Ar bhóithrín na smaointe le Thin Lizzy

Is cuimhin liom go maith Thin Lizzy a fheicéail den Ní raibh a leithéíd d’fhuaim cloiste ná a leithéid de chur i láthair feicthe agam cheana

Ar bhóithrín na smaointe le Thin Lizzy

Bhí sé de nós aige toitín sciobtha a lasadh nuair a chríochnaíodh sé amhrán agus é a ghreamú ansin ar phíosa scaoilte de shreang ag ceann a dhordghiotár nuair a bhí an banna réidh le tabhairt faoin gcéad amhrán eile. Nó b’fhéidir go bhfuilim á shamhlú sin agus nach ndearna sé a leithéid riamh, mar tá na blianta caite ó chonaic mé Phil Lynott agus Thin Lizzy den chéad uair, ar stáitse an Crescent Ballroom in Áth Luain, ag deireadh na bliana 1972.  

Ach cinnte bhí sé tanaí agus ard agus cuma níos airde air fós mar gheall ar na bróga ‘platform’ a bhíodh á gcaitheamh aige. Chaochadh sé a shúile go minic agus é ag canadh nó ag breathnú síos ar a ghiotár a bhí crochta go hard ar a chliabhrach aige.

Taobh leis ar an stáitse bhí Eric Bell, as Béal Feirste, ar an ngiotár leictreach agus ar a gcúl, suite ag na drumaí, bhí Brian Downey a d’fhreastail ar an scoil chéanna le Lynott i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath.

Eisíodh ‘Whiskey in the Jar’ an mhí roimhe sin agus ba ghearr go mbeadh siad le feiceáil ar Top of the Pops agus go mbeadh an Top 10 bainte amach acu i Sasana agus i roinnt tíortha eile timpeall na hEorpa.

Amhráin óna gcéad albam Thin Lizzy,  a cuireadh amach i 1971, agus ón albam ba dhéanaí uathu – Shades of a Blue Orphanage  a chasadar an oíche áirithe seo. Bhí cáil orthu in Éirinn faoin tráth seo agus bhíodh siad de shíor ar camchuairt sa tír seo agus sa mBreatain ó thús 1970.

Ba dheacair na súile a bhaint de Lynott an oíche úd in Áth Luain agus ba léir gur réalta a bhí ann cheana féin. Ní raibh ceoltóir rac ar bith as an tír seo a bhí inchurtha leis ag an am ná ó shin.

“Now acclaimed as international stars. The sensational Thin Lizzie. On tour from England” an fógra a bhí sa Roscommon Herald aimsir na Cásca, 1973. I halla damhsa an Wagon Wheel i mbaile Ros Comáin a bhíodar ag casadh. Coicís roimhe sin, ba iad na Country Blue Boys a bhí i mbun ceoil sa halla céanna. 

Tháinig scata againn ann i gcarr a bhí á thiomáint ag comharsa linn. Damhsa mór oíche an tSathairn a bhí i gceist agus bhí meascán de dhaoine i láthair, roinnt mhaith acu a théadh ann go rialta chuile sheachtain, cuid eile a bhí tagtha chun na ‘réaltaí idirnáisiúnta’ nua seo a fheiceáil den chéad uair agus tuilleadh a bhí ina lucht leanúna dílis.

‘Randolph’s Tango’ an teideal a bhí ar an tsingil ba dheireanaí ó Lizzy, ach is beag deis jiveála a bhí sa Wagon Wheel an Satharn sin agus ní chuile dhuine a bhí sásta ag deireadh na hoíche.


Ba bhanna an-éagsúil a tháinig chun stáitse i Leisureland i nGaillimh 16 mí níos deireanaí, Céadaoin an 7 Lúnasa, 1974. Oíche an-fhliuch a bhí inti, ach bhí slua mór bailithe i mBóthar na Trá agus daoine ar bís.

Bhí Eric Bell imithe ón mbanna le roinnt míonna agus bhí an scéal amuigh go raibh beirt ghiotáraithe tagtha ina chomharbacht – Brian Robertson, as Glaschú, nach raibh ach 17 mbliana d’aois, agus Scott Gorham, as Glendale, California.

Cúpla seachtain roimhe sin, in Wolverhampton, a chas an ceathrar le chéile os comhair lucht féachana den chéad uair – ochtar a bhí i láthair ag breathnú orthu ag an ócáid sin, dar le Scott Gorham. Roimh dheireadh na míosa, bheadh siad ag casadh do na mílte ag féile mhór Reading.

Ní raibh albam eisithe ag an leagan nua seo de Thin Lizzy go fóill agus ní raibh roinnt mhaith de na hamhráin is mó a bhain cáil amach dóibh ina dhiaidh sin cumtha fós. Ach chasadar péire a bheadh le cloisteáil uathu go minic sna blianta dár gcionn – ‘Stilll in Love With You’ agus ‘The Rocker’.

Ní raibh a leithéíd d’fhuaim cloiste ná a leithéid de chur i láthair feicthe ag go leor dínn cheana.

Ag breathnú ar Lynott, Gorham agus Robertson ag bogadh go teanntásach timpeall stáitse Leisureland, ba léir gur bhanna é seo a bhí ag réiteach le haghaidh a thabhairt ar ollstaideanna Mheiriceá


Lá breá grianmmhar a bhí i nDomhnach 21 Lúnasa 1977 agus  bhí na sluaite ag triall ar Pháirc an Chrócaigh, áit a raibh Baile Átha Cliath agus Ciarraí ag imirt a chéile i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann. Cúpla míle siar an bóthar bhí 11,000 ag déanamh ar pháirc shacair Dalymount, chomh maith, mar ba ann a bhí an chéad cheolchoirm mhór faoin aer a reáchtáladh san ardchathair riamh. £4 a chosain ticéad. Lá fada a bhí romhainn agus muid inár seasamh ar fhéar beannaithe Dalymount.

Chas go leor bannaí maithe an tráthhnóna sin: Stepaside, na Boomtown Rats, Fairport Convention agus Graham Parker & the Rumour, ina measc, ach ní cuimhin liom mórán fúthu. 

Bhí an oíche ag titim nuair a shiúil Phil Lynott agus an triúr eile amach ar an stáitse, agus ní raibh  amhras ar bith faoi, ‘the Boys were back in town’. Bhí na laochra fillte ar a bhfód dúchais.

Bhí 28 bliain slánaithe ag Lynott an lá roimhe sin agus banna a bhí tagtha in inmhe a bhí os ár gcomhair. Réaltaí idirnáisiúnta a bhí iontu go cinnte anois agus na céadta míle cóipeanna dá gcuid ceirníní ‘Jailbreak’ agus ‘Johnny the Fox’ díolta ar fud an domhain. Tá formhór na n-amhrán a chasadar an oíche sin le cloisteáil ar an albam cáiliúil Live and Dangerous a eisíodh an bhliain dár gcionn. Amhail is go raibh sé sa chinniúint, bhí an ghealach go hard sa spéir agus iad ag casadh ‘Dancing in the Moonlight’.

Bhí Brian Downey ina bhall de Thin Lizzy ó bunaíodh iad i 1969 go dtí gur scaradar óna chéile i 1983. Nuair a fiafraíodh de, in agallamh le Hotpress, cérbh é an buaicphointe i saol an bhanna i gcaitheamh na mblianta, ‘Dalymount Park’ an freagra a thug sé láithreach.


Ar an 4 Eanáir 1986 a tháinig an drochscéala go raibh Philip Parris Lynott básaithe agus gan é ach 36 bliain d’aois. Bhíodh sé ag baint mí-úsáide as deoch agus drugaí eile le blianta roimhe sin. D’fhág sé a bhean Caroline agus a bheirt iníonacha Sara agus Cathleen ina dhiaidh. 

Is féidir liom é a fheiceáil fós ar an stáitse beag sa Crescent Ballroom in Áth Luain beagnach 50 bliain ó shin. Tá an halla dúnta le fada. Siopa agus cógaslann atá anois i gcuid den fhoirgneamh, atá cúpla céad troigh ó stáisiún traenach an bhaile. Aon uair a théim thar bráid cuimhním ar an oíche sin. Muide inár ndéagóirí, ag fágáil an halla agus ár gcéad ‘gig’ feicthe againn, ceol ‘Whiskey i n the Jar’ fós inár gcluasa. M’athair bocht ag fanacht go foighdeach sa charr taobh amuigh le muid a thabhairt an bealach uilig abhaile go Longfort. 

Fág freagra ar 'Ar bhóithrín na smaointe le Thin Lizzy'