AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Trá Bhaile na nGall, Corca Dhuibhne

I sraith seo an tsamhraidh tugann ár scríbhneoirí ar cuairt sinn go dtí an trá Ghaeltachta is ansa leo…

AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Trá Bhaile na nGall, Corca Dhuibhne

Níl aon easpa tránna orainn in Iarthar Duibhneach le héileamh mór ar Thráigh Fionn Trá agus lucht na bpictiúr ag triall ar Thráigh Chlochair. ’Sé Tráigh Bhaile na nGall, tráín bheag chluthair atá neadaithe i gCuan Ard na Caithne, an trá is ansa liom féin.

Dhá thrá bheaga atá ann i ndáiríre agus Cé Bhaile na nGall istigh eatarthu. Gan aon ainm faoi leith orthu, faoi mar a thuigim, ach iad ainmnithe i ndiaidh na dtithe tábhairne in aice láimhe.

Go deimhin tá radharc agat ar chuid mhaith de thránna eile na dúthaí ón láthair seo; Tráigh na Muirí, Tráigh an Fhíona, Cúl Dorcha agus Béal Bán.

Nuair atá tú luite ar do sháimhín anseo is féidir leat lán do chuid súl a bhaint as an-chuid de thírdhreach cuidsúlach na dúthaí. Na Triúr Deirféar ar do dheis, ó Bhinn Dhiarmada go Ceann Sibéal/Chewbacca agus an Fear Marbh ar íor na spéire. As sin go Cruach Mhárthain, Sliabh an Iolair agus Na Leataithe faoi mar a ritheann. Claon do cheann ar chlé agus tá Cnoc na Cathrach agat agus ó thuaidh mar a chruachtar an mhóin go sleasa Chnoc Bréanainn agus Túr Baile Dháith. Radharc lánléargais má bhí a leithéid riamh ann.

IMG_5939

Athrú Garda Cósta agus an útamáil logainmneacha a lean is cúis le leagan Béarla Bhaile Dháith a bheith mar ainm Béarla ar Bhaile na nGall.

Má éiríonn tú bailithe don ghaineamh id’ ladhracha is féidir leat tabhairt faoi Shiúlóid na Faille (atá mar chuid de Shlí Chorca Dhuibhne) agus filleadh leat thar n-ais ar Bhóthar na Léinsí, thar Raidió na Gaeltachta.

Tá roinnt iascaireachta fós á déanamh ó Ché Bhaile na nGall agus fad is atá an t-uachtar gréine á chuimilt ort féin agat, cífidh tú iascairí ag tiargáil chun farraige. Lá de na laethanta go rabhas ann le déanaí bhí leoraí éisc ag bailiú ualaigh ó cheann de na báid. Ba dheas an feic é. Malairt úsáide a bhaineann cuid de na hógánaigh as an gcé agus iad ag léimt aisti nuair atá an taoide oiriúnach chuige. B’fhéidir go mbeadh cuid den dream óg céanna le feiscint sa Regatta a bhíonn ar siúl gach aon samhradh, agus ceann na bliana seo ar siúl ar an 21 Lúnasa.

Nuair atá sé in am do scíth a ligean is féidir leat éalú isteach go Tigh Bheaglaoich nó Tigh TP le Gaolainn mhuintir na háite a chloisint measctha le glugar na dturasóirí. Bíodh greim bídh agus maide pínt agat ar do shuaimhneas.

An tsraith go nuige seo…

AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Suaimhneas agus áilleacht ar thrá Inis Sionnaigh

AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Faill Cliath, Dún Chaoin, Corca Dhuibhne

AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: An Trá Bhán, Málainn Bhig, Gleann Cholm Cille

Fág freagra ar 'AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Trá Bhaile na nGall, Corca Dhuibhne'