Ba chóir deireadh a chur le RnaG mura féidir leis ‘seasamh ar a dhá chos féin’ – Michael O’Leary

Mhaígh Príomhfheidhmeannach Ryanair go mbíonn airgead á chailleadh ‘hand over fist’ ag an gcraoltóir Gaeilge

Ba chóir deireadh a chur le RnaG mura féidir leis ‘seasamh ar a dhá chos féin’ – Michael O’Leary

Ba chóir deireadh a chur le RTÉ Raidió na Gaeltachta murar féidir leis ‘seasamh ar a dhá chos féin’, dar le Príomhfheidhmeannach Ryanair, Michael O’Leary.

Ag labhairt dó ag bricfeasta gnó a d’eagraigh Fianna Fáil Dé hAoine, dúirt O’Leary go raibh an stáisiún Gaeilge, a fhaigheann maoiniú ó RTÉ, ‘ag cailleadh airgid mar a chaithfeá i bhfarraige é’.

Dúirt O’Leary gur ‘monaplacht ar theip uirthi’ é RTÉ agus nach raibh ‘leas na tíre’ déanta ag an gcraoltóir poiblí. Dúirt sé gur cheart RTÉ a dhíol agus a phríobháidiú. Sa chás sin bheadh Raidió na Gaeltachta ‘ar a chonlán féin’, a dúirt Príomhfheidhmeannach Ryanair.

“If Raidió na Gaeltachta cannot stand on its own two feet then frankly it should not exist,” a dúirt O’Leary.

Bíonn airgead á chailleadh “hand over fist” ag an gcraoltóir Gaeilge, a mhaígh sé.

Ní RTÉ agus RnaG amháin a fuair léasadh teanga ón bhfear gnó conspóideach.

Dúirt sé go raibh an Rialtas “spineless, weak and incompetent” le linn na conspóide faoi bhille cánach Apple.

“Our Government should have said ‘F you Brussels, we are not tolerating this, we are an autonomous country, we have autonomy over our tax, so p*** off. We are not putting up with that’,” a dúirt sé ag bricfeasta gnó Fhianna Fáil.

Dúirt O’Leary chomh maith go raibh “f**k all” déanta ag gluaiseacht na gceardchumann d’aon duine “le seasca bliain anuas”, agus thug sé “the worst assembly of half-wits and lunatics” ar chuid de na Teachtaí Dála a toghadh chun na Dála in olltoghchán na bliana seo.

Tá ráiteas faoi chaint O’Leary iarrtha ag Tuairisc.ie ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Ba chóir deireadh a chur le RnaG mura féidir leis ‘seasamh ar a dhá chos féin’ – Michael O’Leary'

  • Fearn

    Cé is túisce a bhí i gceann a amaidí fhéin, Trump na ndrochiarrachtaí nó Ó Laoghaire na n-eiteoga?
    Is mór acu a gcos a chuir uatha.

  • Liam Mac Lochlainn

    Is féidir a lán argóintí a dhéanamh faoin tábhacht atá le Raidió na Gaeltachta do shaol agus do chultúr na tíre. Ach is léir nach dtuigeann an bodach gáirsiúil seo cad is cultúr ann.

  • Gabriel Rosenstock

    Baghcat!