An t-eolas is déanaí faoi phlean nuacht TG4 a scaradh ó RTÉ á lorg ag Coimisiún na Meán

D’fhéadfadh go mbeadh ceist neamhspleáchas TG4 ó thaobh cúrsaí reatha i measc na gceisteanna a bheadh á gcíoradh in athbhreithniú atá le déanamh ag rialálaí nua na meán

An t-eolas is déanaí faoi phlean nuacht TG4 a scaradh ó RTÉ á lorg ag Coimisiún na Meán

D’fhéadfadh go mbeidh an plean go mbeadh TG4 neamhspleách ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta mar chuid d’athbhreithniú cuimsitheach atá le déanamh ar an soláthar don Ghaeilge atá sna meáin.

Dúirt an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán, Rónán Ó Domhnaill, inniu go bhfuil sé chun scríobh go luath chuig an dá stáisiún le fáil amach cén dul chun cinn atá déanta sna cainteanna atá ar siúl faoi sheirbhís nuachta TG4 a scaradh ó RTÉ.

Nuair a gheobhaidh an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán freagra ó RTÉ agus TG4, cuirfidh sé Roinn na Meán ar an eolas faoi.

Ag labhairt dó le Tuairisc inniu, dúirt an Coimisinéir go bhféadfadh sé tarlú ina dhiaidh sin go mbeadh ceist an neamhspleáchais i measc na gceisteanna a bheadh á gcíoradh san athbhreithniú atá le déanamh ar an soláthar Gaeilge sna meáin.

Ghlac an Rialtas an samhradh seo caite le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Ach ní cosúil go bhfuil mórán dul chun cinn déanta ó shin sa phlé faoin moladh sin.

De réir an phlean oibre nua a d’fhoilsigh Coimisiún na Meán inniu, is i mí Mheán Fómhair a chuirfear na sonraí ar fáil faoin athbhreithniú atá le déanamh ar na meáin Ghaeilge ag an gCoimisiún nua.

Tá cuid mhaith cainte faoi sheirbhís nuachta TG4 ó glacadh leis an moladh go mbeadh an stáisiún neamhspleách ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha.

Faoi láthair, is é RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4. Déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.

Tuairiscíodh níos túisce i mbliana go raibh imní agus fearg ar bhaill foirne Nuacht TG4 faoi phlean an stáisiúin go mbeadh a seirbhís nuachta neamhspleách go hiomlán ó RTÉ feasta.

Bhí míshástacht mhór i measc na foirne nuachta go háirithe faoi chaint a rinne Alan Esslemont, ardstiúrthóir TG4, ag cruinniú i dTeach Laighean.

Is i bplean gnímh nua a d’fhoilsigh an Rialtas a fógraíodh go ndéanfadh rialálaí nua na meán, atá tagtha in áit an BAI, monatóireacht ar an bplé idir an dá stáisiún faoin soláthar nuachta Gaeilge.

Dúradh i bplean an Rialtais go n-aithnítear go bhfuil buntáistí áirithe ag baint leis an socrú atá idir an dá stáisiún ó thaobh cúrsaí nuachta faoi láthair, ach gurb é atá ag teastáil ón Rialtas ná go n-aistreofaí chuig TG4 ‘ceannas iomlán eagarthóireachta’.

Fág freagra ar 'An t-eolas is déanaí faoi phlean nuacht TG4 a scaradh ó RTÉ á lorg ag Coimisiún na Meán'