Baile beag a chuireann le traidisiún an chineáltais

Is iomaí sin duine a tháinig chuig baile na Rinne i mBaile Átha Cliath agus a chuir go mór le saibhreas agus stair na háite

Baile beag a chuireann le traidisiún an chineáltais

Tá fadhb farasbarr oifigí anois, deirtear, i gcathair Bhaile Átha Cliath. I gCeantar na nDugaí, áit a bhfuil Facebook, Airbnb, Google agus go leor eile, is mó a thabharfá faoi deara é sin.

Ceantar agus pobal seanbhunaithe atá sa Rinn i mBaile Átha Cliath 4, taobh le ceantar na nDugaí agus le Béal an Life. Cúis eile go raibh an baile seo sa nuacht le deireanas ná an dóiteán a tharla i lár an bhaile ansin i bhfoirgneamh a ceapadh (agus nach raibh fírinne ar bith sa scéal) go raibh teifigh le lóistín a fháil ann.

Gach seachtain téim thar an bhfoirgneamh dóite sin agus goilleann sé orm go bhféadfadh duine nó daoine tithe a lasadh mar sin i lár baile beag a bhfuil go leor daoine ag cur fúthu ann.

Bhí an-áthas orm a thabhairt faoi deara go raibh an siopa beag bláthanna, a osclaíodh tamall gearr ó shin, ach atá díreach béal dorais leis an bhfoirgneamh dóite, oscailte agus i mbun gnó arís.

Tá an Rinn neamhghnách mar bhaile i mBaile Átha Cliath. Mar a chéile atá sloinnte na dteaghlach ina gcónaí ann leis na blianta fada. Tá go leor acu ina gcónaí i mblocanna árasán, timpeall an bhaile.

Ina gcónaí gar dá chéile beidh daoine ar ioncam íseal in árasáin de chuid na Comhairle Cathrach, agus ansin feicfidh tú blocanna eile árasán ar fiú na gcéadta míle euro iad, timpeall ar Dhuga na Canálach Móire, gar go maith do na comhlachtaí móra nua.

Anseo is ansiúd i measc na sraitheanna tithe agus seansráideanna, tiocfaidh tú ar rian den stair a bhaineann leis an mbaile seo, An Rinn.

Ar an gcéad amharc is baile beag Caitliceach é – ar nós go leor eile cosúil leis ar fud na tíre. Tá séipéal Caitliceach ansin i lár an bhaile – an chéad rud, beagnach a thabharfas tú faoi deara ar do bhealach isteach ann.

Ach nuair a thosaigh mé ag léamh faoin mbaile agus an stair a bhain leis, fuair mé amach nach amhlaidh a bhí an scéal i gcónaí.

An rud a chuir tús le mo chuid fiosrachta ná mo chuairt ar thaispeántas ealaíne sa gcaifé beag atá faoi chúram Joe Donnelly agus a bhean Sharon – ‘Fair Play Café’.

Ní gnáthainm caifé atá ansin agus ní gnáthchaifé atá sa bhfoirgneamh.

‘The Ringsend Mission Hall’ atá scríofa ar leac taobh istigh den chaifé agus go deimhin, tá cuma sórt ‘eaglasta’ ar an taobh amuigh den fhoirgneamh.

Agus í ag glacadh buíochais le Joe, atá i mbun an chaifé, luaigh an t-ealaíontóir áitiúil Maggie Biggs,ar léi an taispeántas, an leac ar an mballa. Dúirt sí gur mhaith léi buíochas a ghlacadh freisin le beirt deirfiúracha a raibh baint acu leis an ‘Halla Misin’ i bhfad siar agus a chinntigh gur sa phobal a d’fhanfadh sé nuair a bheidís féin imithe ar shlí na fírinne.

Iníonacha leis an bhfear cáiliúil Victor Bewley, a bhunaigh a chaifé stairiúil féin i lár na cathrach, a bhí sa bheirt deirfiúracha. Bhunaigh siadsan club de chuid an ‘YMCA’ san áit i ndeireadh an 19ú céad.

Baill de Chumann na gCarad a bhí in muintir Bewley a raibh suim acu i gcúrsaí sóisialta – d’oibrigh siad go dian ar mhaithe le daoine a thógáil amach as an mbochtanas. Ag an am, bhí go leor eaglaisí Protastúnacha eile thart ar bhaile na Rinne – na Meitidistigh, lucht Eaglais na hÉireann, Preispitéirigh – tá cuid de na séipéil le feiceáil fós sa cheantar, ach na pobail sin imithe i léig.

Ceaptar go minic gur bhain na heaglaisí Protastúnacha leis an uasaicme ach ní mar sin a bhí i mbaile na Rinne. Séard a tharla go luath sna 1800idí ná gur tháinig slua mór iascairí agus a dteaghlaigh as Torbay in Devon Shasana chun leas a bhaint as an iascach, a raibh rath air i gCuan Bhaile Átha Cliath ag an am.

Sin é an fáth go bhfuil go leor sloinnte neamhghnácha sa gceantar sa lá inniu – muintir Pullen, Barr, Blackmore, Bowden, Payne, Sanders, agus go leor eile. D’fhéadfá a rá go bhfuil siad ar fad sáite i saol agus i gcomharsanacht an bhaile seo in aice an Chuain.

Iontaobhas a bhí ag reáchtáil an Halla Misin, ar threoir uacht na ndeirfiúracha Bewley, anuas go dtí deireadh an chéid seo caite. Faoin am sin bhí na baill éagsúla amach sna hochtóidí agus chinn siad an foirgneamh a thabhairt ar láimh do dhream éigin a mbeadh na haidhmeanna céanna acu is a bhí ag an dream a bhunaigh é – aire a thabhairt do pháistí, do dhaoine óga, do theaghlaigh agus mar sin de. Tháinig Joe Donnelly agus a bhean Sharon chucu.

Tithe cónaithe ar fad a bhí thart orthu ag an am – na sraitheanna de thithe beaga aon stóir, a thóg an Chomhairle Cathrach an chéad lá. Ní raibh na tionscail mhóra a bhí bainteach leis an gceantar ann níos mó. Bhí an t-iascach imithe le fada an lá. Ní déarfadh éinne go mbeadh slí bheatha le baint amach ag caifé i Halla Misin.

Ach bhí aidhmeanna ní ba leithne ná sin ag muintir Donnelly. Chinn siad ar chaifé a oscailt a mbeadh naíonra do ghasúir taobh leis, ionad garraíodóireachta séasúrach ann agus deiseanna eile do mhuintir an cheantair – díreach mar a bhí súil ag na deirfiúracha Bewley leis an chéad lá.

Ní hé go bhfuil an ‘Fair Play Café’ taobh le blocanna oifigí na gcomhlachtaí móra ‘teic’ – ach níl sé i bhfad uathu. Nuair a bhíonn daoine ag iarraidh bolgam caife agus rud le n-ithe, bíonn bia álainn, blasta, sláintiúil le fáil ó Joe agus Sharon.

Le tamall anuas, tá siad ag cur ballaí an chaifé ar fáil d’ealaíontóirí áitiúla agus ní ghearrann siad aon táille orthu, faoi mar a chaithfeas gailearaí tráchtála a dhéanamh.

Maggie Biggs

Ealaíontóir ar leith í Maggie Biggs a bhfuil an domhan mór siúlta aici. Ach úsáideann sí ceantar na Rinne, simléir an Phoill Bhig, Duga na Canálach Móire agus áiteacha aithnidiúla eile, mar ábhar ina cuid pictiúr. Sular thosaigh sí ag taisteal chaith sí tamall in Ionad Siopadóireachta i lár na cathrach, áit a raibh post aici mar bholscaire baile [town crier]. Uaidh sin thosaigh sí ag aisteoireacht, ag scríobh, ag péinteáil agus ag cur seó do pháistí ar siúl do dhaoine a bhí ag iarraidh a leithéid a bheith ag cóisir páistí.

Chaith sí na blianta ina cónaí in aice le Loch Como san Iodáil. ‘Loch Como,’ a dúirt mé féin. ‘Ar casadh George (Clooney) ort aon uair?’

‘Faoi dhó – ag cóisir do ghasúir,’ a d’fhreagair sí. ‘Agus Robert de Niro – agus go leor eile.’

D’imigh sí uaim chun labhairt le custaiméirí sa chaifé a bhí ag iarraidh pictiúr a cheannach. Ach sular chríochnaigh sí, bhí bronntanas le bronnadh ar an gcaifé, rud a fuair sí nuair a bhí sí ag obair i lár na cathrach – tráidire de chuid ‘Bewley’s Café’ agus mheabhraigh sé sin dúinne ar fad a bhí i láthair gur iomaí sin duine a tháinig chuig baile na Rinne agus gur chuireadar go mór le saibhreas na staire agus le traidisiún an chineáltais, atá le brath fós ann sa lá inniu.

Fág freagra ar 'Baile beag a chuireann le traidisiún an chineáltais'