Throid roinnt mhaith de mhuintir Dhún Chaoin ar son ‘the Stars and Stripes’…

Ba dhóigh leat, agus Dún Chaoin chomh hiargúlta san, go mbeadh muintir an pharóiste beag beann ar chúrsaí míleata... Ní hamhlaidh a bhí...

Throid roinnt mhaith de mhuintir Dhún Chaoin ar son ‘the Stars and Stripes’…

Chuir arm Mheiriceá físeán amach ar Twitter le déanaí, ag guí dea-Lá ’le Pádraig orainn go léir. Ba dhóbair dom a raibh im’ phutóga a chaitheamh amach ach a bhfaca é; ollghunnaí, ingearáin agus buamaí ag lámhach agus ag séideadh seamróga uathu, fé mar a bheadh rud éigin ó fhógra do Lucky Charms nó ó My Little Pony. Is cosúil nach bhfuil aon díobháil in aon chor in arm Mheiriceá agus nach iad an meaisín maraithe is mó ar thalamh an domhain; níl iontu ach buíon breá suáilceach de leipreacháin, lán glas agus uaine agus potaí óir, ar nós Darby O’Gill agus na Daoine Beaga. Cac asail sa deep freeze, má chonaic riamh é.

Ach chuir sé ag cuimhneamh mé ar an méid óm’ pharóiste féin a bhí in arm Mheiriceá tráth. Ba dhóigh leat, agus Dún Chaoin chomh hiargúlta san, go mbeadh muintir an pharóiste beag beann ar chúrsaí míleata, ar chogaí, ar choinscríobh agus ar liostáil. Ní hamhlaidh a bhí áfach.

Cé go samhlófá arm na Breataine le muintir na hÉireann tráth, d’fhéadfá céad punt a chur síos i gcoinne na pingine gur i bhfórsaí na Stát Aontaithe a bhí an chuid ba mhó ar fad acu liostáilte, agus ní in arm Shasana. Throid 200,000 Éireannach ar an dá thaobh i gcogadh cathartha Mheiriceá ach is i bhfórsaí an Aontais a bhí a bhformhór mór. Ag deireadh an naoú haois déag bhain bean ó Dhún Chaoin, Cáit Uí Lúing (Ní Ghairbhia) mioncháil amach tar éis don Boston Globe agus an New York Irish World scéalta a scríobh fúithi. Tugadh fé ndeara go raibh triúr mac, beirt dearthár agus seachtar nia léi tar éis troid ar son an Aontais.

D’fhág Cáit Dún Chaoin sa bhliain 1846, i gcroílár an Ghorta Mhóir. Tháinig sí i dtír i mBostún agus shocraigh síos i West Brattleboro, Vermont, áit a raibh a beirt dearthár roimpi. Tá an cuntas seo a leanas ag Damian Shiels ar an suíomh idirlín Irishamericancivilwar.com (sárshuíomh ar fad):

The emigration of the Garveys and Longs from Ireland in the 1840s resulted in a significant contribution to Union arms during the Civil War. Members of the family experienced having horses shot from under them in action and the struggle for survival in the horrors of Andersonville POW camp.

Scéal suntasach go maith ab ea é oiread san daoine muinteartha léi a bheith tar éis a bheith ar diúité i rith an chogaidh, agus ar an 9 Meán Fómhair 1893 d’fhoilsigh an New York Irish World scéal fén dteideal ‘Taught Her Sons Patriotism. The Life Story of a Grand Old Irish Woman. Her Three Sons, Two Brothers and Seven Nephews Fought for the Stars and Stripes’.

Agus an Eoraip fé lasair ag an gCogadh Mhór, bhí roinnt mhaith d’fhearaibh Dhún Chaoin in airm Mheiriceá agus Cheanada, agus chonaic cuid acu Murchadh. Orthu siúd bhí Peatsaí an Phoncáin Ó Cearnaigh, ó bharr a’ bhaile ar an mBlascaod Mór; bhí sé sa bhFrainc i 1917 agus cé nár maraíodh é dhein gás nimhneach na nGearmánach an-díobháil dá scamhóga agus dá shláinte. Ba mhór idir aer úr an oileáin agus é.

Bhí triúr mac leis an Common Noun, Seán Ó Dálaigh sna fórsaí le linn an chogaidh mhóir; bhí Seán in arm Cheanada agus deirtear gur chaill sé cos; bhí Micheál sa 101st Airborne Division in arm Mheiriceá agus throid sé siúd san Eoraip chomh maith. Bhí seans níos fearr lena dheartháir Pádraig; bhí sé siúd sa Mharcra, ach cuireadh deireadh leis an gcogadh agus é ar bord árthaigh chun dul don Eoraip – d’fhan sé aige baile!

Bhí scata eile ón bparóiste i bhfórsaí Mheiriceá i rith an dara cogadh domhanda chomh maith. Ina measc bhí Tomás Thomáis Dhónaill Criomhthain, mac an údair iomráitigh, a saolaíodh san oileán in 1885. Ní hamháin san, ach bhí a mhac Thomas, a rugadh i Springfield i 1918, san arm an tráth céanna. Bhí beirt mhac le Mike ‘The Fiddler’ Ó Catháin (mac Rí an oileáin, Peats Mhicí) i gcabhlach Mheiriceá sa chogadh san, agus cé go raibh cosc i bhfeidhm ar dheartháireacha a bheith san aonad céanna, d’éirigh leo seirbheáil lena chéile toisc gur ‘Kane’ scríobh fear amháin acu agus ‘Keane’ a scríobh an fear eile!

Bhí beirt sean-uncail dom féin i bhfórsaí Mheiriceá. Bhí Pádraig de Mórdha, nó ‘Dye Devin’, coinscríofa san arm sa Chéad agus sa Dara Cogadh Domhanda. Tá sé ráite go raibh sé sa chath uair éigin agus gur maraíodh na saighdiúirí a bhí ina seasamh ar gach aon taobh dó ach gur tháinig sé féin slán. Bhí a dheartháir Tom Devin san Afraic agus sa Ghréig sa Dara Cogadh Domhanda, agus chonaic sé a dhóthain. Bhí a mhac siúd aríst, Tommy Tom Devin ó Springfield, i Vítneam.

Ní haon mholadh a bhí ag éinne acu ar shaol an tsaighdiúra.

Fág freagra ar 'Throid roinnt mhaith de mhuintir Dhún Chaoin ar son ‘the Stars and Stripes’…'