An tsraith níos fearr i mbliana agus na Dubs ag dul i bhfeabhas?

Ní raibh aon easpa ceachtanna do Chiarraí ná d’fhoirne eile i mbabhta 4 den tSraith Náisiúnta Peile

An tsraith níos fearr i mbliana agus na Dubs ag dul i bhfeabhas?

 

An bhfuil na Dubs ag dul i bhfeabhas?

Greadadh, scóladh nó stánáil tugtha ag curaidh uile-Éireann don dtánaiste agus an bhearna sin a bhí eatarthu i mí Iúil seo caite ina chlais dhiamhair anois ar fhianaise oíche Shathairn. Is cuma cén tslí a fhéachann Ciarraí ar an gceann seo bhí oscailt súl ann dóibh agus mórán ceachtanna le foghlaim.

An rud is mó a bheidh ag déanamh tinnis do Chiarraí sna laethanta amach romhainn ná gurb í seo, taobh amuigh de Bhrian Ó Beaglaoich na Gaeltachta agus Tom O’Sullivan is Paul Geaney an Daingin, an bhuíon is láidre atá agus a bheidh ar fáil do Chiarraí in 2024.

Sólás éigin dóibh ná féadfadh oiread is imreoir amháin a rá gur imir sé mar is dual, ná féadfaidh ach feabhas a theacht agus is cinnte go dtiocfaidh na ciceanna amach ón dá thaobh sa chéad leath idir Jack O’Connor agus codladh na hoíche ar feadh tamaill.

Bhí David O’Hanlon ana-chliste, ana-phointeáilte agus ana-mhear leis na ciceanna amach agus Shane Ryan ar an dtaobh eile ag fágaint an iomarca gaoithe fén seol le go bhféadfadh Brian Fenton a rogha rud a dhéanamh fén gcaid i lár a ghoirt d’Áth Cliath. Bhí lucht leanúna Chiarraí go labhras tar éis an chluiche aréir leo ag cáiseamh easnamh Jack Barry ach bheadh san ag déanamh an iomarca éagóra ar fad agus go deimhin faillí ar chumas, ar intleacht agus ar righneas Uí Fhiannachta.

Nuair atá an Fiannachtach istigh leis féin i gceart, ní hamháin ná fuil aoinne inchurtha leis inniu ach chaithfí é a áireamh i measc na n-imreoirí lár páirce is fearr i stair an chluiche féin, mura bhfuil san déanta cheana. Tá sé ina fhathach fén gcaid chrochta agus b’amhlaidh a bhí Dé Sathairn ach ná déanaimis neamhní ach an oiread dá dhiongbháilteacht ar fuaid na páirce leis an gcaid ina sheilbh.

Má thaistealaíonn sé go Doire Dé Sathairn seo chughainn, is fiú aon ní dul ag faire air féin agus Conor Glass in adharca a chéile.

 

Bainisteoir Ard Mhacha Kieran McGeeney. Pic:INPHO/John McVitty

An bhfuil sraith na bliana seo níos fearr ná ceann na bliana seo caite?

Dúirt bainisteoir Ard Mhacha, Kieran McGeeney, an tseachtain seo caite go gcaithfidh go bhfágann an t-allagar a leanann cluiche na caide gurb é an spórt is duairce agus is diúltaí ar domhan.

Pé caint atá ar choistí fé stiúir iarbhainisteoir Átha Cliath, Jim Gavin agus iad ag féachaint ar mhúnla na caide, is beag atá bunoscionn léi nuair a imrítear mar a dhein Fenton agus a chomhghleacaithe Dé Sathairn í. Níl na Dubs leo féin ins an imirt dhearfach. Tá Doire ag leanúint orthu leis an síorionsaí agus leis an mbrú mór chun tosaigh. Ag éisteacht le daoine áirithe, ba dhóigh leat gur nuaíocht é an fáscadh a deintear ar chúlaithe agus iad ag iompair na caide amach.

Is léir go bhfuil Jim McGuinness ag iarraidh é a mhúnlú lena bhuíon imreoirí i nDún na nGall ó thús an fheachtais sraithe agus má leanann an faisean, is fearrde a bheidh cluiche na caide dá bharra. Tá an chaid á lascáil i bhfad níos mó sna chéad cheithre bhabhta den sraith chomh maith. Níl uainn anois ach go dtiocfaidh Jim Gavin agus a bhuíon chun cinn le héabhlóid eile agus beidh againn. Stadfaimid den síorleagadh ansan.

Cén bhéim a bheidh ag foirne ar an gcraobh chúige i mbliana?

Táimid fós ag dul i dtaithí ar an mbiaiste scoilte ag leibhéal na gclub agus an chontae. Tá na hoiliúnóirí agus lucht múnlaithe nirt agus aclaíochta ag fáil tomhas níos fearr ar cé chomh luite amach orthu féin ba cheart d’imreoirí a bheith ag tréimhsí áirithe den mbliain. Is léir go bhfuil ana bhéim á leagadh ag foirne ar an tsraith ach is léir chomh maith go bhfuil na craobhacha cúige ag baint bonn den tsraith agus ag cur éirim an dá chomórtas as riocht.

Aon fhoireann a shroicheann cluiche ceannais cúige, beag beann ar a seasamh sa tsraith, beidh áit acu i gCorn Sam Mhig Uidhir. Tóg Cill Dara, mar shampla, fé láthair. Táid siúd ar ancaire ag bun Roinn 2 na sraithe gan oiread is pointe amháin sraithe gnóthaithe acu. Toisc go bhfuilid ar an dtaobh eile de tharrac chraobh Laighean, seachnóidh siad Áth Cliath agus níl haon léim mhór ó thaobh na samhlaíochta é, go bhféadfaidís an cluiche ceannais cúige a bhaint amach ainneoin na hainnise atá gafa chucu ó thús an earraigh.

Déarfadh daoine gur rud fónta é seo, go bhféadfadh foireann atá ar a gcroí díchill ag iarraidh iad féin a mhúscailt san earrach fuascailt a dhéanamh orthu féin ag tús an tsamhraidh. Cur cás Chill Dara i gcomparáid leis an gCabhán, áfach. Táid siúd i dtaobh le sé phointe sraithe fé láthair, iad ag imirt le sprid agus le hanam ach caithfidh siad buachtaint ar Mhuineachán sa réamhbhabhta i gCúige Uladh, ar Thír Eoghain sa bhabhta ceathrú ceannais má ritheann leo, agus ar Dhoire nó Dún na nGall sa bhabhta leathcheannais má ritheann leo arís.

Níl aon ghoile ná fonn (i láthair na huaire) na craobhacha cúige a chaitheamh i dtraipisí ach tá i bhfad an iomarca cluichí i bhfad níos tábhachtaí ann chun go mbeadh an bhéim chéanna inniu ar an gcraobh chúige. Tá na cluichí cúige ag teacht sa tslí ar na foirne móra agus cé go mb’fhéidir gur eisceacht é cúige Uladh, n’fheadar an fada eile a leanfaidh sé mar sin nuair a raghaidh an uile chontae i dtaithí ar an mbiaiste nua?

Fág freagra ar 'An tsraith níos fearr i mbliana agus na Dubs ag dul i bhfeabhas?'