Bailchríoch á cur ar leasú reachtaíochta a chosnódh ceart Gaelscoileanna maidir le polasaí iontrála

Tá leasú reachtaíochta a bhaineann le polasaí iontrála Gaelscoileanna á phlé faoi láthair ag oifigigh na Roinne leis an Ard-Aighne

Bailchríoch á cur ar leasú reachtaíochta a chosnódh ceart Gaelscoileanna maidir le polasaí iontrála

Tá bailchríoch á cur faoi láthair ar leasú reachtaíochta a chosnódh ceart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais.

Thug urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le fios do Tuairisc.ie go raibh leasú ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, leasú a bhaineann le Gaelscoileanna, á phlé faoi láthair ag oifigigh na Roinne leis an Ard-Aighne.

Dúradh chomh maith gur mian leis an Aire Richard Bruton “tacú leis na scoileanna lán-Ghaeilge a oiread agus is féidir” agus leasuithe á ndéanamh ar an mBille. 

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag an reachtaíocht nua oideachais mar atá  do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille bheadh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Údar dóchais do lucht an ghaeloideachais mar sin is ea an ráiteas is déanaí ón Roinn Oideachais i dtaobh cheist pholasaithe iontrála na nGaelscoileanna.

Dheimhnigh urlabhraí na Roinne go bhfuil leasú maidir le cás na nGaelscoileanna i measc na leasuithe atá á ndréachtú i gcomhar leis an Ard-Aighne.

“Le linn na díospóireachta ag céim an choiste den Bhille, thug an tAire le fios go ndéanfadh sé a mhachnamh ar conas a d’fhéadfaí deis a thabhairt do pháistí as teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge áit a fháil i scoil lán Ghaeilge agus conas é sin a dhéanamh ar bhealach a bheadh cothrom, cuimsitheach agus trédhearcach. Tá tacaíocht an Aire ag an nGaeilge agus agus is mian leis tacú leis na scoileanna lán-Ghaeilge a oiread agus is féidir. 

“Tá plé ar siúl faoi láthair idir oifigigh na Roinne Oideachais agus Scileanna agus Oifig an Ard-Aighne maidir le roinnt leasuithe atá á moladh do chéim na Tuarascála den Bhille, ina measc conas is fearr a d’fhéadfaí déileáil le cás na gcainteoirí dúchais agus iad ag iarraidh áit a fháil i nGaelscoil ina gceantar. Rachaidh an Bille ar aghaidh go dtí Céim na Tuarascála nuair a bheidh bailchríoch curtha ar na leasuithe seo,” a dúirt urlabhraí na Roinne Oideachais le Tuairisc.ie.

Ní bhainfeadh an leasú ach le páistí atá á dtógáil le Gaeilge i nGaelscoileanna a bhfuil ró-éileamh ar áiteanna iontu, mionlach fíorbheag, dar le Cearta Oideachais a mhaíonn gur cainteoirí dúchais iad níos lú ná 5% de na leanaí a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna.

Moladh i dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais anuraidh go dtabharfadh an tAire Richard Bruton “aitheantas cuí” do chearta an chainteora dúchais Gaeilge sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 agus nach gcuirfeadh an reachtaíocht isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge.

“Access to Irish speaking schools – It is recommended that due regard be given to the right of native Irish speakers to receive their education through the medium of Irish and that the Bill must not interfere with this right,” a deirtear i dtuarascáil An Chomhchoiste um Oideachais agus Scileanna.

Deir lucht Cearta Oideachais go gcaithfear an Bille a leasú lena chinntiú go dtiocfaidh an Ghaeilge agus múnla an tumoideachais slán.

De réir breithiúnais a tugadh san Ard-Chúirt in 2016, bhí sé de cheart ag Scoil Lorcáin, Baile na Manach, diúltú do dhalta a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála.

Agus a bhreithiúnas sa chás sin á thabhairt aige, chuir an Breitheamh Gerard Hogan ar “neamhní” cinneadh na Roinne Oideachais go gcaithfeadh an scoil glacadh le páiste a mheas siad nach raibh dóthain Gaeilge aici.

Thug Scoil Lorcáin, Baile na Manach, ceann de na Gaelscoileanna is aitheanta sa tír, dúshlán na Roinne Oideachais maidir le ceart na scoile, de réir a bpolasaí iontrála, diúltú do dhalta.

Fág freagra ar 'Bailchríoch á cur ar leasú reachtaíochta a chosnódh ceart Gaelscoileanna maidir le polasaí iontrála'