Baghcat bundúchasach ar na Cluichí Bundúchasacha Domhanda

Imreofar na Cluichí Bundúchasacha Domhanda den chéad uair riamh an tseachtain seo, sa Bhrasaíl. Ach tá trí threibh bhundúchasach as an tír sin tar éis tarraingt amach as an mórimeacht spóirt

World indiginous games

Dé hAoine beag seo, tabharfaidh dhá mhíle lúthchleasaí as níos mó ná tríocha tír aghaidh ar chathair Palmas i gcroílár na Brasaíle, áit a n-eagrófar na Cluichí Bundúchasacha Domhanda den chéad uair riamh. Ach tá trí threibh bhundúchasach ón mBrasaíl féin, ceann de na cinn is mó sa tír ina measc, tar éis tarraingt amach ó na cluichí. Deir siad nach bhfuil sna Cluichí ach iarracht teacht i dtír ar chultúr na mbundúchasach chun an cinedhíothú a deir siad atá ar bun ag an rialtas agus ag feirmeoirí móra sa Bhrasaíl i gcoinne na bpobal bundúchasacha sa tír sin a cheilt.

Mórimeacht spóirt iad na Cluichí Bundúchasacha Domhanda ina dtabharfaidh lúthchleasaithe ar baill iad de phobail bhundúchasacha in áiteanna chomh fada óna chéile agus an Astráil, an Nua-Shéalainn, Ceanada, an Rúis, na Stáit Aontaithe, an Bhrasaíl féin agus slám tíortha eile aghaidh ar a chéile i gcomórtais bhundúchasacha: tarraingt na téide, iomrascáil, boghdóireacht, curachóireacht agus caitheamh sleá, gan ach cuid de na spóirt a chleachtófar a lua.

Eagras de chuid na bpobal bundúchasacha sa Bhrasaíl féin, an Comitê Intertribal (‘Comhchoiste Idirthreibheach’), dream a eagraíonn cluichí bundúchasacha ar bun náisiúnta sa Bhrasaíl ón mbliain 1996 i leith, atá ag eagrú na gCluichí Bundúchasacha Domhanda. Faigheann siad tacaíocht airgid ó rialtas na Brasaíle agus urraitheoirí tráchtála. An mana oifigiúil: ‘Anois, táimid ar fad bundúchasach.’

Ach tá trí threibh bhundúchasach as an mBrasaíl féin – na Krahô agus na Apinajé, dhá phobal a bhfuil cónaí orthu sa réigiún ina bhfuil na Cluichí á n-éagrú, agus na Guarani-Kaiowá, mórphobal a bhfuil cónaí orthu gar don teorainn leis an mBolaív agus Paragua – tar éis tarraingt amach as na cluichí.

‘Níl sna Cluichí seo ach taipéis mhór atá á caitheamh thar na céadta corpán, in iarracht iad a cheilt: íobartaigh an chinedhíothaithe atá ar bun ag rialtas na Brasaíle agus an earnáil thalmhaíochta araon i gcoinne phobal bundúchasacha na tíre,’ a deir an pobal Guarani-Kaiowá i ráiteas a d’eisíodar Dé Luain.

Ach an oiread le go leor treibheanna bundúchasacha eile sa Bhrasaíl, tá an pobal Guarani-Kaiowá sáite i gcoimhlint fhuilteach le feirmeoirí móra le blianta anuas.

Is é an chaoi go bhfuil gach pobal bundúchasach sa Bhrasaíl i dteideal a thearmainn féin, ach nach bhfuil cuid mhór de na tailte a gheall rialtas na Brasaíle do phobail bhundúchasacha i lámha na bpobal sin fós. Go deimhin, tá Brasaíligh eile ina gcónaí ar chuid acu agus chaithfí iad sin a dhíshealbhú.

Agus rialtas na Brasaíle ag tarraingt na gcos maidir leis an gceist achrannach sin, tá pobail bhundúchasacha áirithe tar éis tailte a gealladh dóibh a (ath)ghabháil le fórsa. An toradh a bhí air sin ná go bhfuil sléacht á dhéanamh orthu ag buíonta báis atá curtha ar bun ag úinéirí talún ar gabhadh a dtailte nó a mheasann go bhfuil a dtailte i mbaol a ngafa ag bundúchasaigh. Deir an pobal Guarani-Kaiowá go ndúnmharaítear duine dá threibh gach ré lá.

Fad is nach n-athraíonn dearcadh agus cur chuige rialtas na Brasaíle ar an gceist, a deir an pobal Guarani-Kaiowá ina ráiteas, ‘Is é an t-aon chluiche amháin a imreoimid ná ár dtailte a athghabháil agus cónaí ann, fiú má fhaighimid ar fad bás san iarracht.’

Fág freagra ar 'Baghcat bundúchasach ar na Cluichí Bundúchasacha Domhanda'

  • Fearn

    Bheadh sé deacair gan aontú le ráitéis an Guarani-Kaiowá.