Ar cheart tosú ón mbonn arís agus dhá ábhar a dhéanamh den teanga náisiúnta?

An saochan céille nó beagán den pharanóia atá ar ár gcolúnaí a cheapadh gur d’aon turas a chum Big Brother an iarchoilíneachais an meathchúrsa T1 seo leis an nGaeilge a chur de dhroim seoil ar fad?

Ar cheart tosú ón mbonn arís agus dhá ábhar a dhéanamh den teanga náisiúnta?

Os cionn deich mbliana fichead atá mé ag éileamh a gcirt do Ghaeilgeoirí na tíre ag leibhéal na hArdteistiméireachta – go bhfaighidís cúrsa ceart Gaeilge a d’aithneodh litríocht na teanga, díreach mar a dhéantar do Bhéarlóirí na tíre. Dá bhfágfaí Béarlóirí na tíre seo chomh haineolach faoina dteanga sin ar fhágáil na scoile dóibh, chloisfí faoi. Cá bhfuil an comhionannas nó an bhfuil ‘is mar a chéile muid’ imithe as faisean?

Dhá dhonacht an siollabas sin sna 1980idí, ba mheasa fós an cheirt a tháinig in 2012 agus mé i mo mhada beag Gaeltachta ar mheitheal a bhí ag éileamh siollabas a mbeadh téagar ann don Ghaeilgeoir. Ba léir go raibh céim síos shuntasach á tabhairt don litríocht agus gan ach cuid Pháidín den chúiteamh ag gabháil di. Go bunúsach siollabas foghlaimeoirí nó siollabas do theanga eachtrannach a bhí ann nár aithin in aon chor go raibh Gaeilgeoirí líofa sa tír seo agus go raibh riachtanais ar leith acu.

De ghrá an réitigh, an moladh a rinneamar an tráth sin go mbeadh dhá chúrsa Gaeilge ag an Ardteist agus cead ag aon dalta a bhí inniúil agus toilteanach an péire a dhéanamh mar dhá ábhar éagsúla, díreach mar a dhéantar i gcás na Matamaitice, mar a bhfuil an Mhatamaitic Fheidhmeach agus an Mhatamaitic.

Tá neart fianaise ag mo chluais agus ag mo shúil ó shin de na hiarmhairtí a bhí ag an tsiléig agus an díchultúrú sin ar an nGaeilgeoir, ní áirím an taighde acadúil ar fad atá foilsithe ag na teangeolaithe faoi neamhlíofacht agus neamhlitearthacht an déagóra dúchais, éagumas a théann in olcas a bhuíochas dá thréimhse scolaíochta.

Ní raibh a leithéid de rud agus siollabais nó sonraíochtaí seo an NCCA á éileamh againn, níor luadh T1 ná T2 riamh sa bplé. Cúrsa teanga a bheadh feiliúnach don fhoghlaimeoir maith, mar atá an cúrsa ardleibhéil faoi láthair, agus cúrsa eile a bheadh bunaithe ar shaíocht is ar shaoithiúlacht na teanga ársa seo agus ar litríocht agus ar fhéiniúlacht an Ghaeil a dhéanfadh forbairt is saibhriú ar theanga an Ghaeilgeora, beag beann ar cár rugadh é nó cá ndeachaigh sé ar scoil.

D’aithneodh an dá chúrsa sin stádas bunreachtúil is staire na Gaeilge sa tír seo. D’aithneodh an cúrsa sin go bhfuil scríbhneoirí is amhránaithe is cainteoirí againn chomh maith le meáin chumarsáide a dhéanann a gcúram i nGaeilge. Chinnteodh a leithéid de chúrsa forásach nach mbeadh scoileanna feasta ag caoineadh nach féidir múinteoirí líofa a fháil is bheadh státseirbhísigh againn a bheadh in ann labhairt liom i nGaeilge.

Ach i bhfad Éireann níos tábhachtaí agus níos práinní ná sin dhéanfaí forbairt ar thuiscint an déagóra ar an gcruthaitheacht, ar an bhfoclóir, ar an gcumadóireacht, ar an gcritic agus ar a chultúr féin. Bheadh muinín agus bród ag Gaeilgeoirí dúchais as a gcuid Gaeilge in áit a bheith aineolach agus scanraithe go mb’fhéidir “go bhfuil mé mícheart” leis an teanga dara grád seo agus ag iompú ar an mBéarla céad ghrád len iad féin agus a gcuid mothúchán a chur in iúl.

An chluas bhodhar a fuaireamar ar ndóigh mar níl teanga oifigiúil náisiúnta, atá mar theanga tinteáin ag corrdhuine, chomh tábhachtach le Matamaitic ná Béarla. Ar aon nós, nach bhfuil Béarla ag chuile dhuine agus nach é féin agus Mata is fóintí?

As an gcaint go léir tháinig an t-ainmhí seo nach fia ná feoil é, T1 baiste air agus uaireanta fada caite ag Coiste Gaeilge an Oireachtais á phlé agus gan freagra díreach ag aon duine ar aon cheist. Mar bharr ar an mí-ádh, chuir sé na Gaeil in adharca a chéile agus nárbh fhearr sin ná muid a bheith in adharca phuipéadóirí rúnda an NCCA agus na Roinne Oideachais? Anois tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag iarraidh é a chaitheamh i dtraipisí. Nár imí uainn ach é.

Gáire dóite a dhéanaim nuair a chloisim caint faoi chúrsa “níos dúshlánaí’ mar má tá dúshlán san uiscealach sin don Ghaeilgeoir is faoi cheilt é agus chinn ormsa é a aimsiú. Leathcheann chúrsa Ardleibhéal na hArdteiste mar atá faoi láthair atá ann agus T1 buailte air agus tá a fhios ag Dia nach mór an biseach a chuir an ceann reatha ar aon Ghaeilgeoir, ní áirím a bheith ag caint ar bhónas. Maidir le scoláireachtaí nó áiteanna i gcoláistí, céard faoin nGaeilgeoir nach spéis leis nó léi an CAO nó an bhfuil ach sin san oideachas feasta?

An bhfuil saochan céille nó beagán den pharanóia ormsa a cheapadh gur d’aon turas a chum Big Brother an iarchoilíneachais an meathchúrsa T1 seo leis an nGaeilge a chur de dhroim seoil ar fad agus go bhféadfaí faoi dheireadh corrfhocal pidsin a shacadh isteach in óráidí agus ardmholadh a fháil?

Ar cheart tosú ón mbonn arís agus dhá ábhar a dhéanamh den teanga náisiúnta? Céard a cheapann na daltaí féin faoi – ar labhair siad agus ar éisteadh leo?

Fág freagra ar 'Ar cheart tosú ón mbonn arís agus dhá ábhar a dhéanamh den teanga náisiúnta?'

  • Caitríona

    Easpa tuisceana ar riaradh amchláir scoile san alt seo. Ní tharlóidh seo go brách. Tá a ndroim tugtha ag scoileanna don teanga agus is ag brionglóidí atáfar má cheaptar go ndéanfaidh scoileanna éascú ar 2 chúrsa Gaelinne. Ní thuigtear go bhfuil an teanga ar a cosa deiridh agus gur cuma leis an dream go bhfuil an cúram orthu sna Rannóga Stáit agus i scoileanna i leith na teanga.

  • An Teanga Bheo

    Ár dteanga féin sí Teanga cheart na nGael

  • Áine

    cinnte… tá formhór foghlaimeoirí sásta leis an gcúrsa mar atá tríd ‘s tríd ach tá gá le hábhar eile breise a thabhairt isteach i scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna agus an rogha a bheith ag chuile scoláire/scoil tabhairt faoi, beag beann ar chúlra….an cúrsa mar atá easnamhach go hiomlán don chainteoir dúchais ach teachtaireachtaí diúltacha ag cur mearbhall ar ghaoine… Beatha teanga í a labhairt cinnte ach buanú teanga í a scríobh…

  • Peadar

    Cén eagraíocht a ghlacfas freagracht as na moltaí san alt seo? Cá bhfuileadar lonnaithe? San Ardchathair? Lucht na hardchathrach ag cumadh siollabais d’óige na Gaeltachta!?