AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: An Trá Bhán, Málainn Bhig, Gleann Cholm Cille

I sraith seo an tsamhraidh tugann ár scríbhneoirí ar cuairt sinn go dtí an trá Ghaeltachta is ansa leo…

AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: An Trá Bhán, Málainn Bhig, Gleann Cholm Cille
Trá delap
Pictiúr: Micheál Ó Dochartaigh

Is ag teacht anuas ó shleasa ingearacha Shliabh Liag is minice a fheicimse an Trá Bhán. Cúpla uair sa bhliain treoraím grúpa siúlóirí de chuid Oideas Gael ó Bhun Glas go Málainn Bhig thar bharr an tsléibhe.

Ag druidim i dtreo dheireadh na siúlóide, bíonn na siúlóirí spíonta go maith ach tagann ardú meanma orthu nuair a nochtaítear seoid bheag, álainn dóibh i bpreabadh na súl mar a bheadh saifír ceilte i lár an fhraoigh.

Sílim fhéin gurb é sin an radharc is fearr atá ar fáil don trá fhoscúil, ghalánta seo. Óir de réir mar a théann tú in airde cíonn tú cé chomh foirfe is atá sí. Cruth crú capaill atá uirthi agus cé go bhfuil fothain dheas ann ó fhiántas an Atlantaigh is gaiste iontach gréine í fosta. Tá beanna crochta thart uirthi – túr ó aimsir Napoleon ar thaobh amháin de agus seanlios ar an taobh eile – chomh maith le radharc aoibhinn den teach solais ar Oileán Reachlainn Uí Bhirn.

Is ón airde chéanna seo os cionn na trá a chonaic Naomh Tassach (deisceabal de chuid Naomh Pádraig) a radharc deireanach ar an oileán, áit ar chaith sé bunús a shaoil agus inar bhunaigh sé mainistir atá ina seasamh go fóill. Tháinig uaigneas ar an fhear bocht nuair a bhí sé á fhágáil agus shil sé deoir. D’eascair foinse uisce ar thaobh an chnoic as an deoir úd agus is tobar beannaithe é ó shin.

Tá a cáil amuigh ar an trá bheag, iargúlta seo atá suite ag deireadh na leithinse. Go deimhin mar a fheiceann sibh sa phictiúr thuas bhí sí ina foinse inspioráide ag cairde liom a bhí ag iarraidh a gcló ealaíonta fhéin a leagan ar imeachtaí comórtha na Cásca seo caite.

IMG_20160327_194508
Pictiúr: Micheál Ó Dochartaigh

Ach ní trá go snámh agus is iomaí uair a d’fhliuch mé mo chloigeann i bhfarraigí turcaidghorma na Trá Báine. B’fhéidir go bhfuil dul amú orm ach braithim i gcónaí nach bhfuil an t-uisce chomh fuar anseo is atá i dtránna eile timpeall an chósta.

É sin ráite, is mó sult a bhainim i ndáiríre as a bheith ag siúl ar an ghaineamh mín, bán ar thráthnónta breátha samhraidh agus an ghrian ag dul faoi.

Níl fairsinge ar bith sa trá ach tá spás intinne chomh mór le páirc peile ann agus gan le cluinstean ach corr-scréach ó fhaoileán  fánach agus lapadaíl na dtonnta ar an chladach . Níl dóigh ar bith níos pléisiúrtha le críoch a chur leis an lá, dar liom, ach go gcaithfidh tú corradh le 50 céim a dhreapadh le pilleadh ar do charr!


An tsraith go nuige seo

AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Suaimhneas agus áilleacht ar thrá Inis Sionnaigh

 AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: Faill Cliath, Dún Chaoin, Corca Dhuibhne

Fág freagra ar 'AN TRÁ GHAELTACHTA IS ANSA LIOM: An Trá Bhán, Málainn Bhig, Gleann Cholm Cille'