Athruithe móra i ndán do sceideal Raidió na Gaeltachta agus ‘Cormac’ ag bogadh óna ‘Cúig’

Tá ‘Nuacht a hAon’ le filleadh ar RTÉ RnaG an fómhar seo agus beidh láithreoir nua ina bhun

Athruithe móra i ndán do sceideal Raidió na Gaeltachta agus ‘Cormac’ ag bogadh óna ‘Cúig’

Beidh cúrsaí nuachta á bplé agus á scagadh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta am lóin arís agus ‘Nuacht a hAon’ le filleadh an fómhar seo.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé beartaithe go mbogfadh Cormac Ó hEadhra, duine de na láithreoirí is mó le rá ag Raidió na Gaeltachta, ón gclár aitheanta tráthnóna ‘Cormac ag a Cúig’ go dtí an clár cúrsaí reatha am lóin.

I mí an Mhárta, cinneadh deireadh a chur leis an dara cuid den chlár nuachta am lóin mar gheall ar chiorruithe a cuireadh i bhfeidhm toisc daoine a ghlac le pacáiste iomarcaíochta ó RTÉ a bheith ag fágáil na heagraíochta, ach fillfidh an clár mar chuid de sceideal an fhómhair.

Fágann imeacht Chormaic Uí Eadhra ón gclár cúrsaí reatha tráthnóna go mbeidh deireadh le ‘Cormac ag a Cúig’, ach d’fhéadfadh gur ‘Michelle ag a Cúig’ a bheidh ag éisteoirí RnaG feasta agus Michelle Nic Grianna ag aistriú ó Dhún na nGall go dtí Domhnach Broc.

Uair an chloig a mhairfidh an clár cúrsaí reatha tráthnóna. Uair go leith a bhíodh ann le tamall ó cuireadh leathuair an chloig breise leis mar chuid de na hathruithe a rinneadh ar sceideal an stáisiúin níos túisce i mbliana.

I measc na n-athruithe eile atá beartaithe ag lucht bainistíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta i sceideal an fhómhair, tá sé i gceist leathuair an chloig breise a chur le príomhchlár na maidine Adhmhaidin.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist chomh maith an clár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra a bhogadh ó mhaidin Dé Sathairn go dtí maidin Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Athruithe móra i ndán do sceideal Raidió na Gaeltachta agus ‘Cormac’ ag bogadh óna ‘Cúig’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is trua liom ‘Cormac ag a Chúig’ ag bogadh ón 5pm go 1.30pm, caithfidh mé a rá.

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Bean mhaith ag teacht i gcomharbacht ar! Gach ádh ar Mhichelle!