Imní agus fearg ar fhoireann Nuacht TG4 faoi phlean neamhspleáchais

Tá fearg mhór ar bhaill foirne Nuacht TG4 faoin gcaint faoin tseirbhís a scaradh ó RTÉ agus iad den tuairim go bhfuil níos mó eolais á thabhairt go poiblí faoina gcás ná mar atá á thabhairt dóibh féin

Imní agus fearg ar fhoireann Nuacht TG4 faoi phlean neamhspleáchais

Tá imní agus fearg ar bhaill foirne Nuacht TG4 faoi phlean an stáisiúin go mbeadh a seirbhís nuachta neamhspleách go hiomlán ó RTÉ feasta.

Tá míshástacht mhór i measc na foirne nuachta go háirithe faoi chaint a rinne Alan Esslemont, ardstiúrthóir TG4, ag cruinniú i dTeach Laighean an tseachtain seo caite.

Ghlac an Rialtas an samhradh seo caite le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Tá an moladh sin á phlé ag TG4 agus RTÉ faoi láthair.

Dúirt Alan Esslemont an tseachtain seo caite gurb í an mhian atá aige féin agus ardbhainistíocht TG4 ná go mbeadh smacht ag an stáisiún “ar a acmhainní féin, nuacht san áireamh” agus go mbeadh lucht na nuachta fostaithe ag TG4 seachas ag RTÉ amach anseo.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 chomh maith go raibh súil aige go mbeadh torthaí an chinnidh scaradh le seirbhís nuachta RTÉ le feiceáil roimh dheireadh na bliana.

Dúirt sé go bhfeicfí faoi Shamhain, branda, leagan amach agus stiúideo nua ag an tseirbhís.

Tuigtear go raibh fearg mhór ar bhaill foirne Nuacht TG4 faoin gcaint sin agus iad den tuairim go raibh níos mó eolais á thabhairt go poiblí faoina gcás ná mar a bhí tugtha dóibh féin.

Chuir duine amháin de lucht bainistíochta Nuacht TG4, an Bainisteoir Teicneolaíochta, Ivor Carroll, tvuít amach ag cáineadh cur chuige an stáisiúin agus d’éiligh baill foirne cruinniú eolais faoin scéal le Príomh-Eagarthóir na Nuachta, Joe Reddington.

 

Chuir baill foirne a míshástacht faoin scéal in iúl don Phríomh-Eagarthóir ag an gcruinniú sin Dé hAoine seo caite.

Cháin baill foirne an easpa cumarsáide agus an éiginnteacht, dar leo, a bhain le cur chuige TG4 i leith na nuachta.

Cuireadh mioncheisteanna ar an bPríomh-Eagarthóir faoi phleananna TG4 agus RTÉ do Nuacht TG4.

Tuairiscítear go raibh an cruinniú ar easpa fíricí agus mionsonraí faoina bhfuil i gceist a dhéanamh leis an tseirbhís nuachta.

Gheall an Príomh-Eagarthóir don fhoireann go gcoimeádfadh sé ar an eolas iad faoi aon chor nua a tharlódh sa scéal a luaithe is a bheadh sé féin ar an eolas faoi.

Dúradh nach raibh aon chúis imní ag an bhfoireann.

Bhí fearg ar bhaill foirne chomh maith faoi ráiteas a rinne Cathaoirleach nua Bhord TG4, Anna Ní Ghallachair, ag an gcruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo caite.

Dúirt an Cathaoirleach nach raibh an stáisiún róshásta leis an gclár nuachta a bhí ann agus “go mb’fhéidir go raibh easpa téagair ann go pointe”, cé nach ar TG4 a bhí ann locht, dar léi.

Faoi láthair, RTÉ a chuireann Nuacht TG4 ar fáil do TG4. Déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.

Tá cainteanna ar siúl faoi láthair idir an dá stáisiún faoin soláthar sin agus tá ceist na nuachta i lár an aonaigh sna cainteanna sin.

Tuairiscíodh anseo an mhí seo caite go ndéanfaidh Coimisiún na Meán monatóireacht ar an idirbheartaíocht atá ar siúl faoi TG4 a bheith neamhspleách go hiomlán ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.

Is i bplean gnímh nua a d’fhoilsigh an Rialtas an mhí seo caite a fógraíodh go ndéanfadh rialálaí nua na meán, atá le teacht in áit an BAI, monatóireacht ar an bplé idir an dá stáisiún faoin soláthar nuachta Gaeilge.

Deirtear i bplean an Rialtais go n-aithnítear go bhfuil buntáistí áirithe ag baint leis an socrú atá idir an dá stáisiún ó thaobh cúrsaí nuachta faoi láthair, ach gurb é atá ag teastáil ón Rialtas ná go n-aistreofaí chuig TG4 ‘ceannas iomlán eagarthóireachta’.

Fág freagra ar 'Imní agus fearg ar fhoireann Nuacht TG4 faoi phlean neamhspleáchais'