Is faoin dream óg é anois aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil teanga sa Ghaeltacht

Seo leagan de phíosa cainte a rinne an staraí Gearóid Ó Tuathaigh ag Oireachtas na Gaeilge 2019 agus é ag fógairt gur ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a bheadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta á bhronnadh i mbliana

Is faoin dream óg é anois aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil teanga sa Ghaeltacht

An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh ag caint faoi thábhacht Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta uirthi

Tugann tráchtairí áirithe ‘aois nó ré na himní’ ar an aois seo ina bhfuil muid ag maireachtáil san am i láthair. Tá údar leis an lipéad seo.  Tá an pláinéad – an cine daonna féin – i mbaol basctha ag an athrú aeráide, comharthaí sóirt na tubaiste le feiceáil cheana féin.

Sa chóras caidrimh idirnáisiúnta, tá údarás agus éifeacht na Náisiún Aontaithe (agus institiúidí eile um chaomhnú na síochána) tite go mór; riar, reacht agus réiteach curtha ar neamhní, chóir a bheith; stáit ollsmachtacha go caithréimeach; mionlaigh faoi ionsaí, á gciapadh agus á mbrú faoi chois; an éagothroime i ndáileadh maoine agus an éagóir i mbunchearta an duine ag dul in olcas, go fada fairsing ar fuaid na cruinne;  agus i gcuid de phríomhstáit an iarthair liobrálaigh, tá ridirí na mbréag sa diallait. 

Tá an caipitleachas domhanda (ollchorparáidí, mangairí na milliún ar na margaí airgid) agus cumhacht na teicneolaíochta nua cumarsáide agus eolais imithe ó smacht rialtas agus ó thuiscint an ghnáthdhuine. Tá fuath, fearg agus faitíos á léiriú ó dhubh go dubh, shílfeá, i dtuairiscí nuachta ag na mórmheáin.

Bíonn cúinsí nó comhthéacs logánta i gceist, ar ndóigh, le fadhbanna agus aighnis éagsúla timpeall na cruinne. Ach tá gné chomónta, gné shuntasach, sheasmhach ag baint le rabharta na himní atá á fulaingt ag pobail thoir, thiar, thuaidh is theas ar fud an domhain san am i láthair: mearbhall, éadóchas agus lagmhisneach.

Ní chreideann – nó ní fheiceann – daoine gur féidir leis an duine aonair nó leis an mbunchomhluadar lena mbaineann sé nó sí,  beart dearfach fiúntach a dhéanamh a d’athródh, nó a mbeadh tionchar dá laghad aige ar an gcóras eacnamaíochta agus sóisialta a bhfuil siad i ngreim aige.

Leathchéad bliain ó shin, i 1969, bhí spiorad radacach ag borradh agus ag bláthú i dtíortha éagsúla ar fuaid an domhain. Sna Stáit Aontaithe bhí ceannairí an chine ghoirm ag éileamh cearta dá muintir. I bPrág in oirthear na hEorpa agus i bPáras na Fraince bhí léirsithe móra in aghaidh an chórais eacnamaíochta, shóisialta (agus pholaitíochta) a bhí i réim sna críocha sin. Agus bhí macallaí na gclampar seo le haireachtáil i go leor tíortha eile. Anseo in Éirinn, bhí Caitlicigh na Sé Chontae múscailte, iad ag éileamh bunchearta agus comhionannas ón Stát.

Agus sa Ghaeltacht, bheartaigh buíon chróga ar ghluaiseacht a bhunú chun cearta sibhialta (sa chiall is leithne den bhfocal) a éileamh agus a bhaint amach do mhuintir na Gaeltachta – Údarás láidir Gaeltachta san áireamh.

Ar ndóigh, bhí réamhtheachtairí ann ó na 1930idí i leith, a sheas an fód do phobal na Gaeltachta. Ach bhí clár éileamh agus clár oibre cuimsitheach agus dúshlánach ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ó lá a bunaithe ag deireadh na seascaidí, agus bhí éifeacht lena mbearta agus lena modhanna oibre.

Arís, bhí cúinsí logánta suntasach ag an tús: cás scoil Dhún Chaoin, drochbhóithre agus easnaimh eile sa bhonneagar, sóisialta agus eacnamaíochta, easpa fostaíochta.

Ach bhí liosta gearán a bhí comónta sna pobail Ghaeltachta uile: easnaimh mhóra sna seirbhísí stáit; faillí agus fimíneacht stáit: sea, agus bogás ghluaiseacht ‘oifigiúil’ na Gaeilge i leith fadhbanna agus todhchaí na Gaeltachta.

Faoi mar a deirim, bhí éifeacht le bearta Ghluaiseacht Chearta Sibhialtachta na Gaeltachta. Bearta agóidíochta agus bolscaireachta ab ea iad, bearta áitithe agus polaitíochta. Bearta tomhaiste, praiticiúla ‘ar an talamh’, mar a déarfá, a bhí i gceist: obair fhorásach na gcomharchumann – scéimeanna uisce agus séarachais, foilsitheoireacht agus scannánaíocht, comhar creidmheasa, áiseanna sóisialta agus siamsaíochta, coláistí Gaeilge, tionscnaimh oideachais, athnuachan ar thraidisiúin na mbád agus an tsean-nóis, agus tuilleadh leis.

Bhí toradh ar an mbrú a cuireadh ar an státchóras agus  ar pholaiteoirí: tháinig Raidió na Gaeltachta i 1972; tháinig borradh ar infheistíocht agus ar fhostaíocht i bhfiontair thionsclaíochta. In am is i dtráth bunaíodh Údarás Gaeltachta, cé go mba theoranta go mór fada iad na cumhachtaí a bronnadh ar an Údarás ná mar a shamhlaigh agus a d’éiligh ceannairí Ghluaiseacht Chearta Sibhialtachta na Gaeltachta ón tús.

Ar feadh tamaill ghearr, Údarás iomlán tofa, chóir a bheith, a bhí san Údarás – sin,  nó gur gearradh siar ar a ról agus ar a bhuiséad nuair a athraíodh struchtúir an Údaráis i mblianta na déine ó 2008 i leith. Bunaíodh TG4 ar ball, agus d’fhás earnáil bhisiúil closamhairc agus ilmheáin i gceantair áirithe Ghaeltachta. Forbairtí agus fostaíocht iad seo a bhí teangabhunaithe (agus dearfach ó thaobh na teanga), den chuid is mó.

Ar ndóigh, in ainneoin na ngaiscí seo a lean Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, nó a d’eascair, cuid mhaith as a bearta, is cás éigeandála é san am i láthair cás na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá amhras ann faoin a bhfuil i ndán don teanga mar phríomh-urlabhra ag pobal na Gaeltachta. Ach, is obair don ghlúin atá suas anois í, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán agus ar an éigeandáil seo. Tá glúin bhunaithe Ghluaiseacht Chearta Sibhialta ag dul in aois, agus cuid de na laochra sin imithe ar shlí na fírinne cheana féin.  Rinneadar go leor ina lá. Níor fhan siad ar an gclaí. Níor ghéill siad don éadóchas. Tá aitheantas agus ómós ag dul dóibh. Is ceart agus is cóir, mar sin, gur ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta atá Gradam RTÉ/ Raidió na Gaeltachta á bhronnadh i mbliana.

Tugann an gradam sin aitheantas agus ómós do cheannairí agus do bhaill na Gluaiseachta ceannródaíochta sin; ach, ina theannta sin, tá ómós á thaispeáint againn don mhisneach agus don dóchas astu féin, mar fhoinsí inspioráide do phobal ar bith atá faoi bhrú nó faoi leatrom, agus atá sásta tabhairt faoi bhearta slánaithe agus athnuachana.

Crochfar an ‘phlaic’  seo i bhforhalla cheannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara. Beidh sé ansin, ní mar leacht cuimhneacháin ar lucht na gluaiseachta sin a sheas an fód ar son phobal na Gaeltachta agus a rinne obair éachtach, ach mar lóchrann misnigh agus inspioráide do na glúnta a thiocfaidh thar an tairseach isteach.

Fág freagra ar 'Is faoin dream óg é anois aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil teanga sa Ghaeltacht'

  • Seán Mag Leannáin

    Caint thomhaiste smaointeach mar is dual do Ghearóid Ó Tuathaigh.

  • Sibéal

    Tá dhá rud a luaigh Gearóid Ó Tuathaigh, ollsmacht na nollchorparáidí agus an t-athrú aeráide ag cur isteach go mór ar an ghlún óg. Tá sin aitheanta ón tús ag na heagraíochtaí nua neamhspleácha Teacht Aniar agus Misneach.

    Mholfainn d’aon duine óg coinsiaisach a bheith páirteach in eagraíochtaí neamhspleácha mar iadsan agus fanacht glan ar eagraíochtaí atá ag braith ar deontaisí stáit.

  • Emer Ní Ronáin.

    Molaim go hárd.

  • An Teanga Bheo

    Grúpa mionlaigh cumasach agus gníomach agus toradh dá bharr maith sibh ó 1969