Ba bheag an chosúlacht a bhí aige le haon leabhar eile Gaeilge roimhe sin…

Ba cheart go mbeadh fáil ag glúin léitheoireachta nua ar Tonn Tuile le Séamus Ó Néill, leabhar a bhfuil áit thábhachtach aige i stáir litríochta na Gaeilge

Ba bheag an chosúlacht a bhí aige le haon leabhar eile Gaeilge roimhe sin…

Ag féachaint siar – Tonn Tuile le Séamus Ó Néill, Sáirséal agus Dill, 1947 

Foilsíodh an t-úrscéal ceannródaíoch seo den chéad uair thart ar 70 bliain ó shin. Is tábhachtach an saothar é i stair litríocht na Gaeilge; luaitear go minic é mar an chéad úrscéal nua-aimseartha. Anuas air sin, ba é an chéad leabhar de chuid Sháirséal agus Dill, an teach foilsitheoireachta iomráiteach. D’fhoilsigh siad é sa bhliain 1947, dhá bhliain sular fhoilsíodar leabhar úrnua eile, Cré na Cille. 

Foirm choimhthíoch ab ea an t-úrscéal do scríbhneoirí na Gaeilge sa chéad leath den fhichiú aois. Ó foilsíodh Séadna – an chéad úrscéal as Gaeilge, meastar – sa bhliain 1907 is beag an áit a bhí ag an úrscéal i litríocht na Gaeilge roimh an Dara Cogadh Domhanda. Ba é an gearrscéal agus an dírbheathaisnéis na príomhsheánrai próis. Bhí úrscéalta ann, ach úrscéalta stairiúla, sóisialta nó bleachtaireachta den chuid is mó, agus ba bheag a bhí ann sa chiall chomhaimseartha Eorpach.

Is léir, mar sin, nuair a tháinig an leabhar seo amach, gur bheag an chosúlacht a bhí aige le haon leabhar eile Gaeilge roimhe sin. Is é téama an leabhair cliseadh pósta an reacaire, is í meánaicme Bhaile Átha Cliath an timpeallacht shóisialta, agus tá an prós gonta agus neamh-mhaisithe. Idir théama agus stíl, is fánach an nasc atá aige le traidisiún liteartha seanbhunaithe na Gaeilge. Tá an leabhar fréamhaithe go daingean i dtraidisiún úrscéalta na hEorpa, agus más macasamhail atáimid ag lorg, is i saothar údair eachtracha, leithéidí Forster nó Orwell, a d’aimseoimis iad.

Ar dtús an úrscéil, buailimid leis an lánúin nuaphósta sa Ghearmáin, agus iad ag filleadh ar Éirinn sula mbriseann an cogadh amach. Trí shúile an reacaire, déantar cur síos grinn ar shaol na lánúine, lúcháir na gcéad mhíonna, saolú a gcéad linbh, agus ansin de réir a chéile an meath agus an t-olcas a thagann ar an gcaidreamh, de dheasca aighnis, uabhair, agus easaontais. Agus tá a lán eile sa scéal. Tá cur síos ar an saol le linn an chogaidh, na ruathair bhuamála ar an Trá Thuaidh, cúraimí lucht labhartha na Gaeilge le linn na ‘hÉigeandála’, agus saol liteartha na cathrach idir iriseoireacht, fhoilsitheoireacht agus dhrámaíocht. Agus tá réimse leathan carachtar ann, atá léirithe go beacht agus go grinn: díograiseoirí Gaeilge sotalacha, aineolaí ag tacú le fórsaí Hitler chun an ruaig a chur ar an tsean-namhaid, agus mná láidre, misniúla – máthair an reacaire ina measc.

Tá Tonn Tuile as cló le fada. Tá an leagan atá agam sa seanchló, an dara leagan – agus an leagan deireanach chomh maith. Is de thaisme a tháinig mé air. Bhí aithne agam ar Eithne Ó Néill, bean scannánaíochta, le roinnt blianta sularbh eol dom gur iníon le Seamus Ó Neill í; tá sí ina cónaí i bPáras le fada an lá ar aon dul síos liomsa. I gClubLeabhar Pháras anuraidh bhí úrscéal eile de chuid an údair á phlé againn, “Máire Nic Artáin”. Is ansin a fuair mé amach gur de chlann Shéamuis í; sna sála air sin, mhol sí dom a úrscéal eile a léamh, agus thug eolas dom faoi chúlra an scéil agus faoina údar.

Is deacair a thuiscint cén fáth nár athfhoilsíodh Tonn Tuile. Níl canóin litríocht na Gaeilge chomh téagartha sin gur féidir neamhaird a dhéanamh ar úrscéal dá fhiúntas. Ó thaobh critice de, má bhí rath ar an leabhar nuair a tháinig sé amach, is cinnte go raibh na tuairimí sna blianta ina dhiaidh sin níos diúltaí, agus fiú nimhneach. Cé gur glacadh leis gur leabhar ceannródaíoch é, cáineadh é ar roinnt cúiseanna; maíodh go raibh an stíl rólom – chomh tanaí le páipéar leithris a dúirt criticeoir amháin, gur shaoithín mursanta an reacaire, gur thuairimí patrarcacha, mursanta a nochtadh ann. Ní hé seo an áit chun láidreachtaí agus laigí earnáil critice litríocht na Gaeilge a phlé, ach i mo thuairim féin is tábhachtach glacadh leis an gcomhairle iar-nua-aoiseach a thug D.H. Lawrence in Classical Studies in American Literature – “Cuir iontaoibh i gcónaí sa scéal, seachas sa scéalaí.”

Is fíor gurbh fhear righin, deacair ab ea an t-údar. Eagarthóir éirimiúil, ach pas beag tiarnúil, a bhí ann, agus é i  gceannas ar An IrisComhar agus An tUltach. Tá cur síos an-suimiúil déanta air sa leabhar The Same Age as the State le Máire Mhac an tSaoi. Ach is riachtanach idirdhealú a dhéanamh idir an t-údar, an reacaire, agus an scéal. Agus nach é bua an fhicsin i gcónaí go gceadaíonn sé dúinn daoine a ligean isteach inár saol, nach ligfimis isteach inár dtithe! 

Maidir leis an stíl, is cinnte go bhfuil sé lom, agus níl lorg ann den rud ar a dtugtar “saibhreas na Gaeilge”. Ach ní locht é sin; is rogha chruthaitheach an údair atá i gceist. Is é an stíl gan mhaisiú a oireann don reacaireacht, agus a nochtann go beacht meon na bpríomhcharachtar. Is maith is fios dúinn go bhfuil gean ag scríbhneoirí Gaeilge ar shaibhreas, agus ar shraitheanna tiubha focal; ach uaireanta, is faoiseamh é leabhar a léamh ina bhfuil na focail gann, lámh an uachtair ag an rud intuigthe, muinín curtha sa léitheoir chun an bhrí atá idir na focail agus na línte a aimsiú, agus deis tugtha dó a mhothálacht phearsanta a chur leis an scéalaíocht.

Idir an tragóid mhór dhaonnúil agus an tragóid bheag phearsanta a tharlaíonn an scéal. Ar dtús, tá an lánúin sa Ghearmáin, agus réamhbhlaiseadh bagrach den uafás agus den chogadh atá le teacht san aer; agus críochaíonn an scéal le bás a gcéad linbh:

Bhí an soitheach trí huaire mall ag fágáil an chuain. Bhí sí lán Iúdach. Ní fhaca mé féin roimhe oiread Iúdach cruinn ins an áit amháin. …bean amháin … bhí cuma thruachánta uirthi. Bhí na súile ag síor-bhíogadh in-a ceann le himeagla…ní raibh ann go raibh sí ag teitheadh, ag teitheadh áit ar bith. Chonaic mé sceon uafásach i súile na mná úd.

Bhí an ceart ag Eibhlín. Bhí Brighid tinn. Bhí an chluas ag cur uirthi arís. Fuaireamar sain-liaigh di, ach bhí sé ró-mhall, mastoiditis a bhí uirthi. Fuair sí bás. 

Idir an dá linn, tá scéal chliseadh phósadh na lánúine inste go tomhaiste, go fuarchúiseach. Mhaígh an criticeoir mór, Frank Kermode, gurb ionann úrscéal maith a scríobh agus taos fiacla a fháisceadh go mall as tiúb. Dá ghránna an meafar, tá sé cruinn; nach minic a fheicimid úrscéalta, a bhfuil tús iontach orthu, ag titim as a chéile trí easpa máistreachta an údair. Is é bua an leabhair seo ná go n-éiríonn leis an údar scéal an aighnis a fhorbairt go seasta. Eipeasóid i ndiaidh eipeasóide, aighneas i ndiaidh aighnis, go leanúnach agus ar bhealach dosheachanta, feicimid an teannas atá idir an bheirt ag méadú de réir a chéile, go dtí nach bhfuil aon dul siar ann:

Níor phóg mé Eibhlín. Theastaigh uaim a dhéanamh ach ní thiocfadh liom. Ní leigfeadh rud inteacht, uabhar b’fhéidir, domh a dhéanamh. Ar dóigh inteacht mheas mé go dtiocfadh sí mo dhiaidh go dtí an doras. D’atharc mé thart ar an teach sul má chaill mé é ag corradh na hascaille, ach ní raibh sí ag an fhuinneog. D’aithin mé nach uabhar a bhí ag cur as domh, ach rud inteacht eile nach rabh dul agam canúint a fáil do, nár theastaigh uaim canúint a fháil do.

Agus, tá rudaí iontacha eile sa leabhar, chomh maith; cur síos spraíúil ar shaol Bhaile Átha Cliath, agus ar a phearsana, leithéidí Níon De Brún, díograiseoir diongbháilte, an saghas carachtair a gheofaí i saothar Joyce nó an Chathasaigh

“Dúirt an Pápa féin go rabh Hitler in aghaidh an Chreidimh” arsa Bean Uí Liatháin, “nár léigh tú ‘Mit Brennednde Sorge’ ? “

“Ar léigh tusa ‘Mein Kampf’? ” arsa Níon De Brún.

“Níor léigh.”

“Léigh mise é, agus ní sa Bhéarla a léigh mé é, ach san Ghearmáinis, an teanga in ar scríobhadh é. An dóigh leat go bhfuil mise ag dul a shlugadh gach focal adeir an Pápa”

Ach tá lochtanna ar an leabhar cinnte, cuid acu atá luaite cheana féin ag na criticeoirí. Tá sleachta ann atá rófhada agus leadránach, uaireanta tá barraíocht eolais agus sonraí faoi chúrsaí airgid ann. Agus ciútaí ann freisin nach mbeadh inghlactha ar na saolta seo. Mar shampla, an reacaire ag labhairt faoi bhean siopa:

Cé gurb éagórach é, ní rabh toil ariamh agam do na hIúdaigh agus níor theastaigh uaim ar iarr sí an airgead…

Glacfaimid leis, áfach, gurb é an reacaire atá ag caint anseo, seachas an t-údar, mar is eol dúinn gur dhuine fiosrach agus oscailte ab ea Séamus Ó Néill. Rinne sé a lán taistil ar fud na hEorpa tar éis an chogaidh agus scríobh roinnt alt faoi den iris Inniu, ina measc ailt faoi Bheirlín agus Nuremburg, téacsanna atá ar fáil sa leabhar Lámh Dhearg Abú. 

Dúradh liom le déanaí go bhfuil suim léirithe ag clódóir sa leabhar agus seans ann go n-athfhoilseofaí é. Más fíor sin, is dea-scéal é. Ba cheart go mbeadh fáil ag glúin léitheoireachta nua ar an leabhar seo, a bhfuil áit lárnach agus thábhachtach aige i stáir litríochta na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Ba bheag an chosúlacht a bhí aige le haon leabhar eile Gaeilge roimhe sin…'