‘Onóir mhór saoil’ – áthas ar an ealaíontóir as Árainn ar bronnadh a bhata iascaire ar an bPápa

Dúirt an t-ealaíontóir Lochlainn Cullen gur ‘onóir mhór saoil’ dó gur bhronn na tUachtarán saothar leis ar an Phápa Proinsias

‘Onóir mhór saoil’ – áthas ar an ealaíontóir as Árainn ar bronnadh a bhata iascaire ar an bPápa

Tá aird tarraingthe ar fud na cruinne ar an ealaíontóir Gaeltachta Lochlainn Cullen a rinne an bata iascaire a bhronn an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ar an Phápa Proinsias ag an deireadh seachtaine.

Dúirt Cullen, atá ina chónaí ar Inis Mór, Árainn, gur “onóir mhór saoil” dó féin agus dá mhuintir uilig gur bronnadh a bhata iascaire, ar an Phápa Proinsias, fear a bhfuil meas léirithe aige ar phobail dhúchasacha, ar a saol agus a saothar.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Cullen, a rugadh i mBaile Átha Cliath agus atá ina chónaí ar Inis Mór le breis agus scór bliain, gur chuir an scéal “an-iontas agus áthas” air.

“Bhain an scéal an chaint díom agus tá áthas orm gur roghnaíodh mo bhata iascaire mar bhronntanas ón Uachtarán agus ó mhuintir na hÉireann don Phápa.

“Ba léir chomh maith go ndeachaigh an bronntanas i bhfeidhm ar an bPápa agus go raibh tuiscint aige ar shaol na n-iascairí. Ba mhór an rud é sin agamsa,” a dúirt sé.

De shliocht na nglúnta iascairí bean chéile an ealaíontóra, Mary Quinn, as Inis Mór.

Rinne Cullen a chéad bhata iascaire d’athair Mary, Paddy Quinn, fear “a chaith a shaol leis an iascaireacht”.

Bhí Cullen féin ina iascaire ar feadh roinnt blianta nuair a tháinig sé go hInis Mór ar dtús agus is ó Paddy Quinn, nach maireann, a d’fhoghlaim sé conas snaidhmeanna agus rópaí a cheangal.

Mary Quinn agus Lochlainn Cullen

“Bhíodh slat aige ag dul thart agus bheartaigh mé go ndéanfainn slat a dhearadh dó agus go ndéanfainn é a mhaisiú le cuid de na snaidhmeanna a d’fhoghlaim mé uaidh féin.

“Bhíodh go leor daoine ag fiafraí faoi agus ag caint faoin bhata nuair a chonaic siad é.”

Dúirt Mary Quinn go bhfuair sí scairt ghutháin ón Uachtarán ag fiosrú faoin bhata iascaire i ndiaidh dó ceann a fheiceáil ag duine.

“Is ó bhéal go béal atá an scéal á scaipeadh go dtí seo ach ón deireadh seachtain tá go leor leor daoine ag dul i dteagmháil linn faoi,” a dúirt Mary Quinn.

As crann draighneáin a fhásann ar Inis Mór a dhéanann Cullen na bataí iascaire agus maisíonn sé iad le snaidhmeanna snáth cadáis.

Iarracht teaghlaigh atá sna bataí iascaire, a deir Lochlainn Cullen.

Paddy Quinn agus Lochlainn Cullen ag seinm ceoil le chéile

“Tá ár mac Caelán iontach ealaíonta agus is minic a chuidíonn sé liom leis an rópa agus na snaidhmeanna. Is maith linn na dearaí a chruthú agus tá muid ag súil le níos mó bataí iascaire a dhéanamh amach anseo,” a dúirt sé.

Tógann sé cúpla bliain chun bata iascaire a dhéanamh toisc an fhad a ghlacann sé an t-adhmad a thriomú.

‘Snaidhm Naomh Muire’ a thugtar ar an mbís atá greanta ar an maide a bronnadh ar an Phápa. Trí shnáth atá sa dearadh bíseach seo a dhéantar as trí shnáth a fhitear ina chéile. Comhartha an tsnaidhm seo de Thríonóid naofa na Críostaíochta.

Bhronn an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn an bata iascaire as Árainn ar an Phápa Proinsias ag cruinniú a bhí aige leis an bPápa sa Vatacáin ag an deireadh seachtaine.

Is ar bhonn coimisiúin a dhéanann Cullen na bataí iascaire agus tá fáilte roimh dhaoine teagmháil a dhéanamh leis ar ríomhphost: lochlainnandmary@gmail.com.

Fág freagra ar '‘Onóir mhór saoil’ – áthas ar an ealaíontóir as Árainn ar bronnadh a bhata iascaire ar an bPápa'