Bainisteoir le ceapadh ar Ionad nua na nImirceach i gCarna

Is é Méara Bhoston, Marty Walsh, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ar Ionad na nImirceach i gCarna an mhí seo

Bainisteoir le ceapadh ar Ionad nua na nImirceach i gCarna

Mairtín Ó Catháin, Cathaoirleach Choiste Ionad Chuimhneacháin na nImirceach lasmuigh den Ionad i gCarna i mí Iúil na bliana seo caite

Tá duine le ceapadh a dhéanfaidh bainistiú ar Ionad na nImirceach i gCarna, Conamara.

Tá an tIonad tógtha anois agus é le hoscailt go hoifigiúil ar an 12 Bealtaine.

Ionad caidrimh agus siamsaíochta a bheas ann do mhuintir na háite agus comhartha ómóis do na daoine a chuaigh ar imirce. Tabharfar eolas cuimsitheach ann ar stair na himirce.

Is é Méara Bhostúin, Marty Walsh, a dhéanfas an oscailt oifigiúil. Táthar ag súil le hos cionn dhá scór cuairteoir ar fad as Meiriceá i gcomhair na hócáide.

Beidh sé de dhualgas ar an duine a cheapfar sa bpost cúrsaí turasóireachta a chur chun cinn freisin agus mairfidh an ceapachán dhá bhliain.

Post é seo a bhfuil tacaíocht á fháil aige ó Údarás na Gaeltachta mar go mbeidh an té a cheapfar páirteach i ngréasán foghlama a bhaineann le tograí straitéiseacha turasóireachta ar fud na Gaeltachta ar fad.

Duine acmhainneach agus oibrí díograiseach atá ag teastáil, a deir lucht an Ionaid.

Níor mhór scileanna maithe ríomhaireachta agus eolas ar na meáin shóisialta a bheith ag an té a cheapfar. Theastódh Gaeilge mhaith agus ábaltacht ar ábhar poiblíochta a chur ar fáil agus ar phreasráitis a scríobh i nGaeilge agus i mBéarla.

Tabharfar aird faoi leith ar thaithí i gcúrsaí gnó nó pobail agus ar dhuine a bheadh solúbtha ó thaobh uaireanta oibre de.

€25,000 sa mbliain an tuarastal atá á thairiscint, sin agus costais atá le socrú. Tá tuilleadh eolais le fáil ó foram@eircom.net.

Fág freagra ar 'Bainisteoir le ceapadh ar Ionad nua na nImirceach i gCarna'