Báid seoil Chonamara á ndéanamh le tairní na hIndia

A mbreithiúnas tugtha ag bádóirí Chonamara ar na tairní nua agus an chéad soláthar díobh faighte ag fear gnó i gConamara

Báid seoil Chonamara á ndéanamh le tairní na hIndia

Galway Hooker

As an domhan thoir atá na tairní a theastaíonn i mbád seoil fharraigí an iarthair ag teacht anois. 

Tá socrú déanta ag an bhfear gnó, Nioclás Ó Concubhair as Leitir Móir, le comhlacht san Ind gurbh eisean – agus eisean amháin in Éirinn – a bheas ag ceannach tairní uathu atá feiliúnach le haghaidh na seanbhád seoil. Cheannaigh sé an chéad sholáthar an tseachtain seo.

Roimhe seo thagadh na tairní a d’fheil le haghaidh deantús agus deisiú báid seoil ar nós na Huicéaraí, na nGleoteogaí agus na bPúcán isteach as Albain, ó ionad i nGlaschú.

Panorama_outside_low

“Thit cúrsaí as a chéile sa tionscal ansin agus cheannaigh dream ón Ind an trealamh agus na múnlaí. Tá siadsan gaibhte i mbun ceird na dtairní seo anois,” a deir Nioclás Ó Concubhair

Dúirt Ó Concubhair gur thug sé samplai de na tairní ag bádóirí a raibh seanchleachtadh acu ar cheird na mbád agus na mara agus go raibh siadsan sásta go raibh tairní na hInd go maith.  “‘Is iad na bádóirí na breithiúna is fearr sa gcás seo agus bhí mé sásta ansin gur cheart an conradh oibre a shocrú leis an dream nua,” a deir Nioclás Ó Concubhair.

Ar an gcósta thiar is mo a bhíonn tóir ar thairní speisialta do bháid seoil, a deir an fear gnó, ach bíonn glaoch orthu anseo agus ansiúd ar fud na hÉireann freisin.