comhionannas, reachtaíocht in aghaidh leithcheala, riachtanais speisialta oideachais, etc. Tá an EAD freagrach freisin as taighde agus forbairt san eagraíocht.
Tá folúntas faoi láthair i gCoimisiún na Scrúduithe Stáit do Bhainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe sa Ghaeilge.
Beidh an t-iarrthóir rathúil ag tuairisciú do Cheannasaí Cúnta Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe agus beidh sé/sí freagrach as scrúduithe agus ábhar eile a bhaineann le scrúduithe a ullmhú chomh maith le bainistíocht a dhéanamh ar mharcáil scrúduithe agus ar an bpróiseas achomharc i dtaca le scrúduithe sannta.
Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir rathúil:
- Céim leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (céim onóracha grád 1 nó 2 ar a laghad) ina raibh an Ghaeilge mar phríomhábhar sa chéim dheiridh;
- Cáilíocht aitheanta san oideachas múinteoirí a bhaineann leis an oideachas iar‑bhunscoile (leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) agus a fuarthas go comhreathach nó go comhleanúnach;
- Cúig bliana ar a laghad de thaithí ábhartha iarchéime, agus ní mór go mbeadh trí bliana ar a laghad de thaithí shásúil mar mhúinteoir ag leibhéal na hiar-bhunscoile san áireamh ansin (d’fhéadfadh léachtóireacht, breis staidéir ábhartha agus / nó taighde oideachais a bheith i gceist le taithí ábhartha eile).
Dáta Deiridh: Déardaoin 29 Iúil 2021 ag 3i.n.
Táimid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus spreagtar iarratais ó iarrthóirí a thagann faoi réim na naoi bhforas de chuid an Achta um Chomhionannas Fostaíochta.
Le tuilleadh eolais agus sonraí maidir le hiarratas a dhéanamh a fháil, téigh go:
Fág freagra ar 'Bainisteoir Scúduithe agus Measúnaithe sa Ghaeilge á n-earcú ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit'