Arbh fhiú €50,000 a thabhairt do theaghlach Gaelach le lonnú sa Ghaeltacht?

Is ionad breá cónaithe an Ghaeltacht, go mór mór le gasúir a thógáil ann agus is fiú iarracht eile a dhéanamh Gaeilgeoirí a mhealladh chuici

Arbh fhiú €50,000 a thabhairt do theaghlach Gaelach le lonnú sa Ghaeltacht?

Dá dtairgfí €50,000 do theaghlach le lonnú sa nGaeltacht an meallfadh sin iad? Déarfaidh cuid agaibh gur aisling bhréige atá agam. Féach mar sin féin go bhfuil rialtas na hAlban ag smaoineamh ar a leithéid de thairiscint a dhéanamh le daoine a mhealladh le dhul chun cónaithe ar a gcuid oileán.

Is cosúil go bhfuil siad lándáiríre faoin bplean. Ar 100 teaghlach a dhíreoidh siad i dtosach. D’iarr siad ar an bpobal moltaí a chur isteach faoin gcaoi ab fhearr leis an scéim a chur i bhfeidhm. Tá go dtí deireadh na míosa acu le sin a dhéanamh.

Ach oiread le páirteanna móra den Ghaeltacht seo againne tá an daonra ag titim ar oileáin na hAlban freisin.  Theastódh beart mór leis an mbánu a mhaolú.

Bhí mé ag cur síos sa gcolún seo cheana ar an iarracht a rinne muid os cionn leathchéad bliain ó shin Gaeilgeoirí a tharraingt chun na Gaeltachta. ‘Iosrael in Iarchonnacht’ a thug muid air.

Triúr a tháinig, Diarmaid Ó Néill, Bob Quinn agus Donncha Ó hÉallaithe. D’fhág siad a lorg go láidir ar shaol Chonamara agus tá beirt acu á dhéanamh go feidhmiúil fós.

Dá dtagadh 100 Gaeilgeoir an uair sin nach mór an neartú a dhéanfadh sé ar an nGaeltacht seo?

Leis an gceart a rá, ní raibh sé an-éasca ag teaghlaigh an t-athrú mór a dhéanamh ag an am. Cá bhfaighinn obair thiar an chéad cheist a chuirtí orainn. Duine ar bith a raibh post aige na blianta sin san áit a raibh sé choinníodh sé greim an fhir bháite air. Cé a thabharfadh milleán dhó?

Inniu tá daoine in ann go leor cineálacha oibre a dhéanamh as an mbaile agus tá an córas idirlín ag feabhsú faoin tuath. Ní ‘seal ag tarraingt fheamainne, ag cur fhataí is ag baint fhéir’ atá anseo ar chor ar bith anois.

Tá na seirbhísí ag feabhsú faoin tuath ina theannta sin agus cé nach bhfuil na siopaí líonmhar níl siad go dona. Earra nach mbeidh le fáil agat sa siopa áitiúil is furasta é a ordú ar líne.

Tá feachtas ar bun i bparóiste seo Charna faoi láthair ag iarraidh daoine a thabhairt anoir chugainn. Bainisteoir Fhorbairt Chonamara Láir, Máirín Ni Choisdealbha Seoige, atá i gceannas air.

Is iontach go deo an lear poiblíochta atá tarraingthe aici ar an scéal. Labhair sí go cumasach faoi i nGaeilge agus i mBéarla ar chláracha raidió agus teilifíse. Foilsíodh altanna faoi sna nuachtáin náisiúnta.

Ní cúis iontais ar bith go bhfuil an feachtas ar ghearrliosta cumarsáide an Oireachtais.

Lá Fhéil’ Mhic Dara i mbliana a seoladh go hoifigiúil é. Chuaigh Teresa Mannion as RTÉ amach ar an oileán go ndearna sí tuairisc teilifíse a bhogfadh an croí is dúire.

Tá sé róluath fós le breithiúnas a thabhairt ar an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an iarracht seo. Is fiú a lua mar sin féin go bhfuil thart ar thríocha comhluadar tar éis teacht chun cónaithe sa bparóiste le cúpla bliain anuas. Ar an drochuair níl mórán páistí ina measc. Theastódh tuilleadh páistí leis na scoileanna a choinneáil oscailte.

Dream amháin a tháinig is ea Mary Rogers agus a fear Karl. Cheannaigh siadsan Óstán Chuan Charna. Pointe spéisiúil fúthu gurbh é Bobby Beggs seanathair Mhary. Sin é an t-imreoir cáiliúil a bhuaigh bonn Chraobh na hÉireann sa bpeil le Baile Átha Cliath agus le Gaillimh araon.

Bheadh aithne mhaith ag Hugo Carey as Carna air. Bhuaigh seisean é féin bonn Chraobh na hÉireann le Gaillimh.

Sea is ionad breá cónaithe é Paróiste Charna, go mór mór le gasúir a thógáil ann.

Cinnte aireoidh daoine uathu cuid de bhuntáistí na cathrach.

Fear a d’aistrigh síos faoin tír as Baile Átha Cliath le gairid tá sé ag cuimhneamh i gcónaí ar na sólaistí a bhíodh le fáil aige i gcuid de na siopaí bia sa bpríomhchathair.

Má thagann a leithéid de dhuine go Paróiste Charna ní bheidh aon easpa sócamas air sa mBistro atá ag Mícheál Ó Cadhain i gCill Chiaráin, sa teach tábhairne agus ionad bia atá ag Clíona Ní Chualáin i gCarna agus in Óstán Chuan Charna.

Fág freagra ar 'Arbh fhiú €50,000 a thabhairt do theaghlach Gaelach le lonnú sa Ghaeltacht?'

  • Niamh

    Thógfainn €50,000 le bogadh chuig an nGaeltacht. Go áirithe anois go bhfuil post ag mo fhear le comhlacht ann. Tógadh sa ghaeltacht mé ach ba ró chostasach a bhí na tithe le ceannacht i 2012 agus fós. Tá an Gaeilge deacair a choinneáil láidir sa teach nuair is mise amháin a labhrann í agus scoil Béarla á úsáid againn.

  • Fionnuala

    Tá aithne agam ar daoine a bheadh an-suim acu lonnú sa Ghaeltacht – daoine atá díograiseach cheana féin ar son na Gaeilge. Sin iad na daoine ar fiú mealladh ann, sílim.