Aontas na nDaoine an t-aon ‘aontas’ a mhairfidh i gceann na haimsire

Ní haon údar maíte ceachtar den dá ‘aontas’ atá ar leic an dorais againn, ach is deacair misneach an duine a bhriseadh

Aontas na nDaoine an t-aon ‘aontas’ a mhairfidh i gceann na haimsire

Fear nach raibh báúil leis an náisiúnachas ab ea an scoláire clasaiceach, Michael Tierney, uachtarán ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tráth.

Ba é an náisiúnachas, dar leis, ba chúis leis an dá chogadh mór san Eoraip sa bhfichiú haois. Ba i ndiaidh don tarna ceann tosnú a scríobh sé aiste san iris Studies ar an náisiúnachas in Éirinn.

Bunaithe ar chaint a thug sé san Astráil don Chomhdháil ar Chaidreamh Comhaltais na Breataine a bhí an aiste. Ag scríobh dó go sonrach ar Chríochdheighilt na tíre seo san aiste sin, dúirt sé gur thug cúrsaí polaitíochta na hÉireann ar Aontachtóirí tearmann a lorg sa chuid sin de Chúige Uladh a chinntigh buntáiste daonlathach dóibh:

‘Just as at the Union the Ascendancy had found itself compelled to abandon its shortlived pretensions to constitute an Irish nation and to take refuge in Westminister so as to preserve its property and privileges, so now it saw itself forced to abandon the entire south of Ireland and to take refuge, not in the whole province of Ulster, but in an area carefully chosen in order to give its privileges a democratic basis’ (A Classicist’s Outlook, lch 124 – liomsa an bhéim). 

I bhfad ón daonlathas a bhíothas, ar ndóigh, mar atá tugtha le tuiscint thuas. Níor leor na ceithre chontae ina raibh móramh Protastúnach ó thuaidh chun a chinntiú go mairfeadh pobal ar bhonn dlisteanach eacnamaíochta, agus cuireadh dhá cheann eile leo dá bharr. Stáitín na sé chontae atá inniu againn i dtuaisceart na tíre a thoradhsan. 

Nuair a labhair H. H. Asquith le Edward Carson faoi Chúige Uladh ar fad a chur san áireamh aimsir Home Rule, tháinig amhras ar Carson. Thug Asquith suntas don méid sin ina chuid nótaí pinn: ‘They are apparently afraid that a big entire Ulster would gravitate towards a united Ireland’ (Breandán Ó Cathaoir).

Bá leis an impiriúlachas agus leis an uasaicme cheannais ba chúis leis an ngéilleadh a tugadh do leithéidí Carson aimsir na réabhlóide sa tír seo. Bhí a rian sin le feiceáil san olltoghchán uile-oileánda a reáchtáladh i 1918, áit ar caitheadh le hÉirinn mar aonad nádúrtha tíreolaíoch amháin, faoi mar ba cheart a dhéanamh.

Bhí a mbeannacht tugtha don toghchán ag údaráis Westminster ach má bhí féin, bhí polaiteoir glic ón mBreatain Bheag a bhí suite meáite ar an tír a scoilt ina dhá chuid le sé bliana, beag beann ar an daonlathas. Is leis a bhí an lá ar ball, faoi scáth bhagairt an fhoréigin.

Seo cuid nach beag den stair a bhaineann le bunú Thuaisceart Éireann agus is i bhfad ón oscailteacht is ón trédhearcacht é, ní áirím an t-ionracas is an t-údar gaisce. B’fhéidir go gcuimhneoidís siúd, a d’fhéachfadh le searmóintí a thabhairt dúinn ar ‘mímhacántacht’, ar an stair sin, sula dtugann siad le tuiscint go bhfuil údar gaisce acu maidir le heitic.

An deacracht atá againn sa tír seo, ar ndóigh, ná go bhfuilimid dall ar an stair, nó go bhfuilimid dallta ag an stair. Is gá dúinn an stair sin a thuiscint ach gabháil lastuas di mar sin féin, agus filleadh ar an méid atá i bpáirt againn lena chéile: ár gcuid daonnachta agus a bhfuil de dhuáilcí is de shuáilcí ag baint leis an daonnacht sin. 

Sin é a rinneadh aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Leis an gcuid is fearr den daonnacht a bhí an lá an t-am sin, agus is féidir linn an méid sin a bhaint amach arís ach cuid den chosán céanna anama a shiúl in éineacht lenár mbráithre, beag beann ar chreideamh, ar stair ná ar chlaonadh polaitíochta.

Murab ábhar maíte cuid den stair a bhaineann le bunú an Aontais in 1801 ná le bunú Thuaisceart Éireann i 1921,  agus má thaibhsítear do dhaoine anois go bhfuil blaiseadh den impiriúlachas céanna ag roinnt le hImeacht na Breataine as an Eoraip, is gá a bheith ionraic faoi chúrsaí agus a admháil nach bhfuil an tAontas Eorpach féin gan locht ach oiread, ná baol air. Go deimhin, tá geáitsí na hImpiriúlachta féin air le tamall de bhlianta, faoi mar a thuigeann iascairí agus muintir na tuaithe in Éirinn, gan trácht orthu siúd ar cuimhin leo vótáil ar reifreann faoi dhó. 

I mbeagán focal, is gá gnéithe den Aontas a leasú ó bhonn má tá rath le bheith air amach anseo.

An méid atá ar siúl ag na Spáinnigh agus ag dreamanna eile in uiscí na tíre seo, gan trácht ar a bhfuil de shárú á dhéanamh ar bhunchearta cónaitheachta agus tithíochta ar mhórthír na hÉireann, ní dhéanann sé sin ach olc, achrann agus formad a chothú idir chomharsain. Ní hin pobal; ní hin ‘aontas’.

Ag labhairt dó ag Oireachtas na Samhna 2019, dúirt an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, agus gradam á bhronnadh aige ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, nach amháin go raibh aitheantas agus ómós á dtabhairt do cheannairí na gluaiseachta sin as ucht a ngaiscí, ach go raibh ómós á thaispeáint don mhisneach agus don dóchas astu féin, mar fhoinsí inspioráide do phobal ar bith atá faoi bhrú nó faoi leatrom.

Mheabhraigh sé dúinn sa chaint chéanna nár ghéill ceannairí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta riamh don éadóchas, agus gur éirigh leo an t-uafás a bhaint amach de bharr an mhisnigh a ghin sprid an dóchais iontu. Theastódh a leithéid go géar anois, sa Ghaeltacht, faoin tuath i gcoitinne, agus in Éirinn trí chéile, thuaidh agus theas – gan trácht ar na tíortha atá ar leic an dorais againn.

B’fhéidir, i ndeireadh thiar, go mbeadh an lá ansin leis an gcuid is fearr den daonnacht.

Fág freagra ar 'Aontas na nDaoine an t-aon ‘aontas’ a mhairfidh i gceann na haimsire'