An NRA fós ‘in amhras’ faoi mholtaí a chuirfeadh an Béarla agus an Ghaeilge ar comhchéim

Cúrsaí sábháilteachta agus easpa gearáin ón bpobal i measc na bhfáthanna nach n-athródh an tÚdarás comharthaí bóthair na hÉireann

Raos signTá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) fós ‘in amhras faoi na buntáistí a ghabhfadh leis na hathruithe a moladh ar an gclófhoireann’ ar chomharthaí bóthair na tíre.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, chuaigh an Roinn Iompair i dteagmháil leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta chun a dtuairimí ar na moltaí a fháil an athuair go gairid i ndiaidh don suíomh seo an scéal a fhoilsiú go raibh cinneadh an Iar-Aire Leo Varadkar curtha ar ceal ag an Aire Iompair Paschal Donohoe.

Arís eile, dúirt Príomhfheidhmeannach an NRA Fred Barry go mbeadh tréimhse fhada i gceist sula n-athrófaí na comharthaí dá nglacfaí leis na moltaí tar éis na trialach. Dá bharr sin, a dúirt sé, níl an t-athrú sábháilte ná tarraingteach.

“Consistency is one of the primary tenets of clear and effective road signage,” a dúirt sé.

Maíodh freisin gur fheil an cló Iodálach agus na mionlitreacha don Ghaeilge mar “is iondúil go mbíonn logainmneacha Gaeilge, ar an meán, 40% níos faide ná na leaganacha Béarla”.

“Our views on the current font…remain that it continues to serve us well and that particulary the use of the italicised lower case font for Irish text as set out in the manual provides a clear and effective method of accomodating both languages,” a dúirt Fred Barry.

Ní bhfuair an tÚdarás oiread is gearán amháin ó thiománaithe na hÉireann ná ó thiománaithe eachtrannacha ar cuairt anseo faoi dhoiléireacht ná dóiléiteacht in aon cheann den dá theanga ar na comharthaí bóthair.

Is mí Nollag na bliana 2013, d’ordaigh an tIar-Aire Iompair Leo Varadkar don Údarás um Bóithre Náisiúnta tús a chur le crochadh comharthaí nua a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla. Dhiúltaigh an Teachta Varadkar do chomhairle an NRA neamhaird a dhéanamh ar na moltaí ó Chonradh na Gaeilge a bunaíodh ar thaighde a rinne Garret Reil ar chomharthaí na tíre seo.

Dar le Conradh na Gaeilge, ní leanann comharthaí bóthair na hÉireann an dea-chleachtas domhanda atá leagtha síos do chomharthaíocht dhátheangach. Tá clófhoireann úrnua darb ainm ‘Turas’ deartha ag Reil atá, dar leis, i bhfad níos tarraingtí ná mar atá an chlófhoireann atá in úsáid faoi láthair.

Dearadh an chlófhoireann ‘Transport’ sa Ríocht Aontaithe de thoradh taighde a rinneadh sa tír sin sna seascaidí. Glacadh leis an dearadh le húsáid ar na comharthaí bóthair i roinnt mhaith tíortha, Éire san áireamh, agus tá sí in úsáid anseo ó shin i leith – le breis agus tríocha bliain.

Is i mBéarla amháin a bhí na comharthaí bóthair sa Ríocht Aontaithe agus cé go bhfuil comharthaí dátheangacha sa Bhreatain Bheag agus áiteanna in Albain anois, níor cuireadh an chomharthaíocht dhátheangach san áireamh nuair a dearadh í.

Dúirt an Roinn Iompair le Tuairisc.ie gur cuireadh an ‘Transport’ in oiriúint do chás na hÉireann trí ‘mhionathruithe a dhéanamh ar an dearadh’.

I gcomhfhreagras idir an Roinn Iompair agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, dúirt urlabhraí an Údaráis nár cuireadh an togra trialach a mhol Leo Varadkar i gcrích mar níor chuir Conradh na Gaeilge na mionsonraí faoi ‘Turas’ ar fáil dóibh.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie ó Chonradh na Gaeilge, cuireadh na mionsonraí sin ar aghaidh chuig an Roinn Iompair i mí Iúil na bliana seo caite, seacht mí tar éis do Leo Varadkar an togra trialach a ordú, ach níor dheimhnigh an Roinn go bhfuarthas iad go dtí mí Mheán Fómhair.

Fág freagra ar 'An NRA fós ‘in amhras’ faoi mholtaí a chuirfeadh an Béarla agus an Ghaeilge ar comhchéim'

  • Glór í Eo

    Is bocht an scéal é nár leanadh ar aghaidh leis an gcóras nua. B’fearr liom féin an sean chló Gaelach a úsáid atá go hálainn agus sainiúil – agus bheadh sé níos giorra chomh maith leis an mbuailte á úsáid. Má thagann Sinn Féin i gcumhacht b’fhéidir?

  • Páid Ó Donnchú

    Ní bheadh aon tacaíocht ó shaineolaithe chumarsáide don shean-chló, agus ní feicim sean-chló in aon tír eile san Eoraip. Caithfear chomharthaí bóithre a bheith intuigthe agus simplí. Mar atá sa sampla anseo san alt.

    • Fearn

      ” ní feicim sean-chló in aon tír eile san Eoraip.”

      Sean-chló? Aibitir nach aibítir Laidine í , an ea? Abair Gréigis sa Ghréig agus sa Chipir agus an aibítir Chirileach sa Bhulgáir agus sa tSeirb muna mian leat dul chomh fada soir agus an Úcráin agus an Rúis Bhán.

      Agus más siar a téann tú, an sean-chló aibítir na hÍosalinnise?

  • Micil

    Más é Dungarvan Co. Phort Láirge atá i gceist sa chomhartha atá léirithe sa scéal seo, is sampa eile é do bhotún sa litriú ag Údarás um Bóithre Náisiúnta.

    Is i gCo. Chill Chainnigh atá Dún Garbháin. Dún Garbhán atá i bPort Láirge

    • Cordelia Nic Fhearraigh

      Tá an cló Béarla ag éirí níos mó agus is ar éigean go bhfeictear an cló Gaeilge ar chomharthaí áirithe. Ní maith liom an cló iodálach, doiligh a léamh agus tú ag tiomáint.

      Agus an rud is amaidí ar fad; síltear gur cheart d’achan chomhartha eile sa tír bheith ar an dearadh céanna leis na comharthaí maslacha seo! Comharthaí turasóireachta (an bhfuil siad dátheangach?), comharthaí i bhfoirgnimh phoiblí, comharthaí i siopaí/gcuideachtaí, comharthaí sna hotharlanna (an bhfuil siad dátheangach?), fiú postaeirí toghánaíochta.

      An leagan Gaeilge ro-fhada? B’fhiú daofa súil a chaitheamh ar ainmneacha na bpeileadóirí sacair a imríonn sna sraitheanna Eorpacha agus do Chorn an Domhain – níl an chuma air go mbíonn aon deacrachtaí riamh iad sin a scríobh… Samhlaíocht – níl a leithéid ar fáil sa státseirbhís.

      Rún agam ceisteanna a thógáil (níos dearfaí ná gearán a dhéanamh?) fá na comharthaí bóithre seo – agus go leor comharthaí eile. Saoránach ar bith eile sásta litir a scríobh chuig Údarás na mBóithre Náisiúnta?

  • Fearghas MacFhionnlaigh

    Litir a scríobh mé (i mBéarla) a cúig nó a sé de bhlianta ó shin maidir le cás na hAlban:
    https://www.foramnagaidhlig.net/foram/viewtopic.php?t=816