Ba é an chéad uair thar lear agam agus, dar ndóigh, mo chéad uair ar eitleán…

Tá taithí mhaith ag ár gcolúnaí an an tábhacht agus an oscailt súl a bhaineann le turas thar lear le foireann

2012 GAA GPA All Stars Tour Depart Dublin Airport, Dublin Airport, Dublin 14/11/2012 2012 GAA GPA All Stars Tour sponsored by Opel Depart Dublin Airport for New York. Sam Maguire in Dublin Airport this morning Mandatory Credit ©INPHO/Lorraine O'Sullivan *** Local Caption ***
©INPHO/Lorraine O’Sullivan 

Ní fada anois go mbeidh na foirne a d’imir i gcluichí ceannais na Éireann ag pleanáil don sos atá tuillte go maith acu. Faigheann na foirne sin roinnt airgid ó cheanncheathrú CLG chun saoire a eagrú dóibh féin.

Is cuimhin liom bheith ag léamh faoin méid taistil a rinne peileadóirí Chiarraí sna seachtóidí agus tosach na n-ochtóidí agus is cosúil gur beag áit a bhí fágtha sa deireadh nár leagadar cos ann.

Gan amhras, tá cuid mhaith den domhan feicthe ag Cill Chainnigh ó thosach na mílaoise – n’fheadar cá bhfuil siad ag dul i mbliana!

Bhí an t-ádh liomsa baint a bheith agam le hiománaithe Chorcaí nuair a bhaineamar amach an cluiche ceannais ceithre bliana i ndiaidh a chéile, rud a chiallaigh go raibh ceithre thuras againn.

An chéad bhliain, chuamar go dtí an Téalainn agus Vítneam. Bhí sé thar a bheith spéisiúil scéal an chogaidh ansin a chloisint ón ‘taobh eile’.

An dara bliain, ba ar an Nua Shéalainn a bhí ár dtriall agus stadamar cúpla lá sa Mhalaeisia. An tríú bliain, chuamar ó dheas go dtí an Aifric Theas. Dar ndóigh, bhí an-suim ag na himreoirí dul amach chuig Oileán Robin agus scéal Nelson Mandela a chloisint ó dhaoine a bhí in éineacht leis sa phríosún agus iad anois ag obair sa ghnó a d’fhás timpeall ar shaol an laoich.

Ag tosach 2007, chuamar go San Fransisco, Las Vegas agus Cancun.

Rinne na turasanna sin an t-uafás chun a nasc eadrainn mar ghrúpa a neartú. Chuir na himreoirí aithne níos fearr ar a chéile agus chuir a bpáirtnéirí mná aithne ar a chéile freisin. Ba láidre mar fhoireann sinn i ndiaidh na dturasanna.

Is beag seans a bhíonn ag imreoirí gnóthacha aithne phearsanta a chur ar a chéile agus iad faoi bhrú ar pháirc na himeartha leis an gcontae agus i gcoinne a chéile lena gclubanna.

Cé is moite de na turasanna All-Star gach re bliain, ní fhaigheann tromlach na n-imreoiri mórán as a gcuid imeartha, go háirithe sa lá atá inniu ann agus Cill Chainnigh ag buachaint beagnach gach bliain.

Bhí tréimhse ann sna seachtóidí nuair a thaistil All-Stars na peile agus na hiománaíochta chuig na Stáit Aontaithe gach bliain i gcóir trí seachtaine. Bhí an t-ádh liom bheith ar dhá cheann de na turasanna sin agus déarfaidh mé leat gur oscailt súl a bhí ann faoi chúrsaí an tsaoil.

Ní rabhas ach aon bhliain is fice an chéad uair agus agus ba é an chéad uair thar lear agam agus, dar ndóigh, mo chéad uair ar eitleán. Sin gan trácht ar an saibhreas a chonaiceamar thall agus na spéirmhná aoibhne galánta a chonaiceamar, go háirithe ar an gcósta thiar.

Thosnaigh an turas sin i Chicago agus chuamar as sin go Los Angeles agus San Francisco sular chríochnaigh sé i Nua Eabharc. Bhí cluiche eadrainn i ngach cathair agus d’fhanaimis le hÉireannaigh nó le daoine de bhunadh na hÉireann i gcónaí.

Bhí saol an mhadra bháin againn agus sinn mar dhéithe i measc na nÉireannach thar lear.

I mbliana, beidh na Cait agus an Ghaillimh ag taisteal agus an ceart sin tuillte acu. Tiocfaidh siad ar ais agus iad níos láidre mar ghrúpaí agus níos ullmhaithe do 2016.

Dar ndóigh, tá cúrsaí eile ag cur tinnis ar imreoirí na Gaillimhe faoi láthair agus beidh tuilleadh faoin gconspóid sin anseo go luath againn.

Fág freagra ar 'Ba é an chéad uair thar lear agam agus, dar ndóigh, mo chéad uair ar eitleán…'