‘As ucht Dé scaoil uait í!’ – thar am ag cráiteacháin éirí as an sciolladh ar an gcúl báire

Ní mór a admháil, go dtagann an lá nach bhfuil againn ach glacadh leis an rud nua – sin nó a bheith taobh leis an ocras

‘As ucht Dé scaoil uait í!’ – thar am ag cráiteacháin éirí as an sciolladh ar an gcúl báire

Rory Beggan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Níor mhaith liom a chreidiúínt go bhfuil mé ag dul i gcantal leis an aois. Fós ní haon áibhéil a rá go bhfuil mo bhealach féin liom – faigh duine againn nach bhfuil.

Ní minic a fháiltíonn mé roimh an athrú. Ná bí ag súil le trua más amhlaidh duit. ‘Faigh saol duit féin!’, mar a deirtear sa nGaeilge nua, (gur beag fonn atá orm í a ghlacadh chugam féin ach an oiread).

Níl rud ar bith is mó a chuireann le buile mé ná ollmhargaí a shocraíonn d’aon iarraidh amháin athrú a chur ar leagan amach a gcuid siopaí. Seampú anois san áit a mbíodh an builín. Meadar éicint a bhfuil ‘hummus’ scríofa air ar an tseilf ina mbíodh an punt ime le fáil.

Is mór an díol trua mé – chomh corraithe sin uair dá raibh gur fhág mé tralaí lán go boimbéal i lár an chosáin agus bhailigh liom abhaile. Fonóid a deineadh ansiúd fúm agus mé ag súil le sólás.

Déanaim chuile iarracht na spadhair bheaga seo a choinneáil i bhfolach agus mé i gcomhluadar daoine eile, ach ní minic sin a bheith éasca. Ag imeachtaí spóirt is deacra agam guaim a choinneáil orm féin.

Tuigim agus glacaim leis gur chuir Stephen Cluxton, as féin, athrú ó bhun ar ról an chúl báire sa bPeil Ghaelach. Chuir a chuid fánaíochta agus straitéis a chuid ciceála gné bhreise leis an gcluiche. Fós is minic mé ag cásamh nach greamaithe de líne an chúil a chaith sé an 21 bliain ar imir sé le hÁth Cliath. Agus cé a déarfadh go bhfuil a sheal tugtha fós?

Tá mo ghlórsa ar cheann de na cinn a bhíonn le cloisteáil anois nuair a dhéanann cúil bháire eile aithris ar a chuid imeartha. ‘As ucht Dé scaoil uait í!’ a chloisfidh tú uaim nuair a thugann siad an pheil go dtí an líne 20m. Mo chuid lámha ar chlár m’éadain má théann siad i ngar ná i ngaobhar de lár na páirce.

Mar sin féin ní mór a admháil, dála seilfeanna an ollmhargaidh, go dtagann an lá nach bhfuil againn ach glacadh leis an rud nua. Sin nó a bheith taobh leis an ocras.

Ní baileach go mba ionann é agus an fhís ar bhóthar na Damaisce, ach ba ar Pháirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá bliain nó dhó ó shin a baineadh as mo chuid faghartachta féin mé.

Ansiúd lá, bhí mo ghlór agus scór eile acu a bhí i mo thimpeall ag liobairt báireora faoina stáisiún a thréigean. Nuair a thug mé súil níos géire orthu siúd a bhí ar aon intinn liom ab ea a chonaic mé go raibh siad ar fad i bhfoisceacht bliain nó dhó do phas an bhus – nó, ar mo nós féin, sin bailithe acu.

Níor bhain geáitsíocht an chúl báire feanc astu siúd a bhí níos óige. Thar am ag cráiteacháin éirí as an sciolladh, a deirimse liom féin.

Cúpla seachtain ó shin chaith mé píosa de thráthnóna ag breathnú ar Rory Beggan ag fánaíocht thimpeall Pháirc an Phiarsaigh i gcluiche sraithe idir Gaillimh agus Muineachán.

Cé is moite de Cluxton, seans gurb é Beggan an té is mó a bhfuil máistreacht aige ar scileanna nua an chúl báire, agus más ceadmhach dom é a rá, measaim é a bheith níos fearr ná fear Átha Cliath i mbun na gciceanna saora.

Go deas réidh a chiceálann fear Mhuineacháin an liathróid – chuirfeadh sé duine de na galfairí móra i gcuimhne duit agus eisean ag sleamhnú an ding phitseála go grástúil isteach faoin liathróid.

Fiú agus é 65 méadar amach ón gcúl ní cosúil go gcuireann fear Bhaile an Scotaigh mórán níos mó anró ar féin ná a chuirfeadh agus é cuid mhaith níos gaire den sprioc.

Fear eile nach mbíonn aon fhaitíos air a stáisiún a thréigean is ea báireoir Thír Eoghain, Niall Morgan. Eisean a ghlacann na ciceanna saora a fhaigheann siadsan timpeall lár na páirce freisin. Mar lánchúlaí is minice leis imirt dá chlub Éadan na dTorc agus fuair sé 1-5 as an ionad sin i gcluiche craoibhe anuraidh.

Níos cumasaí fós i mbun scórála atá an cúl báire ionaid atá ag Tir Eoghain – Benny Gallen a scóráil 0-28 dá chumann Achadh Uí Áráin anuraidh.

Bhí an lá ann nuair nach raibh de bhaint ag an gcúl báire le hath-thús na himeartha ach an liathróid a fhágáil ar an talamh do pé cúlaí a raibh an cúram air an cic amach a ghlacadh.

Timpeall an ama sin freisin a shíneadh an siopadóir amach do chrúsca suibhe agus do dhá phunt siúcra amach thar an gcuntar chugat.

Sna hospidéil féin an uair údaí, ní raibh aon chaint ar thralaithe.

Fág freagra ar '‘As ucht Dé scaoil uait í!’ – thar am ag cráiteacháin éirí as an sciolladh ar an gcúl báire'