‘Ba mhaith liom gur geata isteach go dtí litríocht na Gaeilge a bheadh sa leabhar seo’

Tá ‘Árasán’ leabhar nua le Ógie Ó Céilleachair bunaithe ar shaol na hollscoile. Labhair an t-údar le Tuairisc

‘Ba mhaith liom gur geata isteach go dtí litríocht na Gaeilge a bheadh sa leabhar seo’

Ógie Ó Céilleachair agus a leabhar nua 'Arasán'

Tá aithne mhaith ar Ógie Ó Céilleachair mar údar do dhéagóirí agus do dhaoine óga. Tá dhá leabhar do dhéagóirí leis an múinteoir i nGaelcholáiste Luimnigh foilsithe cheana – Cúpla agus Katfish agus scéalta eile.  

Ní inniu ná inné a chuimhnigh sé gur mhaith leis leabhar a scríobh faoi shaol na hollscoile. 

“Go gairid tar éis dom dul go dtí’n ollscoil bhí sé i gceist agam rud éigin a scríobh a chaithfeadh súil ar an saghas saoil a bhíonn ag scoláirí go ginearálta agus scoláirí a bhíonn ag cur fúthu in ionad cónaithe Gaeilge ach go háirithe,” ar sé. “Scríobh mé dráma agus chuireamar ar stáitse é le Cumann Drámaíochta UCC bliain amháin. Bhí ana-chraic ag baint leis.” 

Árasán bunaithe ar cheathrar mac léinn sa gcéad bhliain atá ina gcónaí le chéile. Blaiseann Darach, Jeaiceo, Céit agus Niamh de shuáilcí agus duáilcí shaol an scoláire; saol na hoíche, an t-ól agus an ragairne, na cumainn, na clubanna, an fhoghlaim, caidreamh collaí, airgead agus easpa airgid, dúshlán caidrimh. 

Síleann Ó Céilleachair go bhfuil gá le tuilleadh leabhar a bheadh dírithe ar shaol na mac léinn. 

“Tá is dócha,” a deir an Déiseach. “Tá a fhios agam go bhfuil roinnt scríofa ag Pádraic Breathnach atá lonnaithe i dtimpeallacht ollscoile. Ba mhaith liom roinnt a fheiscint ag eascairt ón aoisghrúpa san iad fhéin leis, b’fhéidir.” 

Deir sé go raibh an leabhar seo “níos fusa ar shlí” le scríobh ná an dá cheann eile, mar nuair a bhí a fhios aige go mbeadh lucht léitheoireachta déagóra á léamh bhí air “a bheith cáiréiseach go leor” le roinnt téamaí caidrimh, óil agus mar sin de.  

“Níor theastaigh uaim glóiriú a dhéanamh orthu ach níor theastaigh uaim éirí in airde a bheith ag baint leis ach oiread. Is dóigh liom go raibh mé ábalta na maidí a ligint le sruth beagáinín leis an leabhar seo,” ar sé. 

Tá roinnt mhaith focal agus frásaí Béarla sa leabhar, agus an chúis atá leis sin, a deir na t-údar, ná “gurb in an tslí a labhraíonn roinnt mhaith daoine óga na laethanta seo”.  

“Códmhalartú a ghlaoitear air is dóigh liom, nó téarma éigint mar sin. Bhí mé neirbhíseach go leor agus an stíl scríbhneoireachta san ar bun agam le bheith fírinneach,” ar sé. “Nuair a sheol mé an leabhar in Ionad Pobail na Rinne i mí an Mhárta, áfach, dúirt laoch mór atá agam, Áine Uí Fhoghlú, rud a chuir ar mo shuaimhneas mé. Dúirt sí go bhfuil meon againne sa tsochaí go gcaithfidh gach leabhar a scríobhtar as Gaeilge a bheith foirmiúil, glan, reiligiúnda agus mar sin de. ‘Ní ceart gur ceacht Gaeilge é an leabhar’, a dúirt sí. Tar éis di an méid sin a rá, thug sé i bhfad níos mó muiníne dom.” 

Tá an leabhar roinnte de réir théarmaí acadúla na hollscoile. 

“De ghnáth scaipim rudaí a bhíonn scríofa agam do dhéagóirí i measc na ndéagóirí atá os mo chomhair ar scoil —an idirbhliain ach go háirithe,” a deir Ó Céilleachair. 

“Cuirim ceist orthu iad a léamh agus aiseolas a thabhairt dom. Bíonn déagóirí ana-mhacánta, táimse á rá leat! Ní raibh mé ábalta é sin a dhéanamh an uair seo ach nuair a bhí an chéad dréacht den leabhar scríofa agam chuir mé ‘shoutout’ amach ar na meáin shóisialta do dhaoine go mbeadh suim acu é a léamh agus aiseolas a thabhairt dom.  

“Bhí an leabhar roinnte i gcaibidlí agam ach i measc na moltaí a tháinig ar ais bhí an moladh an leabhar a bhriseadh de réir na bliana acadúla seachas caibidlí. Shíl mé gur smaoineamh iontach a bhí ann.” 

Chomh maith leis sin, deir sé gur athléigh sé roinnt mhaith de shaothar Roddy Doyle sular scríobh sé an leabhar seo.  

“Theastaigh uaim go mbeadh stíl an chomhrá ann bunaithe ar an stíl atá i leabhair cosúil le The Snapper, The Commitments, The Van agus a leithéid. Thug mé fé ndeara sna leabhair sin ní raibh aon chaibidil in aon chor iontu,” ar sé. 

Ar thóg sé i bhfad air an leabhar a scríobh? 

“Bhí smaoineamh agam script a dhéanamh go leor blianta ó shin agus chuaigh mé chun cainte le roinnt daoine fé. Bhí roinnt comhrá againn mar gheall air ach, ar deireadh, ní raibh aon toradh air. B’in timpeall na bliana 2015 is dóigh liom,” a deir sé. “Bhí na nótaí fós agam ós na comhráite sin agus nuair a bhuail an phaindéim scríobh mé an chéad dréacht i samhradh na dianghlasála agus as san ar aghaidh bhí roinnt siar is aniar ann.”  

Dar leis gur as na comhráite sin a d’eascair cuid de na carachtair. 

Ar chuid den taighde a rinne sé don leabhar bhí taighde faoi Coco’s Law agus an dlí maidir le híomhánna a scaipeadh agus araile.  

“Bím ag obair mar theagascóir páirt-aimseartha i gColáiste Mhuire gan Smál agus is dócha go raibh roinnt taighde neamhoifigiúil ar siúl agam ansan leis!” ar sé.  

Ar úsáid sé a chuid taithí féin sa leabhar ar chor ar bith? 

“D’úsáid mé é mar bhunús leis is dócha ach is ag tógaint ar an taithí sin a bhí mé den chuid ba mhó,” ar sé. 

Gach seans go mbeidh tóir ar Árasán ag lucht na hollscoile agus daoine a d’fhreastail ar an ollscoil tráth, dream nach ndéantar freastal rómhaith orthu. 

“Le bheith fírinneach, braithim go bhfuil bearna ann,” ar sé. “Agus mé ag plé le lucht na hollscoile i gColáiste Mhuire gan Smál, cím go minic ná bíonn an t-uafás suime acu sna téacsanna a bhíonn le léamh acu. Ní ag caitheamh anuas ar théacsanna tábhachtacha na Gaeilge atá mé.  

“Tá gá len iad a léamh má táthar ag dul le Gaeilge ar an tríú leibhéal. Seans gur geata isteach sa litríocht don ngnáthscoláire Gaeilge a bheadh sa leabhar seo. Sé fírinne an scéil ná nach mbíonn mórán taithí ag fir is mná óga ocht mbliana déag d’aois ar an nGaeilge taobh amuigh de roinnt aistí, giotaí cainte agus sraithphictiúir a fhoghlaim de ghlanmheabhair.”  

Tá súil aige go mbeidh bá éigint ag an té a léifidh é leis na carachtair agus go meallfar daoine le níos mó litríochta a léamh.  

“Litríocht níos dúshlánaí b’fhéidir!” a deir sé. 

Ógie Ó Céilleachair le leabhar eile a scríobh sé, ‘Katfish agus Scéalta Eile’

Tá próiseas scríbhneoireachta ar leith ag an údar as an Rinn.

“Caithim ana-chuid ama ag smaoineamh ar rud éigint a scríobh sula gcuirim peann le pár. Gheobhainn tréimhse dhá nó trí bliana a chaitheamh le smaoineamh sula suím síos leis fiú,” ar sé.  

“Is minic a bhím i lár comhrá le duine nó daoine agus d’imeoinn le sruth le smaoineamh éigin agus gan a bheith ag éisteacht leo in aon chor.  

“Cuireann sé an gomh dearg ar dhaoine muinteartha liom nuair a tharlaíonn sé sin! Déanaim iarracht caitheamh leis cosúil le lá oibre ach, faraor, bíonn go leor aicsin a tharlaíonn i rith an lae a bhaineann de mo chuid airde.  

“Nuair a bhí mé ag scríobh an leabhair seo tharla sé go minic go raibh mé ag scríobh le linn uaireanta marbha na hoíche. Ní thaitníonn sé sin liom áfach, cuireann sé an gnáthamh trína chéile.” 

Níl sé ag obair ar aon leabhar nua faoi láthair ach deir sé go bhfuil smaoineamh aige i dtaobh dráma a scríobh a bheadh oiriúnach do dhéagóirí.  

Tá trua aige do dhaoine óga mar gheall ar an méid a chaill siad amach air le linn na paindéime . 

“An cheist is mó, cosúil leis an gcuid eile den tír, i mo thuairimse ná a bheith ag déileáil leis an saol agus sinn ag teacht amach as an ngéarchéim sláinte,” ar sé. “Chaill siad amach ar go leor deiseanna sóisialaithe, deiseanna a fhorbraíonn iad mar dhaoine. Ní dóigh liom go gcífimid toradh an ama sin go ceann roinnt blianta. 

“Rud dearfach atá tugtha fé ndeara agam, i mo scoil fhéin pé scéal é, ná go bhfuil an meas atá idir buachaillí agus cailíní ag ardú lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine. Chomh maith leis sin, tá an meas atá ar ghnéaschlaonta difriúla ar leibhéal an-ard leis agus níl aon eagla ar dhaoine iad a chur in iúl.  

“Gan dabht tá deacrachtaí le sárú acu ach ó thaobh meon na bhfear i leith na mban, is iad na daoine óga atá ag ceann an tslua. Gheobhadh na daoine fásta ana-chuid a fhoghlaim uathu!” 

Deir sé go bhfuil “ana-chuid roghanna” ann ó thaobh litríocht na Gaeilge faoi láthair, a bhuíochas don tacaíocht a chuirtear ar fáil.  

Cad iad na leabhair nó na húdair is mó a thaitníonn leis féin? 

“Is breá liom stíl scríbhneoireachta Áine Uí Fhoghlú,” ar sé. “Cruthaíonn sí pictiúirí agus íomhánna soiléire i gcónaí. Gheofá an boladh nó an blaiseadh a fháil de pé rud a bhíonn sí ag scríobh fé agus an cuntas á léamh. Is breá liom saothair Ré Uí Laighléis leis. Arís, tá soiléireacht sa scríobh ach ní ghéilleann sé don tsimplíocht ag an am céanna.” 

Árasán ar fáil anois agus é foilsithe ag Cló-Iar Chonnacht. 

Fág freagra ar '‘Ba mhaith liom gur geata isteach go dtí litríocht na Gaeilge a bheadh sa leabhar seo’'

  • Caitlín Nic Íomhair

    Comhgairdeachas leat, a Ógie! Tá an ceart ar fad aige gur deacair teacht ar leabhair atá ar an tairseach idir litríocht ardteiste agus litríocht ollscoile. Tá mé ag súil go mór leis seo a léamh.