Ardú fógartha ar dheontas mhná tí na Gaeltachta den chéad uair ó 2017

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh an uile dhuine ag ‘súil go mór’ le filleadh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar an nGaeltacht tar éis dhá bhliain

Ardú fógartha ar dheontas mhná tí na Gaeltachta den chéad uair ó 2017

Tá ardú 10% ar an liúntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers.

Fágann na t-ardú gur €11 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íocfar le fir agus mná tí na gcoláistí samhraidh seachas €10.

Seo an chéad ardú ar an liúntas ó 2017.

€460,000 a chosnóidh an íocaíocht bhreise agus deirtear go mbainfidh tuairim is 700 teaghlach Gaeltacht leas as.

Fógraíodh ardú chomh maith ar na deontas laethúil a íoctar leis na coláistí cónaithe atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Ardófar chomh maith an deontas laethúil faoi leith a íoctar faoi na scéimeanna Árainn Gaeltachta agus Erasmus Gaeltachta a thugann deis do scoláirí iar-bhunscoile agus mic léinn tríú leibhéil seimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh an uile dhuine ag “súil go mór le filleadh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre ar an nGaeltacht an samhradh seo”. Dúirt sé go raibh “tábhacht faoi leith” le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge don Ghaeilge agus do gheilleagar na Gaeltachta.

“Ag croílár an scéil, tá na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na mílte scoláire bliain i ndiaidh bliana. Mar aitheantas air sin agus an t-ardú atá tagtha ó 2017 ar na costais a thiteann orthu, tá sé tráthúil go n-ardófaí an deontas a íoctar faoin scéim anois agus na coláistí ar tí athoscailt.”

Fág freagra ar 'Ardú fógartha ar dheontas mhná tí na Gaeltachta den chéad uair ó 2017'