AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciurd ar na toghcheantair – Aontroim

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciurd thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. An babhta seo, is iad toghcheantair Aontroma atá faoi chaibidil

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciurd ar na toghcheantair – Aontroim

Aontroim Theas, Thoir agus Thuaidh

Ceantar mór aontachtach é Contae Aontroma trí chéile. D’éirigh le haontachtaithe – idir an DUP, an UUP agus TUV— 13 den 18 suíochán a bhí ar fáil sna trí thoghcheantar seo anuraidh a ghnóthú. Bhí trí cinn ag Sinn Féin, ceann i ngach toghcheantar agus péire ag Alliance. Ach an oiread leis an 17 toghcheantar eile tá an t-aer anseo beo le tuairimíocht faoi cé a chaillfidh suíochán óir tá líon na n-ionadaithe laghdaithe ó sheisear go cúigear.

Aontroim Theas

Trí shuíochán don DUP, ceann don UUP, ceann d’Alliance agus ceann do Shinn Féin a bhí anseo anuraidh. Tá an seisear ar éirigh leo an beart a dhéanamh i measc an trí dhuine dhéag atá san iomaíocht anois do chúig shuíochán. Nuair a áirítear vótaí na bliana seo caite i dtéarmaí an chuóta ardaithe nua a bheidh i gceist i mbliana. bhí 2.3 cuóta ag Paul Girvan, Pam Cameron agus Trevor Clarke don DUP, bhí 1.3 cuóta ag an UUP, idir Stephen Aiken a toghadh agus a bheirt chomhghleacaithe. Bhí 0.8 de chuóta ag cathaoirleach Shinn Féin Declan Kearney, ar Gaeilgeoir é, agus bhí leathchuóta ag David Ford, an t-iar-aire cirt a bhí ina cheannaire ar Alliance ag an am.

De réir na bhfigiúirí, bheadh dhá shuíochán de chuid an DUP, ceann de chuid an UUP agus ceann Shinn Féin slán. Beidh Alliance ag súil le haistrithe as gach ceard chun go dtabharfaidh David Ford na cosa leis arís, ach is cosúil go mbeidh sé in iomaíocht leis an DUP don suíochán deiridh. Ar ndóigh má thiteann vóta an DUP i ngeall ar scannal an RHI d’fhéadfadh scéal eile ar fad a bheith ann.

Bhí níos mó vótaí ag Róisín Lynch, an SDLP, ar an gcéad chomhaireamh anuraidh ná mar a bhí ag David Ford, ach ní raibh teacht aici ar aistrithe. Beifear ag faire féachaint an bhfaighidh sí aistrithe ón UUP, mar atá á mholadh ag ceannaire an pháirtí sin, Mike Nesbitt. Vótáil muintir an cheantair seo i bhfabhar an Bhreatimeachta le móramh 550 vóta ach tháinig 8,000 toghthóir sa bhreis amach don reifreann ná mar a tháinig amach don toghchán. Meastar gur náisiúnaithe ba chúis le breis agus leath den ardú tinrimh sa reifreann. Bheadh tionchar mór ar an toghchán acu siúd dá gcaithfidís vóta arís.

Is í breith na coitiantachta gurb é an DUP is mó atá i mbaol anseo, ach ar éigean atá David Ford agus Alliance ag déanamh talamh slán dá suíochán.

Aontroim Thoir

Trí cinn de shuíocháin a bhí ag an DUP anseo, chomh maith le ceann don UUP, ceann d’Alliance agus ceann do Shinn Féin. Síneann an ceantar seo fan an chósta ó Charraig Fhearghais go dtí na Glinnte. Tá 15 san iomaíocht. Ina measc sin tá David Hilditch agus Gordon Lyons atá ag cosaint a suíochán don DUP. Tá an t-iar-aire sóisir, Alastair Ross ón DUP éirithe as an bpolaitíocht agus tá Stephen Ross ag seasamh ina áit. 2.2 cuóta atá ag an DUP. Tá Roy Beggs an UUP ag cosaint a shuíocháin agus tá John Stewart sa tóir ar an dara suíochán don pháirtí sin. 1.2 cuóta a bhí ag an UUP. Tá Stewart Dickson, le 0.9 de chuóta, sa rás arís d’Alliance agus tá Oliver McMullan san iomaíocht do Shinn Féin. Leathchuóta a bhí aige siúd.

Táthar á thuar go gcaillfidh an DUP suíochán. Theastódh preab ollmhór ón UUP chun an dara suíochán a fháil ach ba chóir go mbeadh Roy Beggs slán. Ceaptar go mbeidh suíochán Alliance slán, ach táthar san amhras faoi sheans McMullan agus Sinn Féin. Ní raibh sé ach 104 vóta chun tosaigh ar Noel Jordan ó UKIP anuraidh agus bhí Jordan an-ghníomhach sa cheantar i bhfabhar an Bhreatimeachta. ar glacadh go fonnmhar leis. Beidh fear UKIP ag súil le haistrithe ón TUV agus ó dhaoine eile a d’aistrigh chuig an DUP anuraidh. Tá ceist anseo mar sin faoi shuíochán de chuid an DUP, an ceann a bhí ag Alastair Ross, agus faoi shuíochán Shinn Féin.

Aontroim Thuaidh

Bhí trí shuíochán anseo ag an DUP, ceann ag TUV, ceann ag an UUP agus an ceann eile ag Sinn Féin. Seo dúnáras mhuintir Paisley. Tá an seisear Teachtaí atá ag dul as oifig i measc an 11 iarrthóir. Tá 2.6 cuóta (de réir an chuóta ardaithe a bheidh i bhfeidhm i mbliana) ag triúr an DUP, Paul Frew, Mervyn Storey agus Philip Logan. Bhí os cionn cuóta ag Jim Allister, ceannaire an TUV, a bhfuil iarrthóir eile ag seasamh ina theannta. Mhaígh Allister gur shocraigh siad ar an dara hiarrthóir a chur chun tosaigh mar gheall ar an aiseolas a bhí siad a fháil ag na doirse ó dhaoine a bhfuil fearg orthu mar gheall ar an DUP agus scannal an RHI. Bhí 0.8 de chuóta ag Sinn Féin agus 0.6 de chuóta ag Robin Swann ón UUP.

Ba é Daithí McKay a toghadh do Shinn Féin anuraidh ach b’éigean dó éirí as de bharr na conspóide faoina bheith ag comhoibriú leis an dílseoir Jamie Bryson i dtaca le fianaise faoi NAMA a tugadh don Choiste Um Chuntais Phoiblí. Tháinig Philip McGuigan i gcomharbacht ar McKay agus tá seisean ag cosaint an tsuíocháin. Scoilt Sinn Féin sa cheantar i ngeall ar an gcaoi ar roghnaíodh McGuigan in ionad McKay agus tá iarbhall den pháirtí, Monica Digney, ag seasamh mar neamhspleách. Ní léir an ndéanfaidh sí mórán dochair do Shinn Féin, ach ní léir ach an oiread cibé an aistreoidh vótaí an SDLP chuig Sinn Féin nó chuig an UUP.

De réir fhigiúirí na bliana seo caite, is é  an tríú suíochán de chuid an DUP agus/nó suíochán an UUP a bheidh i mbaol.

An Feabhal, Doire Thoir agus Gleann an Lagáin

An Dún Theas, An tIúr agus Ard Mhacha agus An Bhanna Uachtair

Loch Cuan agus An Dún

Béal Feirste

Fág freagra ar 'AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciurd ar na toghcheantair – Aontroim'