Ba cheart iriseoir Gaeilge lánaimseartha a bheith ag gach nuachtán sa tír

Deir Eagarthóir Gaeilge an Irish Times gur chóir scéim traenála agus intéirneachta a chur ar fáil sna meáin Bhéarla do dhaoine óga a bhfuil suim acu in iriseoireacht na Gaeilge

Ba cheart iriseoir Gaeilge lánaimseartha a bheith ag gach nuachtán sa tír

Deir Eagarthóir Gaeilge an Irish Times gur cheart go mbeadh “ar a laghad” iriseoir lánaimseartha amháin i mbun oibre i nGaeilge i ngach nuachtán náisiúnta agus réigiúnach sa tír.

Dúirt Éanna Ó Caollaí an méid sin ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge an tseachtain seo.

Dúirt sé freisin gur mór an chabhair é dá gcuirfí maoiniú ar leith ar fáil chun scéim traenála agus intéirneachta a chur ar fáil sna meáin Bhéarla do chéimithe óga ar mian leo iriseoireacht a chleachtadh i nGaeilge.

“Is féidir leis na meáin Bhéarla bheith ina ndroichead do dhaoine nach rachadh

as a mbealach go minic chun teacht ar ábhar i nGaeilge agus ba cheart aird ar

leith a thabhairt ar an bpointe seo,” ar sé.

Cuireann an Irish Times leathleathanach as Gaeilge ar fáil gach Luan.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go mbíodh tráth ann nuair a bhí leathanach iomlán i Gaeilge san Irish Times.

“Bhí, agus is dóigh síos tríd na blianta go n-athraíonn cúrsaí. Bhí leathanach iomlán ann, is dóigh go bhfuil sé roinnt blianta ó shin anois, ach cuireann muid an t-ábhar ar fáil sa chaoi gur féidir linn agus sa chaoi gurb acmhainn dúinn é sin a dhéanamh,” a deir Ó Caollaí.

Is sa mbliain 2016 a tharla an gearradh siar ar an leathanach Gaeilge sa bpáipéar.

Tráth den saol bhíodh colúin Ghaeilge á bhfoilsiú ag an Irish Times ar laethanta éagsúla – Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin.

Dúirt Ó Caollaí ag cruinniú an Chomhchoiste chomh maith go mba cheart oiliúint a chur ar fáil freisin dóibh siúd atá ag obair sna meáin

cheana féin, ach ar mian leo dul i mbun eagarthóireachta agus

scríbhneoireachta trí Ghaeilge.

“Ar an mbealach sin freisin d’fhéadfadh go dtiocfadh feabhas ar chumas na n-

eagras nuachta ábhair a bhaineann le saol na Gaeilge a thuairisciú go cuimsitheach agus go feasach, ó imeachtaí Oireachtas na Gaeilge go seisiúin

Choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta,” ar sé.

Dúirt sé gur dócha go dteastódh maoiniú stáit chun cur le líon na n-iriseoirí a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sna nuachtáin ach chaithfí neamhspleáchas eagarthóireachta a chinntiú sa chás.

Fág freagra ar 'Ba cheart iriseoir Gaeilge lánaimseartha a bheith ag gach nuachtán sa tír'