AR SCÁTH A CHÉILE: Meas tú an mbeadh sí in araíocht le tabhairt faoi Oileán Mhic Dara?

Ar Scáth A Chéile – Colún nua do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le heolas, nuacht agus tuairimíocht faoin saol aimsir ghéarchéim an choróinvíris. Seolaigí bhur scéalta chuig nuacht@tuairisc.ie…

[live id=”4e5e36″ datetime=”2020-06-05T17:55:30+00:00″]

Meas tú an mbeadh sí in araíocht le tabhairt faoi Oileán Mhic Dara?

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

[/live]

[live id=”d3f933″ datetime=”2020-06-05T12:27:50+00:00″]

Seimineár Gaeloideachas le craoladh arís de bharr fadhbanna teicniúla a d’fhág nach raibh fáil ag roinnt daoine air

D’fhág fadhbanna teicniúla nach raibh fáil ag roinnt daoine ar an seimineár ar líne faoin disléicse sa chóras oideachas lán-Ghaeilge a d’eagraigh Gaeloideachas Dé Céadaoin seo caite, ach tá sé i gceist ag an eagraíocht an seimineár a chraoladh arís.

Dúirt roinnt daoine ar na meáin shóisialta nach raibh siad in ann páirt a ghlacadh sa seimineár ar líne, ‘Disléicse sa Scoil Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta’.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Gaeloideachas, i dteachtaireacht ar na meáin shóisialta, go raibh taifead den seimineár acu agus go mbeadh sé á chraoladh arís amach anseo.

Dúirt Gaeloideachas le Tuairisc.ie go mbeadh ráiteas á dhéanamh acu inniu faoin scéal.

[/live]

[live id=”cb93ec” datetime=”2020-06-05T12:16:09+00:00″]

An t-údar Áine Ní Ghlinn atá i mbun an eagráin nua den ‘Rang Beag Scríbhneoireachta’ 

Is í Áine Ní Ghlinn atá i mbun ‘Rang Beag Scríbhneoireachta’ na seachtaine seo, an dara heagrán i sraith nua ar líne le Cló Iar-Chonnacht faoi cheird na scríbhneoireachta.

Forbairt smaointe atá faoi chaibidil ag Ní Glinn, a ceapadh le déanaí ina Laureate na nÓg, ambasadóir don litríocht do pháistí in Éirinn.

[/live]

[live id=”96d7c6″ datetime=”2020-06-05T12:16:09+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 59!

[/live]

[live id=”2e544b” datetime=”2020-06-04T15:05:57+00:00″]

Ceol agus caint le Caoimhín Ó Fearghail óna theach i nGaeltacht Phort Láirge anocht

Is é an ceoltóir aitheanta Caoimhín Ó Fearghail, as an Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, a bheidh i mbun ceoil agus cainte mar chuid de shraith ceolchoirmeacha ‘Teach le chéile’ atá á gcraoladh ag Gael Linn.

Seo an ceathrú seisiún sa tsraith ina mbíonn ceoltóir le feiceáil i mbun ceolchoirm beo óna theach baile féin.

I measc na gceoltóirí a bhí le feiceáil sa tsraith go dtí seo, bhí Na Casadaigh i mBaile Átha Cliath, Máire Ní Choilm, buaiteoir Chorn Uí Riada 2019, i nGaoth Dobhair agus Peadar Ó Riada, i gCúil Aodha.

Anocht, ag a 6pm, a chuirfear tús leis an cheolchoirm le Caoimhín Ó Fearghail ar leathanach Facebook Gael Linn.

[/live]

[live id=”71ee4d” datetime=”2020-06-03T17:56:47+00:00″]

[live id=”28aa4f” datetime=”2020-06-04T15:05:57+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 58!

[/live]

Muintir na Ceathrún Rua imithe chun cinn ar na Conallaigh i gComórtas Reatha na Gaeltachta

Tá pobal na Ceathrún Rua imithe chun cinn agus gan ach seachtain amháin fágtha de Chomórtas Reatha na Gaeltachta.

Bhí Reathaithe Rua sa dara háit an tseachtain seo caite ach tá éirithe leo imeacht chun cinn ar Céim ar Chéim as Iarthuaisceart Dhún na nGall. Is beag atá idir na Conallaigh agus an fhoireann as Conamara agus iad ar an stáir dheireanach anois.

Tá Goitse! as Árainn Mhór sa tríú háit i láthair na huaire agus iad chun tosaigh ar Na Sodairí ar Sodar as Ceantar na nOileán i gConamara.

Sa rannóg do na foirne faoi 50 duine, tá an chuma ar an scéal gur idir an dá fhoireann as Oileáin Árann atá an chéad áit. Tá Fanaicigh Folláine Inis Meáin ar ais ar bharr an tábla agus iad imithe chun cinn Slí Árann as Inis Mór.

Tá cuma na maitheasa ar Rith Chorca Dhuibhe sa rannóg do na foirne faoi 20 duine agus iad chun tosaigh ar Uíbh REATHach as Ciarraí Theas.

Tá breis agus 800 duine as 16 ceantar Gaeltachta ag glacadh páirt i gComórtas Reatha na Gaeltachta, atá á reáchtáil den chéad uair i mbliana.

Deir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga le Pobal Rua i gConamara agus duine de lucht eagraithe an chomórtais, nach mbeidh aon obair tí déanta an tseachtain seo ar an gCeathrú Rua bheadh oiread ama á chaitheamh ar na bóithre acu agus iad ag iarraidh coinneáil chun tosaigh ar na Conallaigh.

[/live]

[live id=”833088″ datetime=”2020-06-03T17:56:47+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 57!

[/live]

[live id=”e6b982″ datetime=”2020-06-02T16:37:44+00:00″]

Sraith nua faoi cheird na scríbhneoireachta á craoladh ar líne ag Cló Iar-Chonnacht

Tá sraith nua físeán á craoladh ar líne ag Cló Iar-Chonnacht, i gcomhar le meitheal scríbhneoirí.

‘Rang Beag Scríbhneoireachta’ is teideal don tsraith, ar cuireadh tús léi an tseachtain seo.

Físeáin ghairide cúig nóiméad ar fhad atá sa tsraith cúig eagrán ina gcuireann scríbhneoirí síos ar ghné ar leith de cheird na scríbhneoireachta.

Sa chéad eagrán, cuireann Áine Durkin, údar agus file, síos ar na modhanna a úsáideann sí chun smaointe a fhorbairt ag tús an phróisis scríbhneoireachta.

Beidh físeán úr á chraoladh gach seachtain go ceann míosa ar YouTube, a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla de cheird na scríbhneoireachta.

‘Forbairt carachtair’, ‘aiseolas i bpróiseas na scríbhneoireachta’, ‘comhrá agus dialóg i bhficsean’ agus ‘an tábhacht atá le disciplín agus cleachtas oibre don scríbhneoir’ na téamaí a bheas faoi chaibidil.

Is iad na húdair Áine Ní Ghlinn, a ceapadh ina Laureate na nÓg le gairid, Alex Hijmans, atá ina cholúnaí le Tuairisc.ie, Anna Heussaff agus Réaltán Ní Leannáin a bheas i mbun na n-eagrán eile.

Tá súil ag Cló Iar-Chonnacht go mbeidh daoine a bhfuil suim acu sa scríbhneoireacht in ann an chomhairle agus na leideanna sna físeáin a thabhairt leo ina gcleachtas scríbhneoireachta féin.

[/live]

[live id=”b6c26f” datetime=”2020-06-02T16:37:44+00:00″]

SIAMSÁN SA mBAILE: Siamsaíocht do na páistí sa mbaile! Gníomhaíocht a 56!

[/live]

[live id=”8b6f5d” datetime=”2020-06-02T16:37:44+00:00″]

Tuilleadh

[/live]

Fág freagra ar 'AR SCÁTH A CHÉILE: Meas tú an mbeadh sí in araíocht le tabhairt faoi Oileán Mhic Dara?'