Tar éis bháis i gCorcaigh tá an tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin, Cumann Misin na hAfraice in aois a 83 bliain.
Gael go smior ab ea an tAthair Fionnbarra a thuill gean is meas gach duine a raibh aithne acu air. Ba mhór ag an Athair Fionnbarra cultúr an uile phobal agus bhí ómós thar na bearta aige dóibh.
Fear pobail a bhí ann ar bhreá leis am a chaitheamh sna ceantair Ghaeltachta ó Chúil Aodha go Toraigh. Chaith sé seal mar shagart paróiste ar Árainn Mhór i nGaeltacht Dhún na nGall sula ndeachaigh sé chun na hAfraice ar na misin. Chuir sé an-spéis sna cultúir áitiúla le linn dó a bheith thar lear. Bhí bua na dteangacha aige agus d’fhoghlaim sé agus labhair sé teangacha na bpobal lenar mhair sé. Níor dhein sé neamart ina theanga dhúchais féin.
Do choimeád sé dialanna i nGaolainn agus é i mbun oibre san Afraic agus scríobh sé an leabhar An Bóthar Fada go Tamanrasset a foilsíodh i 1990. Bhí an-éileamh ar a chomhluadar agus an-tóir ar a chuid scéalta taistil.
Éisteoir dílis de chuid Raidió na Gaeltachta ab ea an tAthair Fionnbarra agus b’iomaí alt ar scríobh sé dos na foilseacháin Ghaolainne thar na blianta. Dlúthchara agus comhairleoir cneasta fial a bhí ann dá neachtanna, nianna agus dá gclann siúd. Níor chloígh an saol riamh a chumas grinn.
Méala mór a bhás dá dheirfiúr Áine, dá neachtanna, dá nianna agus dá gclann siúd, dá ngaolta, cairde agus comharsana, do phobal Ard-Deoise Jos sa Nigéir, agus Ard-Deoise Shinyanga sa Tansáin, chomh maith leis na pobail i Ruanda agus sa Bhurúin agus a chomhghleacaithe i gCumann Misin na hAfraice. Gaeilgeoir dílis fial, fágann pobal Gaeilge na tíre slán leis chomh maith.
I measc laochra na nGael go raibh a anam dílis.
Léifear Aifreann na Sochraide i Séipéal Naomh Seosamh SMA, Wilton, Corcaigh ag 2.30in inniu, Dé Céadaoin, 29 Bealtaine, agus déanfar é a adhlacadh ina dhiaidh sin sa reilig in aice láimhe. Is féidir faire ar Aifreann na Sochraide ar an idirlíon ag an nasc seo.
Fág freagra ar 'An tAthair Fionnbarra Ó Cuilleanáin, Gael go smior a thuill gean is meas ó chách, ar shlí na fírinne'