An ‘tromluí’ fós ag bagairt agus May fós ag snámh in aghaidh easa agus an DUP

Ní féidir leis an DUP talamh slán a dhéanamh de go seasfaidh a gcumhacht i bhfad eile

An ‘tromluí’ fós ag bagairt agus May fós ag snámh in aghaidh easa agus an DUP

Ní fhéadfá do shúile a bhaint den taispeántas. Fiú má d’airigh tú gurbh ionann thú agus na daoine a stopann chun stánadh ar thimpiste bhóthair nó uafás éigin eile, ní fhéadfá stopadh ag breathnú. I dTeach na Parlaiminte in Westminster san oíche Dé Luain ghlac feisirí smacht ar an mBreatimeacht as lámha an rialtais. Uirísliú ar Theresa May, a húdarás scriosta agus gach páirtí ag caint go hoscailte faoi cathain a chaithfeadh sí éirí as a tréimhse thubaisteach mar Phríomh-Aire.

Tá cóimheá na cumhachta idir an feidhmeannas agus an Pharlaimint iompaithe bunoscionn, dar le hurlabhraí an Phríomh-Aire May. Tá feisirí traspháirtí ag glacadh freagrachta as an mBreatimeacht i bhfianaise éagumas Theresa May, dar leosan a mhol an rún chun ceannas a ghlacadh ar imeachtaí sa Pharlaimint Dé Céadaoin.

Bhí a dtreascairt ar an bPríomh-Aire tromchúiseach, móramh 27 vóta in dhá rún; 329 in aghaidh 302 agus 327 in aghaidh 300. I measc na ndaoine a vótáil in aghaidh an rialtais bhí triúr airí sóisearacha a d’éirigh as oifig agus breis is scór Caomhach eile. Ba léir nach raibh muinín ag feisirí as plean Theresa May ná cinnteacht ar bith ann go raibh plean aici thairis an moladh ar eitíodh dó cheana.

Níor léir d’éinne cén toradh a bheidh ar na vótaí táscacha a rithfidh na feisirí tráthnóna inniu féachaint an féidir móramh a aimsiú do phlean éigin eile don Bhreatimeacht.

Níor léir ach an oiread go nglacfadh an rialtas le cinneadh na bhfeisirí dá dtiocfaí ar chomhghéilleadh.

Bhí rudaí áirithe soiléir, áfach. Bhí na daoine is cíocraí chun imeacht as an Aontas Eorpach an-neirbhíseach faoi cheannas a bheith faighte ag feisirí eile ar obair na Parlaiminte. Ina measc sin bhí an DUP agus a gcairde san ERG, grúpa Rees-Mogg, Johnson, Davis agus eile. Dhearbhaigh an DUP athuair inné nach mbeidís ag tacú le margadh imeachta May.

Vótáil an dá dhream sin, an DUP agus an ERG, in éadan na rún a d’fhág ceannas ag feisirí ar obair na Parlaiminte inniu, iad den bharúil gur Breatimeacht bog a bheadh á éileamh. Bhí sé fánach acu.

Sheas an DUP lena margadh, ag tacú leis an rialtas san vóta cé go raibh a bhfearg le Theresa May follasach.

Níos luaithe sa tseachtain bhí Nigel Dodds, Sammy Wilson agus Jim Shannon ag scoradh uirthi agus ag fógairt nach ligfidís di Tuaisceart Éireann a úsáid chun a tairbhe féin. Bhí siad ar buile gur dhúirt an Príomh-Aire go raibh síneadh ama riachtanach roimh an mBreatimeacht mar nach raibh Tuaisceart Éireann faoi réir de dheasca an fholúis in Stormont.

D’fhill an DUP ar an seanphort gur leis an bpáirtí Caomhach agus nach le Theresa May atá margadh soláthair agus muiníne acu. Ba léir le bliain nár airigh an DUP gur ghá dóibh a bheith dílis do May cé is moite de na vótaí Parlaiminte a bhain lena margadh soláthair agus muiníne ach ní foláir nó go bhfuil imní orthu anois. Bhí sioscadh ar siúl le seachtain faoi scéim de chuid na dTóraithe go nglacfaí le Plean May, an cúlstad san áireamh, dá socródh May an dáta a n-éireodh sí as an bPríomh-Aireacht.

Ní fheadar an mbeadh dóthain tacaíochta sa Pharlaimint ag an bplean sin ach is leide é don DUP nach iad a dtosaíochtaí siúd na tosaíochtaí céanna atá ag Coiste 1922 ná ag go leor Tóraithe eile. Laethanta órga na cumhachta ag teacht chun deiridh, seans.

Bhí an-chuid tuairimíochta i Londain le tamall gur theastaigh ón DUP a bheith solúbtha agus glacadh le plean Theresa May ach sciath chosanta éigin a fháil. Bhí a fhios ag gach éinne go raibh eite den fhreasúra san ERG a d’athródh a vóta dá mbeadh an DUP sásta. Bhí a lán eile sa Pharlaimint a bhí feargach faoin méid tionchair a bhí ag mionpháirtí. Ar ndóigh is san uimhríocht atá an fíorthionchar! Is iomaí prionsabal a chuirtear i leataobh nuair a bhíonn cóimheá na cumhachta ag mionpháirtí.

Mar sin féin ní féidir leis an DUP talamh slán a dhéanamh de go seasfaidh a gcumhacht i bhfad eile.

Tá praiseach chomh mór sin déanta den Bhreatimeacht gur truamhéalach an feic í máthair na bParlaimintí. Idir éilimh gan bhrí ar an gcraiceann agus a luach agus easpa ullmhúcháin, ba shnámh in aghaidh easa an cúram a cuireadh ar Theresa May ar aon nós. Ach chuir sí lena deacrachtaí féin. Rith sí, le tacaíocht na Parlaiminte, Airteagal 50 gan aon phleanáil a dhéanamh agus níorbh shuim léi nó ní raibh sí in ann comhghuaillíochtaí a chothú.

Céard a tharlóidh anois? Ba dhána an mhaise buille faoi thuairim a thabhairt. Liosta le háireamh na roghanna atá á bplé. Cibé cinneadh a dhéanfaidh na feisirí sna vótaí táscacha inniu, tá seans maith nach nglacfaidh an Príomh-Aire May leo. Ansin? Reifreann eile, olltoghchán agus May fós i gceannas ar na Tóraithe, nó tacaíocht do Phlean May agus feachtas ceannaireachta ag na Tóraithe? Cé go raibh cosa i dtaca ag an DUP bhí seans ann go gcasfadh cuid den ERG i dtreo May chun Breatimeacht ‘bog’ , leamh nó neamhBhreatimeacht na bhfeisirí traspháirtí a sheachaint.

Léas beag dóchais don tír seo thuaidh agus theas ach an tromluí fós ag bagairt.

Fág freagra ar 'An ‘tromluí’ fós ag bagairt agus May fós ag snámh in aghaidh easa agus an DUP'