As dúchas…dóchas – rud ann féin is ea an sprid a chothaíonn spórt na nGael

Rinne ár gcolúnaí caide píosa cainte sa cheolchoirm speisialta  ‘Ireland 100: An Old Song Re-Sung’ a craoladh RTÉ aréir. Tá áthas orainn é a fhoilsiú anseo

As dúchas…dóchas – rud ann féin is ea an sprid a chothaíonn spórt na nGael

Sí an chaid féin an Alpha agus an Omega.

Is í an liathróid nó an chaid a mheallann isteach sinn i ndomhan na samhlaíochta, domhan an tsuilt, domhan na n-iontaisí agus na himeartha.

Nuair a bhíonn an garsún óg ag imirt leis an gcaid aige baile ar shleasa Chnoc Bréanainn níl a fhios aige go bhfuil sé ag múnlú agus ag forbairt scileanna. Is dóigh leis an ngarsún sin go bhfuil sé díreach ag imirt leis an liathróid. Is é an dála céanna ag ógánaigh eile ar shráideanna Bhaile Áth Cliath nó Chorcaí nó Bhéal Feirste é.

Níl aon tuiscint ag an ngarsún óg go bhfuil ealaín á chleachtadh anois aige a sheasfaidh leis agus a bheidh mar chrann taca aige dos na laethanta móra a bhronnfaidh an spórt air an chuid eile dá shaol.

Cé go bhfuil an tír agus an domhan féin siúlta agam ag imirt chaide, ag insint scéalta fé spórt agus ag éisteacht le cuid mhaith scéalta eile, sroicheann m’anam agus mo shamhlaíocht cuan i gcónaí sa ghort beag caide trasna ón mbunscoil – Scoil Naomh Eirc i mBaile an Mhórdhaigh [Mhúraigh].

Ba ansiúd, lastuas den halla, a imríodh cuid des na cluichí caide ba dhéine, ba dhiongbháilte agus ba dhrámatúla dá bhfaca in aon áit riamh.

Ar an ngort sin ag am lóin a fíoraíodh aislingí, a cruthaíodh nósanna imeartha agus a múnlaíodh tuiscintí ar chluiche na caide – aislingí, nósanna agus tuiscintí a sheas linn go léir ar feadh na mblianta a lean.

Nuair atá máistreacht fachta ag an ngarsún óg ar an gcaid is féidir leis brath roimis sa tsaol chomh maith le dul ag taoscadh as tobar na sinsear. Is féidir leis an ngarsún féachaint roimis agus ina dhiaidh, soir agus siar. Tugann an spórt orlach dá thoil dó agus banláimh dá leas. Tá a thruslóga níos tréine, a sheasamh níos daingne agus é, ar chuma éigin, níos mó ná a phearsa féin. Tá radharc aige ar an uile ní agus tá áilleacht ag baint leis an uile ní. Tagann áilleacht sin na hóige le máistreacht ceirde.

D’éirigh le Cumann Lúthchleas Gael ó thús toisc gur luigh an t-ábhar a chuir sé ar fáil le cultúr, le deasghnátha agus le mianta an phobail. Agus ár gcultúr dúchais fé chois ag cúinsí polaitiúla leis na céadta bliain, thug na cluichí deis dos na daoine a n-anam a nochtadh. Nuair a bhí gach aon léiriú eile de sprid na nGael díscthe, d’éirigh leis an sprid sin éalú as an ngéibheann trí chleachtadh suilt agus caitheamh aimsire.

As dúchas, dóchas.

In am an ghátair sin é a deintear. Téitear siar ar fad, domhain isteach i mbolg na hoidhreachta díreach fé mar a dheineann treibheanna áirithe ar chríocha eile agus iad á ngríosadh féin chun catha – iad ag impí agus ag guí chun déithe na hoidhreachta chun go bhféadfaí an chéad choimhlint eile a bhuachtaint.

B’fhéidir gurb amhlaidh atá le gach spórt – go mbíonn fonn ar na beoibh cuimhne na marbh a bhuanú, cuimhne na n-íobairtí a dheineadar inné a aithint inniu agus cuimhne na n-iontaisí móra a chruthaítear ar pháirc na himeartha a roinnt leo siúd a chuaigh romhainn. Sa roinnt sin, éiríonn linn, tríd an spórt, ár sinsear a bhreith linn thar n-ais ón saol eile. Sin ceann de mhíorúiltí agus de thabhartaisí an spóirt sa tír seo. Sin é an taobh go bhfuil oiread béime ar bhris agus bua againn.

Comhfhaid fuacht is teas

Comhfhaid fuath is grá

Ach téann an bris go smior

Agus fanann ann go brách

Sin é an taobh chomh maith go ndeintear déithe beaga des na laochra a d’imigh romhainn ar na machairí. Sa dán a scrígh sé ar Christy Ring deir an file Seán Ó Tuama, go dtaibhsítear dó gurbh é Cúchulainn in aon nóimeat buile amháin a bhí in ionad Christy Ring os a chomhair amach ar an bpáirc:

D’at a chabhail

i radharc na sluaite

do bholgaigh súil

‘s do rinc ar mire,

Bhí cnagadh is cleatar,

liútar-éatar,

fir á dtreascairt,

fuil ag sileadh-

‘s nuair a rop trí cúil isteach

bhí seandéithe Éireann uile

ag stiúrú a chamáin

Cé hiad na déithe a stiúróidh amáireach sinn?

Nach shin é ár machnamh lae is ár dtaibhreamh oíche?

Céad bliain ó shin i gCiarraí, cuireadh goin agus gortú Chogadh na gCarad ar leataoibh chun máithreacha a leagadh síos do chluiche na caide féin, na máithreacha ar a dtógfaí an struchtúr tathagach tréan a aithnímid inniu.

Tá borradh ná facthas riamh cheana fé chluichí na nGael i gceithre hairde an domhain ach tá crúcaí na tráchtála tar éis a ngreim a fháil ar na haon ghné den imirt a mheall mar leanaí sinn.

Tá an doras ar leathadh, mar ba chóir dó bheith i gcónaí roimis an stróinséar, ach leis an uile phingin a thagann ó chomhlachtaí idirnáisiúnta dí, comhlachtaí idirnáisiúnta cearrbhachais, comhlachtaí idirnáisiúnta meán agus ó lucht camastaíola, tagann ídiú ar éirim agus ar sprid an spóirt féin.

Rud ann féin is ea an sprid sin a chothaíonn spórt na nGael. Rud leochaileach is ea é nach féidir a cheannach ná a dhíol…. ná a sheoladh mar thráchtearra ar an margadh. Tógann sé síorthindeáil an sprid seo a chaomhnú agus is furaist í a sheirgeadh [sheargadh] chun dímhisnigh.

Ar an ród seo romhainn, caithfear an doras a choimeád ar leathadh don rud nua, don áilleacht aduain…. ach mí miste, chomh maith an rud dúchasach a chosaint agus a chothú. Sibhialtacht is ea domhan an spóirt, comhluadar aonadach go bhfuil stair leanúnach laistiar dó. Léiríonn an stair sin gur scriosadh mórán dá bhfuil luachmhar agus go ndeineadh iarrachtaí ár dteanga féin, fiú, a chur fé thalamh. Le linn an ama sin go léir, áfach, bhí doras na saoirse ar leathadh do dhaoine go dteastaigh uathu iad féin a chur in iúl trína gcaitheamh aimsire agus a gcluichí. Nuair ba mhó a bhíomar ar thóir ár n-aitheantas mar Ghaeil, bhí ár gcluichí ann chun misneach a thabhairt dúinn.

Ní náir dúinn a thuilleadh ár n-éagsúlacht.

Táimid fós anseo ag rith leis an gcaid a mheall isteach an chéad lá sinn.

Táimid fós ar oilithreacht sin na háilleachta.

As dúchas, dóchas.

Fág freagra ar 'As dúchas…dóchas – rud ann féin is ea an sprid a chothaíonn spórt na nGael'

  • Seán Mag Leannáin

    Píosa draíochtúil próis ar geall le filíocht é. Thug Dara an chraobh leis sa seó seo díreach mar a rinne sé nuair a thug sé óráid thar ceann na Ríochta tar éis a mbua i gCraobh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann.