Ar éirigh leis an bPáirtí Daonlathach Kamala Harris a chur i láthair an phobail agus tabhairt orthu vótáil di i dtús mhí na Samhna? Is beag aithne a bhí ar iarrthóir an pháirtí go dtí le seachtain agus tá maithe agus móruaisle na nDaonlathach ar a míle dícheall le cúpla lá ag iarraidh dul i gcion ar an bpobal.
Idir gharmhic le Jimmy Carter agus John Fitzgerald Kennedy, muintir Clinton agus muintir Obama, gan trácht ar an Uachtarán Joe Biden agus a mhuintir, is liosta le háireamh na Daonlathaigh aitheanta atá tagtha chun cinn le Kamala Harris a mholadh an tseachtain seo.
Ceann de na nithe is mó atá ag cur as do lucht a cáinte nach bhfuil mórán feicthe againn di le trí bliana go leith. Mar thoradh ar chúpla agallamh tubaisteach i dtús a téarma oifige, chinn comhairleoirí agus foireann an Tí Bháin gan Harris a scaoileadh amach i measc an phobail go rómhinic ar fhaitíos go ndéanfadh sí dochar d’údarás Joe Biden.
Níl aon rogha anois ach í a chur i gcroílár na n-imeachtaí ar fad. Tá ag éirí go maith léi go dtí seo, ach ní chiallaíonn sin nach bhfuil ceisteanna go leor á gcur faoina cumas a bheith mar uachtarán.
Cuirtear ina leith go mbíonn sí ag seachaint na meán cumarsáide agus nach bhfreagraíonn sí ceisteanna ó iriseoirí. Deirtear nach bhfuil aon eolas tugtha go fóill faoi na polasaithe a chuirfidh sí i bhfeidhm má thoghtar í. Tá an focal saoirse mar gháir chatha i rith na seachtaine i Chicago, ach céard a chiallaíonn sé sin?
Le go n-éireoidh le Harris agus a leathbhádóir Tim Walz an toghchán seo a bhuachan ní mór dóibh iad féin a dhealú de bheagán ó pholasaithe Joe Biden, chomh maith le Donald Trump a cháineadh. Tá go leor den tuairim gur fearg agus míshásamh le polasaithe Biden a chuir le tacaíocht Trump sna blianta seo caite. Léiríonn na hagóidí faoin Meánoirthear in Chicago le seachtain go bhfuil an cheist sin íogair agus go leor daoine óga sa bpáirtí oibrithe fúithi.
Tá a fhios againn faoin tráth seo go bhfuil cúrsaí ginmhillte lárnach i bhfeachtas Harris agus thairis sin, de réir an méid atá ráite aici féin, beifear ag díriú ar chiorruithe cánach don mheánaicme agus tacaíocht do ghnólachtaí beaga. Ach an leor ráitis ghinearálta faoi na cúrsaí seo leis na vótóirí a theastaíonn sna Stáit chinniúnacha a mhealladh chuici nó a thabhairt amach ag vótáil?
Níl aon amhras ach go bhfuil tacaíocht ag Kamala Harris óna páirtí agus ó réimse leathan pearsan aitheanta, ar nós Oprah Winfrey. Ach an leor sin leis na daoine ar fad a deir nach bhfuil aon aithne acu uirthi a mhealladh chuici? Níl aon amhras ach go bhfuil sí thar cionn leis na giotáin chainte i láthair slua, ach ní leor sin chun í a chosaint nuair a dhéantar iniúchadh ar a cuid polasaithe.
An éireoidh léi sa díospóireacht in aghaidh Trump ar an 10ú Meán Fómhair? Ní raibh aon rath ar a cuid iarrachtaí i ndíospóireachtaí nuair a chuir sí a hainm chun cinn i gcomhair thoghchán na bliana 2020.
Glacadh muid leis go mbeidh sí níos ullmhaithe an babhta seo. Tá an t-airgead ag leanúint a feachtais. Tá na gártha molta dá leanúint freisin faoi láthair.
Tá 75 lá den fheachtas le rith go fóill – obair go leor le déanamh agus iarracht mhór ag teastáil le go dtiocfaidh na neamhspleáigh agus iad siúd atá éiginnte amach ar son Harris. Tá obair mhór déanta an tseachtain seo leis an sprioc sin a bhaint amach – ní bheidh a fhios againn go dtí an 6ú Samhain ar éirigh leis an iarracht.
Kerry Blue
Airgead, sin polaitíocht Mheiriceá in aon fhocal amháin.
Agus ní in aisce a fhaightear an t-airgead.
Gabriel Rosenstock
“Ar éirigh leis an bPáirtí Daonlathach Kamala Harris a chur i láthair an phobail agus tabhairt orthu vótáil di i dtús mhí na Samhna?” arsa Máirín.
Dá mbeinnse i mo Mheiriceánach, ní thabharfainnse vóta di. Is muradóirí iad go léir, faraor, ceannairí Mheiriceá ar an dá thaobh. Agus admhaíonn siad féin gur ar son an fhórsa mharaithe atá siad. An lámh láidir abú! I bhfocail Kamala:
“And America, we must also be steadfast in advancing our security and values abroad. As vice president, I have confronted threats to our security, negotiated with foreign leaders, strengthened our alliances and engaged with our brave troops overseas. As commander in chief, I will ensure America always has the strongest, most lethal fighting force in the world. And I will fulfill our sacred obligation to care for our troops and their families, and I will always honor and never disparage their service and their sacrifice. ”
Foinse: https://archive.is/ZsWgr#selection-5281.0-5281.524
Nuair a léimse polaiteoirí Mheiriceá ag scaothaireacht mar sin, fiaraímse díom féin, ‘An preasráiteas é seo ón té a bheidh (gach seans) ina hardcheannasaí ar fhórsaí armtha Mheiriceá, nó an greannán fantaisíochta atá á léamh agam?’
Féach go ndeir sí gur mhaith léi cúrsaí slándála agus luachanna Mheiriceá a leathnú thar sáile.
An bhfuil muintir na hÉireann, léitheoirí Tuairisc ina measc, chun tacu léi d’fhonn na haidhmeanna sin a chur i gcrích, Árfort (sic) na Sionainne a bheith oscailte dóibh, aithris a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl i Meiriceá i réimsí oideachais etc., ceol, scannáin, cúrsaí bia agus itheacháin, cúrsaí gnó agus teicneolaíochta, cúrsaí faisin agus gach gné eile den Mheiriceánú atá ag tarlú ar fud na cruinne le breis is céad bliain anuas? É sin go léir a neartú? Nach deas an féirín a bheadh ansin dár ngarchlann!
Beidh tionchar áirithe ag Meiriceá orainn go deo agus bheadh sé áiféiseach gach gné de a cháineadh. Ach má deir Kamala go bhfuil sí chun an tionchar sin a neartú thar sáile – Meiriceánú über alles – nach bhfuil sé in am againne dúiseacht as támhnéal fada agus an caife a bholú (más Starbucks féin é)?