Beidh a fhios againn théis chluichí an deireadh seachtaine seo cé a bheidh ag imirt i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann i mbliana agus cé a bheidh ag dul isteach i gCorn Tailteann.
Tá formhór na n-áiteanna socraithe cheana féin ach tá deis ag ceithre cinn de na foirne a bheidh ag dul chun páirce idir seo agus Dé Domhnaigh – contae an Lú, Uíbh Fhailí, Cill Dara agus contae an Dúin – a chinntiú go mbeidh siad sa tarraingt atá le déanamh Dé Máirt do chomórtas Coirn Mhig Uidhir.
Cill Dara is mó atá i mbaol cailliúint amach ar áit sa phríomhchomórtas. Chaithfeadh siad an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath amárach chun a bheith cinnte d’áit i gCraobh na hÉireann. Fiú má chailleann Cill Dara, tá seans fós ann go mbeadh siad san áireamh toisc gur chríochnaigh siad sa chúigiú háit i Roinn 2 na sraithe ach sa chás sin bheadh foireann Glenn Ryan ag brath ar fhoirne eile chun Corn Tailteann a sheachaint.
Beidh an bua cuimsitheach a bhí ag Cill Dara ar Chill Mhantáin seachtain ina spreagadh áirithe acu, ach ní bheadh aon mhuinín agat go mbeidh siad in ann ag Áth Cliath. Níl cluiche craoibhe idir na foirne buaite ag Cill Dara ón mbliain 2000 agus bhuaigh Áth Cliath an sé chluiche craoibhe is déanaí le farasbarr 14 pointe ar an meán. D’aimsigh foirne na príomhchathrach 16-121 le sna cluichí sin i gcomparáid le 4-75 ag Cill Dara.
Ní dheachaigh taispeántais Átha Cliath le linn na sraithe i bhfeidhm ar mhórán ach is léir nár chuir bliain i Roinn 2 isteach beag ná mór ar cheannas na foirne i gCraobh Laighean. Scóráil Áth Cliath 4-30 in aghaidh Laoise an deireadh seachtaine seo caite agus scrios déanta ag Con O’Callaghan (1-7), Colm Basquel (1-5) agus Ciarán Kilkenny (1-4). Is beag duine a cheapann nach mbainfidh siad cluiche ceannais an chúige amach den tríú bliain déag as a chéile amárach.
Tá coimhlint i bhfad níos suimiúla sa chluiche leathcheannais eile agus an Lú agus Uíbh Fhailí ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Tá an Lú ag imirt sna babhtaí leathcheannais den chéad uair ó 2010 agus tá ort dul níos faide siar go dtí 2007 don uair dheireanach gur éirigh le hUíbh Fhailí dul chomh fada seo i gCraobh Laighean.
Foireann an Lú rogha na coitiantachta don chluiche tar éis dóibh feachtas maith sraithe a bheith acu ach bhuaigh Uíbh Fhailí an cluiche craoibhe idir na foirne anuraidh théis am breise. Tá buille faighte ag Uíbh Fháilí agus an tosach Rory Egan gortaithe don chluiche seo. Tá an-seans ag an Lú coinneáil orthu leis an dul chun cinn atá déanta ó tháinig Mickey Harte isteach mar bhainisteoir.
Tráthnóna a imreofar an chéad chluiche peile den deireadh seachtaine agus Doire agus Muineachán ag tabhairt aghaidh ar a cheile i mbabhtaí leathcheannais Chúige Uladh. Tá an dá fhoireann cinnte d’áit i gCraobh na hÉireann cheana féin ach, mar a léirigh an cluiche idir Muineachán agus Tír Eoghain, tá an-tóir go fóill ar chraobh an chúige.
Tabharfaidh a mbua sa chluiche sin an-mhuinín do Mhuineachán, a bhí ar mhuin na muice cheana féin nuair a d’éirigh leo ísliú céime ó Roinn a hAon a sheachaint arís sa tsraith. Is maith a thuigeann siad cé chomh deacair is atá se Doire a bhualadh, áfach, agus an ceann is fearr faighte ag foireann Rory Gallagher orthu sa bhabhta céanna anuraidh.
Ní raibh Muineachán in ann ag fuinneamh agus aclaíocht Dhoire an lá sin agus níl aon mharbhántacht tagtha ar Dhoire ó shin. Bhuaigh siad go héasca ar Fhear Manach cúpla seachtain ó shin agus cé go bhfuil sé ina ábhar imní ag Gallagher agus lucht tacaíochta an chontae go raibh ar Conor Glass an pháirc a fhágáil le gortú le dhá chluiche anuas, beifear ag súil go bhfuil an fear mór láir páirce i gceart anois.
Amárach atá an cluiche leathcheannais eile agus deis ag contae an Dúin Corn Tailteann a sheachaint má bhuann siad ar Ard Mhacha. Bhí bua maith ag an Dún in aghaidh Dhún na nGall an tseachtain seo caite ach caithfear cur san áireamh go bhfuil na Conallaigh sách trína chéile i láthair na huaire.
Tá an tionchar atá ag Conor Laverty mar bhainisteoir le feiceáil go soiléir in imirt an Dúin, áfach, agus beidh siad dóchasach go maith gur féidir leo toradh maith eile a bhaint amach amárach.
Tá Ard Mhacha feabhsaithe le blianta beaga anuas agus iad áirithe i measc na bhfoirne is láidre sa tír ach tá siad fós ag fanacht ar dhul chun cinn a dhéanamh in Ulaidh agus cúig bliana déag ann ó bhain siad an cluiche ceannais amach. Níl sé sin maith go leor d’fhoireann atá ag iarraidh babhtaí leathcheannais agus ceannais na hÉireann a bhaint amach agus cheapfá go gcaithfidh siad craobh an chúige a bhaint má tá siad chun an chéad chéim eile a ghlacadh, mar atá déanta ag Doire agus ag Gaillimh.
Má bhaineann Ard Mhacha barr a maitheasa amach in aghaidh an Dúin, beidh siad sách maith an lá a thabhairt leo ach má bhíonn aon easpa díograis ag baint lena dtaispeántas mar atá feicthe roimhe seo, d’fhéadfadh an Dún teacht aniar aduaidh orthu.
Craobh Shinsir Peile Uladh
Doire v Muineachán – Ómaigh, 5.00in (Beo ar GAAGo)
Dé Domhnaigh, an 30 Aibreán
Craobh Shinsir Peile Laighean
An Lú v Uíbh Fhailí – Páirc an Chrócaigh, 1.45in (Beo ar GAAGo)
Áth Cliath v Cill Dara – Páirc an Chrócaigh, 4.00in (Beo ar GAAGo)
Craobh Shinsir Peile Uladh
Ard Mhacha v An Dún – Cluain Eois, 4.00in (Beo ar BBC)
Mayo, Roscommon, Tyrone, Donegal, Louth, Cork, Kildare
Fág freagra ar 'Ard Mhacha, An Lú agus Uíbh Fhailí sa tóir ar áit sna cluichí ceannais den chéad uair le fada'