Ba mhaith an oidhe orthu é – ‘Teastas an Bheet’

Chaill 'fir an Bheet' go leor Nollaigí sa mbaile, ach bhíodar bródúil as an Teastas

Ba mhaith an oidhe orthu é – ‘Teastas an Bheet’

Chruinnigh na fir agus a ngaolta orainn go mánla, múinte. Theastaigh na teastais uathu, cuid acu dá n-iarraidh d’athair nó deartháir atá imithe as an saol seo anois. Cuid eile acu, agus theastaigh na teastais uathu do dhaoine nár éirigh leo a bheith ag an ócáid in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach. Tuilleadh agus áthas orthu go rabhadar ansin agus go raibh an teastas seo dá bhronnadh orthu.

Teastas an Bheet.

Cluinim gur bhain go leor daoine an-solamar as an ócáid sin a bhí againn sa bhfómhar san Ionad i gCarna, i gConamara. Tá sé ar cheann de na hócáidí a fhanfaidh i mo chuimhne féin. Ó shin i leith cuireadh go leor caidéise orainn faoin ócáid ómóis sin ‘d’fhir an Bheet’ agus do na mná agus na gasúir a choinnigh na tithe ag imeacht ó fhómhar go hearrach i réigiún chósta an Atlantaigh. Cuireadh tuairiscí as Ciarraí, as Maigh Eo agus, le deireanas, as Sasana. Tá áthas orainn a bheith in ann na teastais a chur chucu.

Théadh na céadta as réigiúin tuaithe an deiscirt agus an iarthair go Sasana ‘ar an mBeet’ idir na 1940idí agus 1980. Ba as an nGaeltacht cuimse acu. Bhíodh an biatas dá bhaint ó Dheireadh Fómhair ar aghaidh agus bhítí dá chur isteach chuig na monarchana go tús an earraigh. Obair shéasúrach a bhí inti, ach bhí pá maith ann agus tugadh anall slámanna breátha airgid as Sasana.

Rinne na fir seo soilíos mór do thionscal biatais Shasana agus chuidigh siad le heacnamaíocht na gceantracha baile. Ach, níor éirigh le go leor acu an Nollaig a chaitheamh sa mbaile ar feadh na mblianta.

Rinneadh socrú in Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta go gcuirfí ócáid ar bun dóibh agus chuir comhlacht siúcra na Breataine teastas ar fáil i gcomhar leis an Ionad.

Teastas an Bheet.

Thabharfá faoi deara go raibh idir bhród agus bhuíochas le n-aithneachtáil ar na fir, agus ar a gclann. Údar ardaithe croí a bhí ansin. B’fhéidir go bhfuil dearcadh ag teacht chun cinn go bhfuil daoine ag iarraidh a gcuid agus a mbuíochas in ionad oibre anois. Níor bhain tada dó sin le ‘fir an bheet’. Bhíodar sásta lá nó oíche oibre – nó an lá agus an oíche- a dhéanamh don chomhlacht siúcra. Bhíodar buíoch as an obair agus sásta go ndearna siad a ndícheall. Chaill siad go leor Nollaigí sa mbaile, ach bhíodar bródúil as an Teastas.

Bíonn cuimhní cinn, agus súil siar, ag baint leis an Nollaig agus le haimsir na hathbhliana. Téann muid uilig amú scaití agus bíonn dul amú orainn sa saol. Bíonn muid as bealach ar uairibh. Ach is sásamh intinne é gur thug Ionad Cuimhneacháin na nImirceach ómós ‘d’fhir an bheet’. Cuimhneoidh go leor ‘d’fhir an bheet’ ar na Nollaigí a chaitheadar ar an mbeet i Sasana ach a lasfar na coinnle i mbliana. Tréimhse luachmhar a bhíodh ann mar go raibh neart am breise – agus páigh dá réir – le fáil sna monarchana. Ach, ar ndóigh, bhí na fir imithe freisin ón teaghlach sin acu féin.

Is cuimhneach liom féin oíche Nollag ‘ar an mbeet’ inár fáisceadh ceangal idir fir Chonamara, fear as Sasana agus fear as an bPolainn, tráth nach raibh mórán Polannach sa mBreatain.

Bhí fear de mhuintir de Bhailís as Inis Toirc, gar d’Inis Bó Finne linn, go raibh suaimhneas síoraí aige anois. Bhí Sasanach darbh ainm Gordon ann, agus bhí Peter ann, Peter an Polannach. Bhí na málaí ag teacht chugainn ach má bhí féin, chas muid amhráin – bhuel cuir muid foinn leo ba chóra dom a rá. Deamhan teip a bhí ar Gordon nó gur chas sé amach ‘An English Country Garden’. Níor thaithnigh an t-amhrán le fear Inis Toirc [‘What sort of f….n song is that?’], ach gur dhúirt sé os íseal é sin. Domhain san oíche anois, agus bhí Peter an Polannach faigthe buille beag súgach. Theith sé óna thír féin in aimsir an Dara Cogadh Mór. Chuir sé fonn le hamhráin nár chuala muid ariamh, agus níor thuig muid an fhoclaíocht.

Cé mba faoi na hamhráin? “It is about my home,” a deir sé.

Thuig muid dó. Chroch muid na málaí…agus chuimhnigh muid ar an mbaile, i bhfad siar.

Fág freagra ar 'Ba mhaith an oidhe orthu é – ‘Teastas an Bheet’'