An t-iascaire de bhunadh Chonamara a bhfuarthas a chorp i gCuan na Gaillimhe ainmnithe

Is é Mícheál Colmán Ó Maoilchiaráin, arb as Carna a athair agus Ros Muc a mháthair, an fear a bhásaigh

An t-iascaire de bhunadh Chonamara a bhfuarthas a chorp i gCuan na Gaillimhe ainmnithe

Tá an t-iascaire de bhunadh Chonamara ar thángthas ar a chorp inné i gCuan na Gaillimhe ainmnithe. Is é Mícheál Colmán Ó Maoilchiaráin, arbh as Carna a athair agus Ros Muc a mháthair, an fear a bhásaigh.

Fear sna 40idí a bhí ina chónaí sa Bhaile Bán in oirthear chathair na Gaillimhe a bhí ann ach a raibh an-bhaint aige le Conamara. Is i reilig Mhaínse a chuirfear a chorp.

Bhí sé ar iarraidh ó thráthnóna Dé Céadaoin nuair nár tháinig sé ar ais go duga na Gaillimhe i ndiaidh dó a bheith amuigh ag gliomadóireacht.

Fuarthas a bhád ar ancaire os cionn ciliméadar siar ón gCarraig Dhubh i mBóthar na Trá, gar do Thrá na gCeann i mBearna i nGaeltacht na Gaillimhe, ach ní raibh duine ar bith ar bord nuair a thángthas ar an mbád ag 9.30pm Dé Céadaoin. Chuir an drochaimsir as don chuardach ach cuireadh tús leis arís ag 8.20am Déardaoin.

Thángthas ar an gcorp gar do Rinn Mhíl in aice le hÓrán Mór, cúpla ciliméadar ón áit ar thángthas ar a bhád iascaigh.

Maireann a athair Marcas, a mháthair Nancy Tom Chóil, a dheartháireacha Mark, Morgan, Martin agus Patrick, a dheirfiúr Barbara, a iníon Jordon agus gaolta eile.

Fág freagra ar 'An t-iascaire de bhunadh Chonamara a bhfuarthas a chorp i gCuan na Gaillimhe ainmnithe'

  • Braoin

    Go ndéana Dia trócaire air.
    :(