An t-ocras á úsáid mar ‘uirlis chogaidh’ ag Iosrael in Gaza – ceannasaí gnóthaí eachtracha an AE

Ag labhairt dó ag cruinniú de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, dúirt Josep Borrell gur ‘tubaiste de dhéanamh an duine’ a bhí ag tarlú in Gaza

An t-ocras á úsáid mar ‘uirlis chogaidh’ ag Iosrael in Gaza – ceannasaí gnóthaí eachtracha an AE

Deir ceannasaí gnóthaí eachtracha an AE go bhfuil an t-ocras á úsáid mar “uirlis chogaidh” ag Iosrael in Gaza.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, dúirt Josep Borrell gur “tubaiste de dhéanamh an duine” a bhí ag tarlú in Gaza.

“An ghéarchéim dhaonnachtúil seo, … ní tubaiste nádúrtha atá ann, ní tuile atá ann, ní crith talún atá ann, an duine is cúis léi,” arsa Borrell.

Tá deacrachtaí móra ag grúpaí fóirithinte idirnáisiúnta cúnamh a thabhairt isteach chuig Gaza ó thosaigh an choimhlint ansin agus tá rabhadh tugtha acu go bhfuil páistí ag fáil bháis leis an ocras mar nach féidir teacht i gcabhair orthu.

Agus bacanna móra roimh chúnamh a thabhairt isteach sa stráice ar tír, tá lucht cúnaimh ar a ndícheall ag iarraidh bia, leigheas agus soláthairtí eile a thabhairt isteach ar muir agus ón aer.

“Nuair a chaithfimid bealaí eile a chuardach chun cúnamh a chur ar fáil, ar muir nó ón aer, caithfimid cuimhneamh go bhfuil orainn é sin a dhéanamh mar go bhfuil an gnáthbhealach a dtugtar cúnamh isteach, ar na bóithre, dúnta d’aon ghnó,” arsa Josep Borrell, ceannasaí gnóthaí eachtracha an AE.

“Tá an t-ocras á úsáid mar uirlis chogaidh… ó tharla go mbíonn seo á cháineadh againn san Úcráin, ní mór dúinn na focail chéanna a úsáid le cur síos a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú in Gaza.”

Dúirt an Clár Domhanda Bia inné gur éirigh leo “dóthain bia do 25,000 duine” a thabhairt isteach go dtí tuaisceart Gaza inné, an chéad uair gur éirigh le conbhua cúnamh a thabhairt isteach ansin ón 20 Feabhra, a dúirt siad.

“Agus gorta ag bagairt ar dhaoine i dtuaisceart Gaza, tá seachadadh cúnaimh ag teastáil gach lá agus teastaíonn bealaí isteach díreach go dtí an tuaisceart uainn,” a dúradh.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil gorta ag bagairt go mór ar 576,000 Palaistíneach in Gaza agus nach bhfuil mórán ama fágtha ar chor ar bith do 300,000 duine sa Tuaisceart, gur ar éigean go bhfuil aon bhia nó uisce glan fanta acu.

Fág freagra ar 'An t-ocras á úsáid mar ‘uirlis chogaidh’ ag Iosrael in Gaza – ceannasaí gnóthaí eachtracha an AE'

  • Pádraig

    I ráiteas eile de chuid Josep Borrell rinne sé Hamas a cháineadh as ospidéil agus sibhialtaigh a úsáid mar sciatha daonna.

    Ach ar ndóigh níor bhac Tuairisc.ie leis an ráiteas sin a thuairisciú in aon chor.