AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciurd ar na toghcheantair – An Feabhal, Doire Thoir agus Gleann an Lagáin

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciurd thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciurd ar na toghcheantair – An Feabhal, Doire Thoir agus Gleann an Lagáin

Tá móramh mór náisiúnach san Fheabhal agus an t-aon suíochán aontachtach sa cheantar faoi bhrú. Tá móramh mór aontachtach i nDoire Thoir agus is ann atá an t-aon neamhspleách a bhí i Stormont le fada agus is ag aontachtaithe atá an svae i nGleann an Lagáin, mar a dteastódh cor as an gcoitiantacht chun go mbeadh seans ag an SDLP.

An Feabhal

Dhá shuíochán a bhí ag Sinn Féin agus an SDLP araon anseo anuraidh, ceann ag an DUP agus ceann Pobal Roimh Bhrabach, an feachtasóir sóisialach Eamonn McCann ar éirigh leis suíochán a ghnóthú tar éis na mblianta ag streachailt.

Tá tromlach mór náisiúnach sa toghcheantar atá bunaithe ar chathair Dhoire agus cúpla bruachbhaile taobh thoir den abhainn. Is é scéal mór an cheantair i mbliana go bhfuil Martin McGuinness éirithe as an bpolaitíocht de bharr drochshláinte. Ba é éirí as oifig McGuinness mar LeasChéad-Aire an buille a leag Stormont agus a spreag an toghchán obann seo. Beidh suim thar na bearta san éifeacht a bheidh ag a imeacht ar an vótáil Déardaoin.

Dháréag atá san iomaíocht.

D’fhill McGuinness ar Dhoire anuraidh le cuidiú le hiarracht Shinn Féin an tríú suíochán a bhaint den SDLP. Theip ar an iarracht sin ach bhain Eamonn McCann an tríú suíochán sin den SDLP. Tá súil ag Sinn Féin le vóta comhbhá mar thaca le McGuinness. Tá ceannaire an SDLP Colum Eastwood agus Mark H. Durkan ag cosaint suíochán a bpáirtí agus ba cheart go mbeadh an bheirt slán óir is ionann an vóta a fuair an SDLP anuraidh agus 1.8 cuóta i mbliana. Tá Raymond McCartney, Sinn Féin, agus comhiarrthóir nua, Elisha McCallion, ag seasamh in ionad McGuinness agus dhá shuíochán an pháirtí á gcosaint le 1.7 cuóta. Toghadh Gary Middleton an DUP le 0.7 den chuóta nua nuair a bhí vóta an pháirtí sin scoilte agus toghadh McCann, Pobal Roimh Bhrabach le 0.6 den chuóta.

Is cosúil mar sin gurb iad Middleton agus McCann a bheidh ag streachailt don chúigiú suíochán. Buille mór d’aontachtaithe a bheadh ann a bheith gan ionadaí i nDoire agus meastar dá bharr sin go bhfaighidh Middleton aistrithe. Beidh siad araon ag brath ar an ord ina gcuirfear daoine as an áireamh. Ceantar teorann é seo agus daoine ann an-bhuartha faoin mBreatimeacht. Vótáil ceathrar as gach cúigear chun fanacht san Aontas Eorpach, an vóta ba mhó san Ríocht Aontaithe. Cuirfear suntas san vótáil féachaint an mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht uirthi.

Doire Thoir

Triúr don DUP, agus duine amháin do Shinn Féin, duine amháin don SDLP agus neamhspleách aontachtach a toghadh anuraidh sa toghcheantar seo a shíneann soir ó Chlóidigh agus Glas-stiall thar Phort Stíobhairt, Cúil Raithin agus Port Rois go Dún Libhse agus ó dheas go Gleann Seáin.

Tá Ollscoil Uladh sa cheantar seo ina raibh móramh in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann agus an tinreamh beagnach 6,000 níos airde ná i dtoghchán an Tionóil. Tá cúig dhuine dhéag san iomaíocht, an seisear a toghadh anuraidh san áireamh, cé go bhfuil duine acu faoi lipéad nua an geábh seo.

Bíonn sé ina mhagadh ag daoine nach toghchán é go mbeidh scoilt san SDLP agus is in oirthear Dhoire a sholáthair an páirtí an t-ábhar grinn dúinn an uair seo. Choinnigh Gerry Mullan suíochán an SDLP anuraidh, 0.6 de chuóta na bliana seo a bheadh aige, nuair a d’éirigh an seanfhondúir John Dallat as an bpolaitíocht. I mbliana tá Dallat ar ais san iomaíocht mar iarrthóir don SDLP, tá Mullan ag seasamh mar neamhspleách agus tá suíochán an SDLP i mbaol. Tá Maurice Bradley, Adrian McQuillan agus George Robinson ag iarraidh trí shuíochán an DUP a choinneáil agus 2.2 cuóta acu. Tá Caoimhe Archibald ag iarraidh suíochán Shinn Féin a choinneáil agus Cathal Ó hOisín ag seasamh in éineacht léi. Bhí 1.2 cuóta ag Sinn Féin anuraidh nuair a fuair Caoimhe Archibald an ceann is fearr ar Ó hOisín. Is í Claire Sugden, atá ina hAire Cirt i Stormont ó anuraidh, an t-aon neamhspleách a toghadh in 2016 agus 0.6 de chuóta acu. Anuraidh, d’éirigh léi an suíochán a bhíodh ag David McClarty a fháil nuair a bhásaigh sé.

Áirítear go mbeidh Sugden, Dallat nó Mullan, Cathal Ó hOisín agus duine d’iarrthóirí an DUP san iomaíocht don cheathrú agus don chúigiú suíochán.

Gleann an Lagáin

Trí shuíochán a bhí ag DUP, dhá cheann a bhí ag an UUP agus ceann ag an Alliance sa cheantar seo thart ar Lios na gCearrbhach. Tá tromlach mór aontachtach anseo agus is ag Jeffrey Donaldson, a toghadh i dtosach don UUP ach a chuir lena neart nuair a d’aistrigh sé go dtí an DUP, atá an suíochán Parlaiminte. Bhí móramh anseo i bhfabhar an Bhreatimeachta (53% in aghaidh 47%) agus vótáil 9,000 níos mó sa reifreann ná mar a rinne i dtoghchán an Tionóil anuraidh. Áirítear gur chaith a dhá oiread náisiúnach vóta sa reifreann is a rinne don Tionól agus tá Sinn Féin agus an SDLP ag iarraidh áiteamh ar chuid acu sin vóta a chaitheamh Déardaoin.

Ba iad Paul Givan, Edwin Poots agus Brenda Hale a fuair na trí shuíochán don DUP agus tá siad i measc na 13 iomaitheoir atá san iomaíocht do na cúig shuíochán. B’ionann vóta an DUP an uair dheiridh agus 2.8 cuóta i mbliana agus dá réir meastar go mbeidh an triúr slán mura dtiocfaidh aon athrú mór ar an scéal. Bhí ceithre shuíochán ag an DUP anseo go dtí gur bhain iarbhall den pháirtí, Jennifer Palmer, ceann de na suíocháin sin den UUP anuraidh. 1.2 den chuóta nua a bhí ag Jennifer Palmer agus Robbie Butler an UUP an uair dheiridh agus seans go mbeidh sé deacair acu an dá shuíochán a choinneáil i mbliana.

Beidh dianchoimhlint idir an UUP agus Trevor Lunn, teachta an Alliance, don suíochán deiridh. 0.6 de chuóta a bhí ag Alliance. I mbliana tá beirt chomhairleoirí a thit amach le Alliance le gairid ag tacú le Pat Catney, SDLP, a bhí gar do leathchuóta anuraidh. D’fhéadfadh go mbeidh tionchar ag an scéal sin ar thoghchán na seachtaine seo agus d’fhéadfadh éifeacht a bheith ag vótaí aistrithe ar a bhfuil i ndán don UUP agus Alliance.

An Feabhal, Doire Thoir agus Gleann an Lagáin

An Dún Theas, An tIúr agus Ard Mhacha agus An Bhanna Uachtair

Aontroma

Loch Cuan agus An Dún

Béal Feirste

Fág freagra ar 'AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sciurd ar na toghcheantair – An Feabhal, Doire Thoir agus Gleann an Lagáin'