Ardú suntasach ar líon na dturasóirí a thug cuairt ar láithreacha Gaeltachta

Cé gur thit líon na dturasóirí a thug cuairt ar Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i gConamara anuraidh, tháinig ardú ar na figiúirí ag na láithreacha oidhreachta eile sa Ghaeltacht

Ardú suntasach ar líon na dturasóirí a thug cuairt ar láithreacha Gaeltachta

Tháinig ardú beagnach 60% ar líon na dturasóirí a thug cuairt ar Ionad an Bhlascaoid anuraidh agus i méid a bhí líon na gcuairteoirí chuig formhór na láithreacha oidhreachta Gaeltachta ag dul in 2023.

De réir na bhfigiúirí nua atá eisithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), thug 68,605 duine cuairt ar Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin anuraidh. B’in ardú 58% ar líon na ndaoine a thug cuairt ar an ionad oidhreachta in 2022.

Caitheadh nach mór €3 milliún ar na hoibreacha athchóirithe ar Ionad an Bhlascaoid a cuireadh i gcrích in 2022. Tógadh an t-ionad i 1993 chun scéal mhuintir an Oileáin a insint.

In ainneoin go raibh méadú ar líon na ndaoine a thug cuairt ar an ionad oidhreachta i nDún Chaoin, thit líon na dturasóirí a thug cuairt ar an mBlascaod Mór féin breis is 50% anuraidh. Deir an OPW gur 5,905 duine a chuaigh amach chomh fada leis an mBlascaod Mór in 2022, laghdú ó 12,000 duine an bhliain roimhe.

Is léir nár chuir an turas farraige as do dhaoine a bhí ag iarraidh cuairt a thabhairt ar Dhún Aonghusa in Inis Mór anuraidh agus an dún agus na haillte ansin ar cheann de na láithreacha ag a bhfuil táille iontrála le híoc ba mhó éilimh in 2023.

Thug 144,153 duine cuairt ar Dhún Aonghusa anuraidh, ardú 20% ón nach mór 120,000 a bhí i gceist in 2022. D’fhéadfadh go raibh tionchar ag rath an scannáin Banshees of Inisherin, ar taifeadadh cuid de ar Inis Mór, le cuairteoirí a mhealladh chuig an oileán agus Inis Mór roghnaithe mar an láthair scannánaíochta is fearr ag an European Film Commissions Network anuraidh.

Tháinig na sluaite chuig Tigh Mór Dhoire Fhíonáin i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh in 2023 chomh maith. 324,065 duine ar fad a thug cuairt ar theach dúchais Dhónaill Uí Chonaill, ardú ó 288,267 an bhliain roimhe.

Tháinig ardú mór ar líon na gcuairteoirí chuig Caisleán Ghallarais i mBaile na nGall chomh maith idir 2022 agus 2023. 49,800 duine a thug cuairt ar an gcaisleán in 2023, méadú suntasach ar an 19,591 a chuaigh ansin in 2022 agus an 34,077 a rinne amhlaidh in 2021.

Thit líon na ndaoine a thug cuairt ar Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i gConamara de bheagán anuraidh. Thug 17,399 duine cuairt ar an láthair i Ros Muc anuraidh, laghdú thart ar 10% ón mbliain roimhe.

15.3 milliún cuairteoirí ar fad a tháinig chuig caisleáin, garraithe agus séadchomharthaí stairiúla na hÉireann in 2023, de réir fhigiúirí an OPW. B’in ardú 300,000 duine ó 2022.

Chuir an tAire Stáit ar a bhfuil cúram an OPW, Patrick O’Donovan, fáilte roimh ardú na bliana seo caite.

“Tá an t-ádh linn go bhfuil bailiúchán oidhreachta chomh saibhir agus chomh héagsúil againn ar fud na tíre. Tá sé fíorthábhachtach um chosaint agus um chaomhnú na hoidhreachta tógtha sin againn – idir shéadchomtharthaí ársa agus chaisleáin mheánaoiseacha – go leanfaidh an Stát leis an infheistíocht oidhreachta sin. Is iontach a fheiceáil go bhfuil líon na gcuairteoirí ag méadú ó bhliain go chéile, ag láithreacha le táillí iontrála agus láithreacha le saorchead isteach araon ar fud na bliana.”

Ba é Caisleán Chill Chainnigh an láthair le táille iontrála ba mó éilimh in 2023 agus 546,354 cuairteoir tagtha ansin anuraidh. Bhí Caisleán Bhaile Átha Cliath sa dara háit le 534,014 cuairteoir agus bhí Carraig Phádraig (357,273) agus Príosún Chill Mhaighneann (258,154) chun tosaigh ar Dhún Aoghnusa, a bhí sa chúigiú háit.

Fág freagra ar 'Ardú suntasach ar líon na dturasóirí a thug cuairt ar láithreacha Gaeltachta'

  • Siob

    Tá cúnamh maith ag an Aire agus Gaeilge ar ard-chaighdeán ag an té a chuir an ráiteas seo amach as Gaeilge ar a shon.