Meon ‘oscailte’ ag an Aire Sláinte i dtaobh lipéadú dátheangach ar dheochanna meisciúla

Tá an Seanadóir Lorraine Clifford le bualadh leis an Aire Sláinte agus le Conradh na Gaeilge chun ceist na lipéad dátheangach a phlé

Meon ‘oscailte’ ag an Aire Sláinte i dtaobh lipéadú dátheangach ar dheochanna meisciúla

Tá an t-éileamh go mbeadh na rabhaidh shláinte atá le cur ar dheochanna meisciúla dátheangach le plé ag an Aire Sláinte.

Tá dlí á thabhairt isteach ag an Rialtas le go mbeidh rabhadh sláinte le feiceáil ar lipéid deochanna meisciúla agus tá polaiteoirí de chuid Fhianna Fáil ag éileamh le blianta beaga anuas go mbeadh na foláirimh sin dátheangach.

Dhiúltaigh an Rialtas arís don mholadh an tseachtain seo caite, cinneadh a bhí “seafóideach” agus “maslach” dar le Seanadóir amháin.

Deir an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee le Tuairisc go bhfuil sí chun an cheist a phlé lena comhghleacaí i bhFianna Fáil, an tAire Sláinte Stephen Donnelly.

Dúirt Clifford-Lee go bhfuil an tAire “oscailte” faoin gceist agus go bhfuil sé sásta bualadh léi féin agus le Conradh na Gaeilge chun ceist na lipéad dátheangach a phlé.

Nuair a bhí an reachtaíocht maidir leis na lipéid ag dul tríd an Dáil in 2018, bhí Donnelly ar dhuine de na Teachtaí Dála ó Fhianna Fáil a mhol go mbeadh sé luaite sa Bhille um Shláinte Phoiblí (Alcól) go mbeadh na rabhaidh shláinte i mBéarla agus i nGaeilge. Níl aon léargas maidir lena sheasamh ar an gceist tugtha aige ó ceapadh ina Aire é, áfach.

Labhair an Seanadóir Clifford-Lee faoin scéal sa Seanad an tseachtain seo caite agus dúirt gur “teachtaireacht chumhachtach” a bheadh ann do phobal na Gaeilge dá mbeadh na foláirimh le feiceáil sa dá theanga ach dhiúltaigh an Rialtas arís don mholadh.

Dúirt Martin Heydon, Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, go gcuirfeadh dualgas maidir le lipéid dhátheangacha isteach rómhór ar chomhlachtaí, dearcadh a cháin an Seanadóir Clifford-Lee go láidir.

“Níl sé inghlactha go bhfuil an Rialtas ag iarraidh céad teanga na tíre a chur ar leataobh chun an bealach a éascú do na comhlachtaí móra sin. Tá sé maslach amach is amach agus nílim sásta leis an méid sin,” a dúirt sí sa Seanad.

Tá an reachtaíocht ina hábhar conspóide ó thosaigh an plé uirthi cúig bliana ó shin.

In 2018, dúirt an t-iarAire Sláinte Simon Harris nach bhféadfaí glacadh le moladh maidir le lipéid dhátheangacha mar gur léirigh taighde go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ‘mearbhall’ ar dhaoine ach léirigh scéal a foilsíodh ar an suíomh seo, nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh in aon chor sa taighde a luaigh an tAire.

Achtaíodh an reachtaíocht ag deireadh 2018 ach níl an fhoráil maidir leis na lipéid dhátheangacha curtha i bhfeidhm ag an Aire Sláinte go fóill.

Le gairid, cuireadh na dréachtrialacháin faoi bhráid Choimisiún na hEorpa, a chinn gan diúltú dóibh, ach tá imní go leor léirithe ag tíortha eile san Aontas Eorpach maidir leis an tionchar a bheadh ag an dlí nua ar an margadh aonair.

Má thagann an rialachán i bhfeidhm, beidh rabhadh sláinte ginearálta faoin gcontúirt a bhaineann le halcól a ól, rabhadh faoin gcontúirt a bhaineann le halcól a ól agus duine ag súil le páiste, agus rabhadh faoin nasc díreach idir ailse agus alcól, le cur ar lipéid deochanna meisciúla. Beidh trí bliana ar a laghad ag comhlachtaí le cloí leis an reachtaíocht.

Fág freagra ar 'Meon ‘oscailte’ ag an Aire Sláinte i dtaobh lipéadú dátheangach ar dheochanna meisciúla'