Rinne John McDonagh, an fear a fritheadh ciontach i ndúnmharú agus in éigniú an déagóra Siobhán Hynes beagnach sé bliana déag ó shin, iarratas inné ar an Ard-Chúirt chun cead a thabhairt do shain-eolaithe fianaise dhlí-eolaíoch a bailíodh mar chuid den fhiosrúchán a scrúdú.
Tá McDonagh, atá dhá scór bliain d’aois, ón Deimesne, An Caorán Beag ar an Cheathrú Rua i gConamara ag lorg na samplaí a tógadh le linn an imscrúdaithe – éadach, snáithíní agus ingne – le go bhféadfadh eolaithe tástálacha a dhéanamh orthu. Is mian leis chomh maith go ndéanfaí anailís DNA orthu.
Deir sé nach raibh na tástálacha seo ar fáil le linn na trialach.
Ciontaíodh McDonagh sa bhliain 2001 as éiginiú agus dúnmharú Siobhán Hynes, seacht mbliana déag, as Leitir Móir i gConamara, go moch ar maidin ar an 6 Nollaig 1998.
Phléadáil McDonagh neamhchiontach ag an am agus tá sé ag maíomh go fóill nach ndearna sé na coireanna.
Gearradh príosún saoil air as an déagóir a dhúnmharú agus téarma deich mbliana as í a ionsaí.
D’iarr an Irish Innocence Project ar eolaithe i Meiriceá cás McDonagh a fhiosrú.
Tá caingean dlí á ghlacadh aige anois in éadan Choimisinéir an Gharda Síochána agus an Ard-Aighne chun iachall a chur ar na Gardaí fianaise dhlí-eolaíoch a bailíodh mar chuid den fhiosrúchán ar dhúnmharú Siobhán Hynes a thabhairt ar lámh do shaineolaithe atá ag feidhmiú ar son an Irish Innocence Project.
Is é an t-abhcóide sinsireach Michael O’Higgins atá ag feidhmiú ar son McDonagh.
Tá sé ag lorg freisin dearbhú nach bhfuil ionadaithe na nGardaí ag gníomhnú de réir ceartas aiceanta agus nósmhaireacht chothrom trí chead a dhiúltú dó an fhianaise dhlí-eolaíoch a scrúdú.
Maíonn McDonagh go bhfuil an diúltú seo ag sárú a chuid cearta bunreachtúla agus a chuid cearta faoin Choinbhinsiún (Eorpach) chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR).
Sa bhreis air sin, deir sé go bhfuil a cheart ar dheis ionadaíochta sna cúirteanna á shárú ag an diúltú seo.
Ag feidhmiú thar ceann an stáit, chuir an tAbhcóide Sinsireach Conor Power in éadan iarratas McDonagh agus dúirt nach raibh aon cheart aige na samplaí seo a scrúdú.
Chuir an dá thaobh den chás bailchríoch lena gcuid argóintí inné agus d’fhógair an Breitheamh Paul McDermott go ndéanfadh sé a bhreithiúnas a fhorchoimeád, i bhfocail eile go ndéanfadh sé a bhreith a eisiúint ar dháta fógraithe, lá níos faide anonn.
In aighneachtaí a rinne Michael O’Higgins chuig an chúirt ar son McDonagh, dúradh go raibh beirt eolaithe den tuairim dá mba rud é go ndéanfaí tástáil anois leis an teicneolaíocht DNA nua-aimseartha ar ábhar a bailíodh i 1998, go mbeadh fianaise dhifriúil ar fáil ón mhéid a cuireadh faoi bhráid na trialach.
Níor aontaigh eolaí a bhí mar fhinné ag an stát leis an tátal sin.
Ach dúirt an tUas O’Higgins nach bhféadfaí a rá go raibh an t-iarratas chun tástálacha nua a dhéanamh ar an ábhar gan téagar ná bunús.
Mhaígh abhcóide McDonagh gurb é an t-iarratas ar thástálacha an chéad chéim a bhí á glacadh ag a chliaint le go mbeadh sé in ann dúshlán eile in éadan a chiontaithe a thabhairt sna cúirteanna.
Mar fhreagra air seo, mhaígh an tUas Power, thar ceann an stáit, nach leor go mbeadh ‘féidearthacht’ ann go bhféadfaí teacht ar rud éigin nua trí leas a bhaint as teicnící nua tástála, le go mbronnfaí an t-ordú a bhí á lorg ag McDonagh.
Dúradh nach raibh Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí ag brath ar fhianaise DNA sa chás in éadan McDonagh.
Dúradh freisin nach é saoradh McDonagh ar na coireanna a bheadh mar thoradh ar aon tastáil nua a dhéanfaí, fiú muna raibh an tástáil sin ar fáil ag am a chiontaithe.
Dúirt an t-abhcóide Power gur ar leas an phobail a bheadh sé gan ligint do McDonagh na samplaí a scrúdú ó tharla gur fear é a ciontaíodh tar éis triail a bhí cothrom.
De thairbhe é a bheith ciontaithe cheana féin, ní féidir glacadh leis go bhfuil ‘buntáiste na neamhchiontachta’ aige a thuilleadh, a dúirt Power.