Anocht a fhágfaidh an Bhreatain an tAE tar éis 47 bliain

Thug an tAontas Eorpach a bheannacht oifigiúil don Bhreatimeacht inné, an chéim dheireanach ar bhóthar achrannach a thosaigh le reifreann 1,317 lá ó shin

Anocht a fhágfaidh an Bhreatain an tAE tar éis 47 bliain

Fágfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach ag 11pm anocht agus 47 bliain caite aici ina ball den aontas.

Thug an tAontas Eorpach a bheannacht oifigiúil don Bhreatimeacht inné, an chéim dheireanach ar bhóthar achrannach a thosaigh le reifreann 1,317 lá ó shin.

Cuirfear tús anois le tréimhse eatramhach atá in ainm is dul in éag ar an 31 Nollaig i mbliana.

Is beag athrú a thiocfaidh ar chaidreamh na Breataine leis an AE le linn na tréimhse sin.

Beidh ar an mBreatain cloí le dlí an AE cé nach mbeidh aon ról acu maidir le cur le ná baint de rialacháin an aontais.

Cé go bhfágfaidh an Bhreatain an tAE go foirmeálta anocht, meastar go gcuirfear tús anois le caibidil chasta eile i scéal cholscaradh corraitheach an Bhreatimeachta agus margadh nua trádála le déanamh faoi dheireadh na bliana.

Cromfaidh an Bhreatain anois chomh maith ar mhargaí trádála nua a dhéanamh le tíortha eile ar fud an domhain, ach ní thiocfaidh aon socruithe nua a dhéanfar i bhfeidhm go dtí tar éis na tréimhse eatramhaí.

Idir an dá linn, dúirt príomh-idirbheartaí an AE an tseachtain seo nach raibh aon bhunús le maíomh Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson nach gcuirfí aon seiceálacha i bhfeidhm ar earraí idir an Bhreatain agus an Tuaisceart  i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Dúirt Michel Barnier go mbeadh na seiceálacha sin riachtanach.

Mhaígh Boris Johnson arís an tseachtain seo nach mbeadh  aon seiceálacha ar Mhuir Éireann, ach dúirt Barnier, agus é ag caint i mBéal Feirste, gur ghlac an Bhreatain leis go mbeadh seiceálacha ann mar chuid den mhargadh a rinneadh i dtaobh cheist na teorann in Éirinn.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar an tseachtain seo gur údar “bróin” imeacht na Breataine ón AE.

“Fágaimid slán le seanchara atá ag dul ar thóir eachtraíochta. Tá súil againn go n-oibreoidh sé amach dóibh, ach mura n-éiríonn an bóthar leo beidh cathaoir fágtha faoin mbord dóibh,” arsa an Taoiseach.

Bhí daoine suaite go maith i bParlaimint na hEorpa Dé Céadaoin, nuair a ghlac feisirí an 27 ballstát eile le himeacht na Breataine.

Le hamhrán a chuir na Feisirí clabhsúr ar an vótáil faoin mBreatimeacht, nuair a chas siad ‘Auld Lang Syne’, a chum an file as Albain Robert Burns in 1788.

Eiseofar inniu thart ar thrí mhilliún bonn 50 pingin speisialta mar chomóradh ar an mBreatimeacht. Greanta i mBéarla ar an mbonn, beidh ‘31  Eanáir’ agus “Síocháin, rath agus cairdeas leis an uile náisiún”.

Ní fáilte atá ag gach duine roimh an mbonn agus tá ráite ag cuid den dream atá in aghaidh an Bhreatimeachta nach mbeidh aon ghlacadh acusan leis.

Fág freagra ar 'Anocht a fhágfaidh an Bhreatain an tAE tar éis 47 bliain'

  • An Teanga Bheo

    Bratach na Breataine ag dul síos inniu agus ” Oró sé do bheatha ‘bhaile do na MEP ar fad