Arbh é Paul Givan an Chéad-Aire aontachtach deiridh i dTuaisceart Éireann?

Tá sé ina chíor thuathail in Stormont arís agus beidh le feiceáil ar íocshláinte don DUP an beart is déanaí acu

Arbh é Paul Givan an Chéad-Aire aontachtach deiridh i dTuaisceart Éireann?

Cleas cliste? Nó féindochar sa mhullach ar aimhleas an phobail agus dochar don déabhlóid?

Nuair a athbhunaíodh Stormont dhá bhliain ó shin maíodh go forleathan go raibh sé ar a sheans deiridh. Bhí dochar as cuimse déanta don mhuinín sna hinstitiúidí ag an bpairilis a mhair trí bliana. Creideadh nach mbeadh biseach i ndán dó mura mbeadh rath, nó cuma fheidhmiúil ar a laghad, ar Stormont an geábh seo.

Ach féach anois é ar leathchois, gan Céad-Aire ná LeasChéadAire tar éis chinneadh an DUP go n-aistarraingeodh siad Paul Givan as Oifig an Chéad-Aire mar agóid in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta, chun ról Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe a chosaint. Chinntigh imeacht Givan go raibh deireadh le ról an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, agus nach féidir cruinnithe den Fheidhmeannas a reáchtáil. Faoi dhlí nua tig leis na hairí eile fanacht in oifig agus bailchríoch a chur ar obair a bhí faofa cheana féin ach ní bheidh siad in ann saothar nua a thionscnamh.

Níl cáil an chearrbhachais ar Jeffrey Donaldson ach chuaigh sé sa tseans nuair a thóg sé a Chéad-Aire as Stormont. Ba é sin an cárta deiridh ina ghlac, é ag brath go hiomlán ar bhuntáiste ón teaictic seo. Is fíor go raibh an cleas sin á bhagairt aige le leathbhliain ach cén fáth a ndearna sé é Déardaoin? Ar bhain an dáta le brú a chur ar rialtas na Breataine agus ar an Bhruiséil nó ar chuir aighneas inmheánach san DUP tine faoin gceannaire?

Dúirt Jeffrey Donaldson gurbh í fadálacht na gcainteanna idir rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach faoin bprótacal faoi ndear dó gníomhú anois. Gheall an Príomh-Aire Johnson dó trí mhí ó shin go mairfeadh na cainteanna trí seachtaine, a dúirt sé. Ina theannta sin, dúirt ceannaire an DUP gur chuir sé an Státrúnaí Liz Truss ar an eolas nuair a ceapadh í mar idirbheartaí Breatimeachta go raibh fuascailt na gceisteanna riachtanach faoin 31 Eanáir, Dé Luain seo caite. In ionad dul chun cinn, b’fhacthas dó go raibh seans go leanfadh na cainteanna faoin bprótacal míonna eile.

Ba léir go mbeadh sé tubaisteach don DUP a bheith ag tabhairt aghaidh ar sciar mór de na vótóirí Aontachtacha i dtoghchán an Tionóil gan bagairt Donaldson a bheith curtha i bhfeidhm agus na cainteanna ag dul chun a thuilleadh leadráin. Tapaíonn Jim Allister gach deis chun brú a chur ar an DUP maidir leis an gcontúirt don Aontas Ríoga ón teorainn i Muir Éireann. Dá thairbhe tá an iomaíocht ón TUV neartaithe agus imní mhór san DUP faoin tacaíocht 12% a nochtadh do pháirtí Allister sna pobalbhreitheanna; áiríodh gur iar-vótóirí de chuid an DUP níos mó ná leath den líon sin.

Cibé réasúnaíocht maidir le brú seachtrach a bhí i gceist cuireadh suntas ar leith ann gur ghníomhaigh Donaldson níos lú ná ceithre huaire fichead ó d’ordaigh a Aire Talmhaíochta, Edwin Poots go gcuirfí stop le seiceálacha an Phrótacail ag calafoirt. Míthráthúil d’Edwin Poots ach tráthúil don eite sa pháirtí atá in adharca le Poots, Jim Wells agus an dream soiscéalach san DUP.

Níor cuireadh ordú an Aire Poots i bhfeidhm ag na calafoirt, dúradh nach mbeadh soiléireacht go dtí an Luan faoi sheasamh dlíthiúil a ordaithe; an féidir an dlí idirnáisiúnta a shárú ar ordú aire? Chinntigh an cinneadh Paul Givan a tharraingt as oifig gur ar an mbeart sin agus ar Jeffrey Donaldson a bhí aird agus nárbh é Edwin Poots agus an t-easaontas is deireanaí sa pháirtí a bhí i lár an aonaigh. Comhtharlúint gur cuireadh stop leis an bpoiblíocht a bhí faighte ag Poots le sé lá? Níor fheil na ceannlínte laethúla dóibh faoin dúshlán a thabharfadh Poots do chinneadh an pháirtí ainmniúchán mar iarrthóir do thoghchán an Tionóil a cheilt air. Tá sé ina chogadh oscailte sa pháirtí agus bhí súil ag Donaldson go leigheasfadh a ‘ghníomh cinniúnach’ na créachta.

Beidh le feiceáil ar íocshláinte don DUP an beart seo. An meallfaidh sé vótóirí agus an aontóidh sé na hionadaithe tofa? Nó ar geáitsíocht ar mhaithe leis an DUP é beag beann ar leas an phobail, mar a mhaígh na páirtithe eile?

An gcuirfear deireadh leis an teorainn i Muir Éireann dá dheasca? An ndéanfaidh rialtas na Breataine nó an tAontas Eorpach rud ar an DUP toisc gur scrios sé an t-aon rialtas ina raibh cumhacht aige? Chuir Jeffrey Donaldson agus a chomhghleacaithe a muinín in Boris Johnson cheana ina dtóir ar Bhreatimeacht crua; ba é an Prótacal a luach saothair ó Johnson.

Is cróga nó baothdhána an mhaise é do Donaldson a mhuinín a chur in Johnson leis an mbeart seo. Ní foláir nó gur mheas sé nach raibh aon rogha eile aige. Mura bhfaigheann sé athrú sásúil ar an bPrótacal tá seans nach bhfillfidh an DUP ar Stormont i ndiaidh an toghcháin, a dúirt sé. Thairis sin más iad Sinn Féin a bheidh i dtús áite i ndiaidh an toghcháin tá seans freisin nach bhfillfidh an DUP ar Stormont. Céard atá i ndán dóibh? Ar chuir Jeffrey Donaldson deireadh Déardaoin le ré an DUP i gcumhacht? Arbh é Paul Givan an Chéad-Aire aontachtach deiridh i dTuaisceart Éireann?

Fág freagra ar 'Arbh é Paul Givan an Chéad-Aire aontachtach deiridh i dTuaisceart Éireann?'

  • Seán Mac Gearailt

    Paul G an Chéad-Aire aontachtach deiridh i dTuaisceart Éireann agus Mícheál Ó M an Taoiseach deiridh de chuid FF ????

  • Seán Mag Leannáin

    Alt thar a bheith suimiúil ó Phóilín Ní Chiaráin. Scoilt sa DUP idir an eite shóiscéalach agus an eite shaolta. An mbeidh SF in ann teacht i dtír air sna toghcháin i mí Bealtaine? “Ba é sin an cárta deiridh ina ghlac, é ag brath go hiomlán ar bhuntáiste ón teaictic seo. Is fíor go raibh an cleas sin á bhagairt aige le leathbhliain ach cén fáth a ndearna sé é Déardaoin? Ar bhain an dáta le brú a chur ar rialtas na Breataine agus ar an Bhruiséil nó ar chuir aighneas inmheánach san DUP tine faoin gceannaire?… Ar chuir Jeffrey Donaldson deireadh Déardaoin le ré an DUP i gcumhacht? Arbh é Paul Givan an Chéad-Aire aontachtach deiridh i dTuaisceart Éireann?”

  • AN Teanga Bheo

    Cleas agus am breise don Bhreatain is cosuil.