An t-iarThaoiseach Brian Cowen go dona tinn

Tuairiscítear go bhfuil an t-iarThaoiseach Brian Cowen go dona tinn in ospidéal i mBaile Átha Cliath

An t-iarThaoiseach Brian Cowen go dona tinn

Brian Cowen. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tuairiscítear go bhfuil an t-iarthaoiseach Brian Cowen ‘go dona tinn’ san aonad dianchúraim in ospidéal i mBaile Átha Cliath ó inné.

Chuir an t-iarThaoiseach babhta eile tinnis de san Aibreán nuair a buaileadh tinn é ag imeacht gailf i Leacht Uí Chonchubhair a d’eagraigh lucht Thithe an Oireachtais, idir theachtaí, iartheachtaí, na meáin agus oibrithe eile. Chaith sé roinnt laethanta san ospidéal i Luimneach an t-am sin agus tuairiscítear nach raibh sé ag fáil na sláinte leis le tamall.

Ghuigh an Taoiseach Leo Varadkar gach dea-ghuí ar Cowen agus dúirt: “Níl aon mhioneolas agam ach bhí mé sa Dáil le Brian Cowen ar feadh roinnt blianta agus tá súil agam go dtiocfaidh biseach air go luath.”

Toghadh Brian Cowen, atá 59 bliain d’aois, ina Theachta Dála do Laois-Uíbh Fhailí den chéad uair ar bhás a athar i 1984. Bhí sé ina Aire Airgeadais ar feadh ceithre bliana sular toghadh ina Thaoiseach agus ina cheannaire ar Fhianna Fáil é in 2008, post a bhí aige ar feadh trí bliana. Deartháir leis is ea an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Barry Cowen.

Fág freagra ar 'An t-iarThaoiseach Brian Cowen go dona tinn'

  • Eilís Uí Bhriain

    Fear uasail Brian, dea ghuí chuige

  • Pádraig

    guím gach rath air agus go dtaga se slán as an tinneas