Níl an fonn ann Éire a aontú agus is cuma cé mhéad litir oscailte a sheolfar

Tá lochtanna bunúsacha ar na hargóintí sa ‘litir oscailte’ maidir le haontú na hÉireann a shínigh míle duine le déanaí

Níl an fonn ann Éire a aontú agus is cuma cé mhéad litir oscailte a sheolfar

Tá fadhbanna ag baint leis an ‘Litir Oscailte’ sin a foilsíodh le déanaí ar mhaithe le ‘comhrá a thosnú’ faoi aontú polaitiúil an oileáin.

Shínigh mile duine í agus seoladh chuig an Taoiseach í.

Céard atá mícheart leis na príomhargóintí inti, mar sin?

Rinne an litir tagairt don “athrú daonlathach” atá, dar leis na húdair, ina bhunchloch de chuid Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Argóint mhímhacánta í sin.

Ghlac Rialtas na hÉireann i 1998 go sollúnta agus go poiblí leis an teorainn atá againn faoi láthair agus dhearbhaigh an rialtas céanna gur aontas dlisteanach é an t-aontas sin a cheanglaíonn Tuaisceart Éirinn leis an Ríocht Aontaithe.

Is féidir an status quo seo a athrú cinnte – is féidir le tíortha go léir an domhain a gcuid teorainneacha a athrú trí chainteanna lena gcuid comharsan – ach níorbh é an t-athrú seo príomhchuspóir Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Ní chun ullmhú d’aontú polaitiúil an oileáin a rinneadh an conradh idirnáisiúnta seo. Shínigh Rialtas na hÉireann an conradh seo chun deireadh a chur leis an ndíospóireacht bhunreachtúil mar gheall ar an teorainn. Agus más ea, is léir ó Bhunreacht na hÉireann agus ón dlí idirnáisiúnta gur réigiún é Tuaisceart Éirinn i stát eile, is é sin an Ríocht Aontaithe.

Tá botún níos tromchúisí fós sa ‘Litir Oscailte’. Ceapann siadsan a shínigh í go bhfuil sé de cheart ag náisiúnaithe Thuaisceart Éirinn éileamh a dhéanamh ar na cearta go léir atá ag saoránaigh Phoblacht na hÉireann faoi láthair, ballraíocht san Aontas Eorpach ina measc.

Deir siadsan a shínigh an litir gur saoránaigh de chuid na hÉireann formhór náisiúnaithe Thuaisceart Éirinn, agus más ea, gur chóir cearta Bhunreacht na hÉireann a bheith acu mar aon le saoránacht an Aontais Eorpaigh.

Ba chóir smaoineamh go cúramach ar an méid sin.

Níl amhras ar bith ach go bhfuil saoránacht Éireannach ag an-chuid de Chaitlicigh Thuaisceart Éireann.

Ach tá siad ina gcónaí i stát eile, agus más ea, ní féidir leo leas a bhaint as na cearta céanna atá againne sa Phoblacht.

Bíonn cearta áirithe bunaithe ar thíreolaíocht.

Níl na cearta céanna ag saoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí i Londain is atá acu siúd atá ina gcónaí i gCorcaigh. Níl aon cheart ag Éireannaigh i Londain freagra i nGaeilge a fháil ó ranna rialtais Westminster ar litir i nGaeilge.

Agus tá ceart bunreachtúil soiléir ag saoránach Mheiriceá páirt a ghlacadh i siúlóid Naitsíoch trí cheantar phobal Giúdach i Meiriceá. Ach ní féidir le Meiriceánaigh Londan é seo a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe ach an oiread. Níor thugadar leo trasna na dtonnta na cearta go léir a bhí acu faoin First Amendment.

Is mionlach iad náisiúnaithe Thuaisceart Éirinn i stát eile agus ní féidir le Rialtas na hÉireann a gcuid cearta Eorpacha a chosaint sa chás nach mbíonn Rialtas na Breataine sásta é sin a dhéanamh. Ba chóir dóibh cosaint a lorg ó institiúidí agus ó údaráis Thuaisceart Éirinn seachas tacaíocht a lorg ó stát eile nach bhfuil in ann cabhrú leo trí dhlíthe nua a scríobh ar a son.

Dúradh freisin sa litir go bhfuil gach rud athraithe bunoscionn de dheasca an Bhreatimeachta. Níl an ceart acu faoi sin in aon chor.

Is iad na sean-argóintí céanna á n-úsáid fós chun brú a chur ar na haontachtaithe agus chun iad a bhriseadh mar dhream polaitiúil. Níl aon difríocht, mar shampla, idir an “comhrá” sin a mholtar sa litir agus bolscaireacht John Hume mar gheall ar ‘agreed Ireland’ i 1981.

Agus níl fonn fós ar na haontachtaithe comhphobal nua a chruthú linne. Sin an phríomhfhadhb.

Ina aiste mar gheall ar fhealsúnacht an náisiúin Qu’est-ce qu’une nation?, a foilsíodh in 1882, dúirt  Ernest Renan nach bhféadfaí comhphobal aontaithe a chruthú gan ‘le consentement actuel, le désir de vivre ensemble’, nó gan fíorchead a bheith ann maidir le haontú agus gan fonn dáiríre a bheith ar dhaoine maireachtáil le chéile.  Níl an fonn sin orainne ná ar na haontachtaithe, agus ní raibh riamh ó 1920.

Agus ní éireoidh le bolscaireacht ná litreacha oscailte mímhacánta an fonn sin a chruthú.

Fág freagra ar 'Níl an fonn ann Éire a aontú agus is cuma cé mhéad litir oscailte a sheolfar'

  • Cónall Ó Corra

    Mar shaoránach ó Bhéal Feirste, a bhfuil pas Éireannach agam, a labhaireann teanga na hÉireann, a chuireann suim in achan gné den tsaol in Éirinn, a dtearn céim i nGaillimh agus a bhíonn ag obair fud fad an oileáin, cuireann an t-alt seo díoma orm.

    Bíodh mo chuid tuairimí féin agam fán cheist bhunreachtúil, tuigim an phointe thuas. Leoga cuirim sé díoma orm nuair a deir comhthíreach liom nach bhfuil na cearta céanna agam aige.

    Theip ar rialtas na hÉireann cosaint a thabhairt do shaoránaigh ó thuaidh ó bhunú an stáitín Oráistigh. Gheall Varadker féin nach dtarlóidh a leithéid arís agus go gcosnofar iad an uair seo. Is maith an rud é nach bhfuil todhchaí breis agus 6 mhilliún duine ar an oiléain seo fá bhráid John-Paul i gcomhthéacs Brexit agus an dochar a dhéanfaidh sé. Is maith an rud é fosta nach bhfuil cearta saoránaigh an tuaiscirt fágtha faoina bhráid ach oiread. Bheadh muid i ndrocháit ansin.

  • An Teanga Bheo

    Ní fheicim aon chearta bunreachtúil ar bith ag Éireannach ar bith i gcéin ná fiú i Stáit Breathimeacht