An traidisiún ag Droichead Abhann Ó gCearnaigh ach tá Creathach contúirteach

Imreofar cluiche ceannais chraobh shinsir chontae an Chláir idir Creatlach agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh in Inis amárach

An traidisiún ag Droichead Abhann Ó gCearnaigh ach tá Creathach contúirteach

Mar a dúirt toscaire na Scairbhe Dan Treacy faoin bpróiséas chun bainisteoir nua a cheapadh ar fhoireann shinsir iomána an Chláir,  ‘tá sé ina chíor thuathail ar fad’. Is cosúil go bhfuil an ceart ar fad ag Dan i bhfianaise na dtuairiscí is déanaí sna meáin. Tá coicís eile tugtha anois ag bord an chontae chun an próiseas a chur i gcrích agus daoine ag súil go mór go mbeidh toradh sásúil ar an scéal faoi dheireadh.

Amárach ar an aicsean ar pháirc na himeartha i bPáirc Uí Chíosóg in Inis a bheidh aird lucht leanta na hiománaíochta. Is ann a imreofar cluiche ceannais chraobh shinsir chontae an Chláir idir Creatlach agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh, cluiche a bheidh á chraoladh beo ar TG4. Faoiseamh a bheidh ann ó scéal an bhainisteora agus dhá chlub cáiliúil sa tóir ar Chorn Canon Hamilton.

Tá foirne sinsir na Creatlaí an-láidir le tamall agus na craobhacha peile agus iomána araon buaite acu faoi dhó le deich mbliana anuas. Bhuaigh siad an dá chraobh in aon bhliain amháin in 2014. Seo an séú cluiche ceannais iomána acu ó 2009.

Le roinnt seachtainí anuas tá siad ag dul ó chluiche go cluiche agus an chraobh iomána agus an chraobh peile á n-imirt acu. Bhíodar i bhfad róláidir do Chroisín coicís ó shin, go háirithe sa dara leath nuair a scóráladar 3-16. Tá an fhoireann breac le réalta idirchontae a bhfuil boinn uile-Éireann acu agus leithéidí Conor McGrath, Liam Markham, Podge Collins agus Cathal McInerney acu. Ach ba é an t-ógánach Rian Considine ba mhó a bhí i mbéal an phobail sa chluiche ceannais an lá cheana i ndiaidh dó 2-3 a scóráil.

Agus an cluiche sin buaite acu bhí ar lucht an chumainn iompú arís ar an bpeil agus bhí cuid mhaith de na himreoirí ag imirt arís an tseachtain dár gcionn. Chaill siad sa chluiche leathcheannais peile sin i gcoinne Chill Mhuire-Uí Bhreacáin, agus beidh orthu teacht chucu féin sách tapa agus na camáin arís ina lámha acu an deireadh seachtaine seo.

Tá Droichead Abhann Ó gCearnaigh faoi bhainistíocht Davy Fitzgerald agus an chuma san orthu. Sa chluiche leathcheannais bhí sé an-soiléir sa cheathrú dheireanach go raibh siad  i bhfad níos aclaí ná Eidhneach. Le blianta fada tá cáil ar Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh mar fhoireann a mbíonn sé thar a bheith deacair an lámh in uachtar a fháil orthu agus is mar sin a bhí sé arís sa chluiche leathcheannais.

Bhí Eidhneach go mór in uachtar sa chéad leath ach ní raibh ach cúilín amháin sa bhreis acu ag leath ama.

Ach sa cheathrú dheireanach chuir an Droichead naoi gcúilín ar chlár na scór i gcomparáid leis an bpéire a d’éirigh le hEidhneach.

Mar sin féin, ní dóigh go raibh an bainisteoir róshásta leis an taispeántas a d’fhág go raibh a chlub ag streachailt ar feadh cuid mhaith den chluiche agus iad chun deiridh ar feadh i bhfad.

Ach sheas cuid dá réalta an fód dóibh, go háirithe Séadna agus Caimín Morey, Jamie Shanahan agus Shane Golden, agus dheineadar an beart.

Fíric eile is fiú a lua ná gur tháinig an t-iar-réalta idirchontae Niall Gilligan isteach mar ionadaí ina 22ú séasúr lena chlub. 

Tá taithí ag an bhfoireann seo ar an mbua a bheith acu agus tá an corn seo buaite acu gach re bliain ó 2013.

Tá 13 craobh contae buaite acu chomh maith le trí chraobh cúige agus craobh na hÉireann amháin. Sea, seo club a bhfuil stair agus traidisiúin láidir ag baint leo.

Ach ní bheidh aon bhaint ag traidisiún le cluiche an lae amárach. Is dócha gur féidir a rá go bhfuil an fhoireann is fearr ag an gCreatlach ach seans go mbeidh tuirse ag cur as dóibh i ndiaidh na gcluichí go léir a bhí acu le déanaí.

Tosnóidh an t-aicsean ar a ceathrú tar éis a trí in Inis.

Ceapann na geallghlacadóirí go mbeidh an lá le Droichead Abhann Ó gCearnaigh, más ar éigean féin é.

Fág freagra ar 'An traidisiún ag Droichead Abhann Ó gCearnaigh ach tá Creathach contúirteach'